1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 Baile

Coiscéim Logo Dearg

WWW.COISCEIM.IE

coisceim[a]coisceim.ie

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR.

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: coisceim[a]coisceim.ie    BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR AN LIOSTA !


SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

BARR (Top) BAILE (Home)

Téacs Declan Collinge

            Téacs
   Teachtaireacht Téacsa         Declan Collinge

Cnuasach filíochta ina bhfuil níos mó ná 60 dán, maisithe le léaráidí deasa ó pheann Julie Potter.
Clúdach: Julie Potter - 71 lgh
2007.02
7.50

Krishnamurphy

           Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad     Gabreil Rosenstock
Sár-saothar neamh-ghnáthach lán le Haiku is Filíocht. Sruth na h-intinne atá éachtacht agus cliste. Krishnamurphy arís ag tuairiciú go fileata ó Bhagdad.
Clúdach:
Valerie Seery - 100 lgh
2007.3
7.50

 Grá mo Chroí Mo Valentín le Mícheál Ó Ruaic 2007

        Grá mo Chroí, mo Vailintín
      Mícheál Ó Ruairc

Úrscéal romansúil ghrá idir Deirdre & Rónán lán le paisean & eachtraí saol.
Clúdach: Valerie Seery - 68 lgh - 2007.07
7.50

Dialann Anama

        Dialann Anama
     Gabriel Rosenstock

Dialann idirghníomhach & ábhar macnaimh le haghaidh 52 seachtain.
Clúdach: Ganesh, Gáirdíní Náisiúnta Ghleann Bheithe - 118 lgh - 2007.06
7.50

2007

 

Réabhlóid Uí Chonaire

  Réabhlóid Uí Chonaire   Aindrias Ó Cathasaigh
Beathaisnéis pholaitiúil Phádraic Uí Chonaire atá sa leabhar seo. Bhain sé an chéad duais Oireachtais 2006 amach.
Clúdach: Catherine Lyons - 223 lgh
2007.05
- 15 Euro


Focal Sa Chúirt Court Terminology in Irish

     Focal sa Chúirt
 Leachlann S. Ó Catháin

Bailiúchán d'fhocail, de théarmaí dlí agus de theilgin chainte an dlí le h-aistriúcháin. Foclóir Gaeilge go Béarla agus Béarla go Gaeilge. Leabhar riachtanach d'abhcóide nó dlíodóir ar bith. Oiriúnach do breithimh fiú.
Clúdach: Valerie Seery - 256 lgh - 2007.01 - Cúigdéag Euro Quinze Euro Fifteen Euro

Athrú Mór 2007

       An tAthrú Mór
    Pádraic Ó Conaire

Tabharfaidh an chnuasach seo deis don chéad uair tuiscint cheart a fháil ar shóisialachas Uí Chonaire.
Eag: Aindrias Ó Cathasaigh
Clúdach:
Rúiseach éigin - 56 lgh - 2007.04
12 Euro

 

Imirce na nIarlaí
      Imirce na nIarlaí
     Marcus Ó Murchú

Aistriúcháin agus nótaí ar léacht leis An gCairdinéal Tomás Ó Fiach. Turas na nUaisle Gael as Éireann 1607-1608. Leabhar stairiúil den scoith.
Clúdach: Seán Ó Brógáin - 168 lgh - 2007.14 - 10 Euro money sterling £7.50 Dollar Yen amount airgead argent

 

 

 


                                          Banríon Bess

 An Bhanríon Bess agus Gusaí Gambín
 Biddy Jenkinson & Ribo
"Lios na gCat agus Chathar Phúca abú."
Scéal aoibhinn do pháistí faoi
ghaiscaíocht le linn chosaint
Lios na gCat
Clúdach:
Ríbó
223 lgh

2007.13
Deich Euro Dix Euro Dici Euro Ten Euro Bargain Book

Gradam Reics Carlo Rex Carlo Shortlist Book Prize
Oideas Gael Logo
Raidio Fáilte Raidio Failte Raidio Failte 107.1 FM Internet Radio Irish Internet Radio Raidio Idilín Gaeilge
Club an Chonradh Logo

antionscadal150

An Tionscadal
Tomás Mac Síomóin
"Go maire sibh an dhá chéad." An Dr. Daithí Ó Gallchóir ar eachtra tríd sléibhte is bailte na Catalóine ina thóir ar an mbeatha síoraí. An Chéad Duais san Oireachtas 2006 !
Clúdach: Steve Leary - 208 lgh - 2007.10
7.50
     Breandán Ó Doibhlin
     Saol agus Saothar

Seo céiliúradh air mar scríbhneoir iomráiteach eisearmláireach agus éigeas léannta as Tír Eoghain. Aistí atá bunaithe ar léachtaí a tugadh ag Éigse 2006 i nDoire.
Clúdach: Daire Ó Beaglaoich -
132 lgh -
2007.09
- 7.50

Saol agus Saothar

Smaointe
Coimisinéir Teanga
anliusachuan150
An Liú sa Chuan
Áine Uí Fhoghlú
Tá spiorad flaithiúil uile-ghabhálach ag borradh sna 47 dánta sa leabhar seo. Más ansa leat an áileacht sa dán leathnach i ndiaidh leathnach, ní bheidh díomá ort sa chnuasach seo. Clúdach: 'Aos Sí' = Liadain Ní Fhoghlú - 92 lgh - 2007.29 - 7.50
Manuail Litriocht na Gaeilge
Manuail de Litríocht na Gaeilge Faisicil III. An "Lá idir dá Shíon:" 1616 - 1641
Breandán Ó Doibhlin
An 3ú h-eagrán sa sraith de Manuail ag leanúint an modh oibre & an chuspóir an dá chuid a chuaigh roimhe. Seo saothar eisceachtúil ar stair na litríochta.
Clúdach: Valerie Seery - 252 lgh - 2007.16 - 7.50

feilire calender calendrier 2008

Féilire 2008
Tá dánta le Mícheál Ó Ruairc, Réamonn Ó Muireadhaigh, Cliodhna Cussen, Áine Ní Ghlinn, Siobhán Ní Shíthigh, Máire Ní Dhomhnalláin agus Louis de Paor san Fhéilire seo atá maisithe ag Pádraic Reaney
Leagan Amach: Cliodhna Cussen
- 2007.26
ceathar quattro quatre four
Macallaí na Cásca Easter Rising 1916

Macallaí na Cásca 6
An Réabhlóid mar Ghníomh Dínite le Alan Titley

An dtagann saoirse le náisiúnachas? Cad is Náisiúnachas ann, pé ar bith? Ag plé an dá bhrí le 'indibhidiúil' agus náisiúnachas i measc na gCultúir uilig.
Clúdach: Ruth Cussen - 252 lgh - 2007.08 - 7.50
Colm Mac Conlaola Dioltas Millteach Scoir Eachtra Donall O Dubhgaiill

Díoltas Millteach Scoir
Colm Mac Confhaola

Tá galar marfach á scaipeadh ag na sceimhlitheoirí ar fud an Domhain. Imní mór ar na rialtais an Iarrthair. Lucht sláinte faoi bhrú an díoltas millteach scoir. Ní bheidh tú ábalta an leabhair seo a chuir uait go dtí an leathnach deiridh. Scéal breá láidir.
- 291 lgh
- 2007.18 -
€10 £7.50

 

Bás is Beatha ar Bhóthar Creagach Béal Feirste Belfast Irish Gaeilge
Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach
Gabhán Ó Fachtna
Cnuasach de ghearscéalta faoi imeachtaí an tsaoil ón scéalaí dúshlánach as Béal Feirste. Sár obair chuimsitheach.
- 252 lgh - 2007.17
7.50

An Teorann Bheo
An Teorainn Bheo
Ceaití Ní Bheildiúin
Anseo tá breis agus 32 dánta den prose is filíocht ab áille a léifí tú aon áit. Tá sár-úsáid na teanga ag Ceaití agus cuireann sí é seo i bhfeidhm orainn agus muid ag léamh tríd na dánta cliste gleoite san leabhair.
Clúdach: Ruth Cussen - 48 lgh - 2007.23 - 7.50
Breac a Mhuiltein Maoilios Caimbeul Gaidhlig na hAlban Danta
Breac A' Mhuiltein
Spéir Dhroim an Ronnaigh Maoilios Caimbeul
& Rody Gorman
1974 - 2006 Cnuasach dhánta ghalánta Ghàidhlige le Maoilios Caimbeul. Eadar-theangachaidhean bho Ghàidhlig na h-Alba gu Gaeilge le Rody Gorman.
Clúdach: Ruth Cussen - 340 lgh - 2007.21
Aibhléis Stair History of Electricity
Aibhléis le Mícheál Ó Bréartúin
"Dynamo" atá sa leabhar suimiúl seo faoi stair Leictreachas in Éirinn ach go háirithe. Tá an leabhar seo lán le cur síos ar fhorbairt Bord Soláthair Leictreachas agus buíochas do Thomas Edison, Alexander Graham Bell agus Marconi i measc na laochra leictreach a bhronn éifeacht na cumhachta ar an domhain
Clúdach: Daire Ó Beaglaíoch Graftrónaic
352 lgh - 2007.20
- €10 £7.50

 

Iníon an Oileáin
Seán Ruiséal & Iníon an Oileáin
Seán Ó Connor
Scéal Bhleachtaire a bhuaigh an chéad duais in Oireachtas 2006 le haghaidh ficsean. Sáraíódh an chóras slándála agus briseadh isteach in oifigí ELF. Tá bean marbh ina oifig. Ach léiríonn an dialann go raibh saol aisteach rúnda aici. Tá Cigire Bhleachtaire Seán Ruiséal ar an gcás ar thóir an té a bhfuil ciontach.
- 112 lgh - 2007.24
7.50 Euro euro money amount
Macbeth Mac Bheatha Tragéide Tragedy
Traigéide Mhic Bheatha (William Shakespeare)
S. Labhrás Ó Súilleabháin a d'aistrigh go Gaeilge Nicholas Williams a chuir eagar air.
Is sa chló Gaelach agus sa sean-litriú a bhí eagrán Uí Shúilleabháin i 1925. Tá sé curtha i gcló rómhánach agus i gcaighdeán na Gaeilge anois don lae inniu. . . The Tragedy of Macbeth - An dráma clúiteach seo i nGaeilge nua-aimsire na linne seo. Tá sé réidh don stáitse Gaeilge Gaelach arís..
Clúdach: Valerie Seery - 252 lgh - 2007.28
- 7.50
Ó Cadhain i dTír Chonaill RTÉ Radio na Gaeltachta
Ó Cadhain i dTír Chonaill Pádraig Ó Baoighill
Cnuasach de 24 scéal anseo a thaifead Máirtín Ó Cadhain & Pádraig Ó Baoighill i 1957. Tá athscríobh & eagar curtha orthu san leabhar iontach seo. Béaloideas Gaeltachta tuaiscirt le diosca na dtaifead ina chuideachta.
- 350 lgh - 2007.12 - Cúigdéag Euro Quinze Euro Fifteen Euro
Slabhra gan Briseadh
Rhetoric of Beauty
An Slabhra gan Briseadh
Tom Hodgins
Cuir síos ar bhfilí, an fhilíocht i Rann na Feirste le 200 bliain anuas. Filíocht faoin Stair, mar phaidreacha cúrsaí grinn, caitheamh aimsire agus, ar ndóigh, déanamh poitín.
Clúdach: Eric O'Neill - 192 lgh - 2007.19 - 10 Ten Deich Euro euro  Dix money airgead amount

Éire agus An Eite Chlé
Risteard Ó Glaisne

Saothar staire an-thabhachtach cuirthe in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. Liobarálachas, Cumannachas, Sóisialaigh Poblachtaigh agus na Laochra a chosain ár gcearta i nÉirinn. Karl Marx, Máirtín Ó Cadhain, Séamus Ó Conghaile, Séamus Ó Lorcáin agus neart eile a bhí bainteach le ghluaiseacht an eite chlé in Éirinn.
Clúdach: Craobh Br. na Seanchille den Chomhdháil Phoblachtach ag siúl go dtí uaigh Wolfe Tone, 1934
- 352 lgh - 2007.25
10 Euro
Fearann Pinn Filíocht Poetry Gaeilge Irish Irland Irlanda Gailisch Gadhlig Danta Dánta100 years of Irish Poetry
Fearann Pinn Filíocht 1900-1999
Eagarthóir: Gréagóir Ó Dúill
Ceithre chéad leathnach den chnuasacht filíochta is cuimsithí in Éirinn. Tá liosta iomlán de na bhfilí ar fáil ach lean an nasc ón chlúdach ar chlé. Ath-chló ar an tsaothar iontach seo ó thús na mílaoise.
Clúdach: Áine Ní Dhubhshláine - 412 lgh - 2007.39 - £10  €15 Money Airgead Argent

AS CLÓ
Dréacht Chrích Fódla Pádraig Ó Cíobháin
Dréachta Chrích Fódla
Pádraig Ó Cíobháin
Seo an chéad imleabhar ina bhfuil leagannacha i nGaeilge na linne seo de scéalta ó litrócht meánaoise na hÉireann. Cá bhfios nach ó crann go crann a d'eitil sé go ceann cúrsa, dála an hipitéise úd a luadh sa téacs fé léaslíne i ndréacht eile de Dréachta Chrích Fódla.
Clúdach: Valerie Seery - 635 lgh - 2007.37
Clúdach Bog = £10  €15 Money Airgead Argent: Clúdach Crua = 20

200+ Tréanna 200 Treanna Triads

200+ Tréanna
Breandán 'ac
Gearailt
Trí nithe nach féidir a cheilt:
Tart, Tochas & Ocras.
Trí nithe nach féidir a fhoghlaim:
Guth, Féile & Filíocht

Tá 200+ eile sa leabhar seo, ag leanúint leis an sraith aige go dtí seo; 2000+Ceist, 500+Mallacht, 500+Beannacht. Cuir le do fhoclaíocht! I nGaeilge & Béarla
Clúdach: Valerie Seery - 50 lgh - 2007.30
7.50 Euro 

faoinbhratachdhearg Faoi Bhratach Dhearg Red Banner Aistí Essays

Faoin Bhratach Dhearg
Red Banner
27 aistí, a fhoilsíodh san iris shóisialach Red Banner, le Colm de Faoite, Tomás Mac Síomóin, Pádraig Ó Snodaigh, Karl Marx, Máire Ní Chonchubhair, Aindrias Ó Cathasaigh, Pól Ó Grádaigh, Life, Eugène Edme Pottier, File na Fírinne ...
Eag: Aindrias Ó Cathasaigh
Clúdach: El Lisitski 1919 - 208 lgh - 2007.32 - 10 Euro money sterling £7.50 Dollar Yen amount airgead argent

 

 

 

 

 

 

 

 

Céal agus an Buachaill Gorm Fíoreachtraí Chéil Sandy Fitzgerald Oscar Garcia Lopez Colm Ó Snodaigh

Fíorscéalta Céil le Sandy Fitzgerald
Céal & An Buachaill Gorm
Scéalín draíochta do pháistí óga é seo atá maisithe le léaráidí daithiúla ó Oscar Garcia Lopez. Aistrithe go Ghaeilge ag Colm Ó Snodaigh. Tá buachaill gorm tar éis teacht ar scoil agus tógann sé a chara Céal ar eachtra chuig a thír féin. Fan go gcloisfidh tú faoi seo! . . . 6 - 10 mbliana
Clúdach: Oscar Garcia Lopez - 32 lgh - €10 Ten Euro Deich Euro Dix Euro

 

 

Na Déithe Bréaga Pádraig Ó Gallchóir
Na Déithe Bréige
Pádraig Ó Gallchóir
Seo an chéad úrscéal uaidh. Bíonn timpist ag lad óg tar éis dó carr a ghoid, tuirlingíonn sé i saol aisteach anaithnid. Tá an pobal scoite ón saol mór ag an sneachta agus tá an rialtas ann ag éirí sotalach. Tá dia sóisearach ag iarraidh cuidiú leis, áfach, gan trácht ar an spéirbhean lena thaobh. Scoth na samhlaíochta atá san úscéal seo. Leabhar iontach gur fiú a léamh...
Clúdach: Marcelo Biglia - 102 lgh - 2007.42 7.50

Carraig an Bháis Colm Ó Ceallaigh
Carraig an Bháis
Colm Ó Ceallaigh
Úrscéal bríomhar faoi fear óg a gcaithfidh dul ar imirce ó Chonamara le slí beatha a bhaint amach. Is máthair aonar í a chara sa bhaile, ach seans gur mó ná cáirdeas atá eatarthu. Maidir lena gcáirde Ultacha, níl aon éalú acu ó na trioblóidí atá faoi lánseol. Téann siad ar fad ar saoire tríd an Spáinn. Is iontach gach a fheiceann siad, ach an bhfuil dream á leanúint?

                
176 lgh - 2007.36 -

Clúdach: Gibraltar = 7.50
An Dorn Iata Diarmuid Ó Gráinne Diarmuid O Grainne Scéal na Dornálaíochta The Boxing Story
An Dorn Iata
Diarmuid Ó Gráinne
Tugann an leabhar seo insint bhríomhar ar scéal na dornálaíochta. Tá cuntas buille ar bhuille ar na comhraic stairiúla le pictiúir de na trodaithe móra. Úsáideann an t-údar a aithne pearsanta le cur síos ar ghaiscigh Chonamara Máirtín Thornton agus Seán Ó Mainnín. Na 'Heavyweights'
Clúdach: Seán Ó Mainnín ag troid Mike McCallum - 208 lgh - 2007.34                        8 Euro
An Deamhan Anraí Mac an Ultaigh Anrai Mac an Ultaigh
An Deamhan
Anraí Mac an Ultaigh
Is cuid riachtannach den leabhar é an pictiúr clúdaigh, chomh tabhachtach le caibidil ar bith. Is cuid den leabhar an íomhá. Is cuid den íomhá an leabhar. Á léamh seo, téigh siar ar gach dara leathnach agus amharc ar an phictiúir sin agus iarr ort féin an é sin an duine atá sa leabhar? An úrscéal is nua ó phinn Mhic an Ultaigh le 3 bhlian anuas.
Clúdach: Anraí Mac an Ultaigh - 112 lgh - 2007.43 - 7.50

An Góstfhear The Ghost Man Zhang Yé Yu Jianzhong Paddy Bushe Gabriel Rosenstock
An Góstfhear The Ghost Man
Zhang Yè
Sínis: Zhang Yè - Gaeilge: Gabriel Rosenstock
Béarla: Yu Jiànzhōng & Paddy Bushe
I bhFómhar 2000 thug roinnt de Chumann Scríbhneoirí Síneacha cuairt ar Éire. Ina measc bhí Zhang Yè. Seo saothar 40 bliain dena cuid filíochta i 3 teanga. Tá níos mó ná 80 dán aici a bhfuil draíocht na nOirthear iontu. Tá spioradáltacht láidir sna dánta a neartaítear an beocht agus bríomhaireacht a gcur i láthair
.      
Clúdach: Valerie Seery - 256 lgh - 2007.40 - 7.50
Na Seolta Bána Na Seolta Bana Michael Mullen
Na Seolta Bána
Michael Mullen
Saol crua atá ag Siobhán, Dónall agus a máthair, Seans ann go n-athróidh a n-uncail Breandán é sin. Aimsíonn sé ciste luachmhar faoin fharraige, agus ní airgead amháin atá ann. Le cabhair ó seanchara agus na páistí, tá súil aige an mhaoin a fháil ón long bhriste. Ach tá bithiúnach idirnáisiúnta ar thóir ar an chiste céanna. An bhfaighidh sé greim air i dtús? Beidh suim ag daoine óga sa scéal breá seo.
Clúdach: Cliodna Cussen - 64 lgh - 2007.447.50

Fothair na Manach Caoimhín Ó Cinnéide ,Tomás Ó Ciobháin Edna Ní Chinnéide
Fothar na Manach
Caoimhín Ó Cinnéide
Múinteoir, iascaire, gníomhaí pobail agus file ab é Caoimhín Ó Cinnéide. I ndiaidh a bháis foilsíodh cnuasach dá chuid dánta. Tá an tóir air go fóil ón lucht ceoil agus é as cló le fada. Seo eagrán nua den chnuasach, le dánta breise, aistí is grianghrafanna curtha leis. Scaip Caoimhín a líon go fairsing, agus tá na seoda luachmhara a rugadh san eangach le fáil arís anseo.                     
Clúdach: - 2007.49 - 256 lgh - 7.50
Seán Óg Máirtín Maidhc Dainín Ó Sé Sean Og Mairtin Maidhc Dainin O Se
Seán Óg Máirtín
Maidhc Dainín Ó Sé
Scéal farraige eile í seo faoi Seán Óg nár thuig an cor cinniúnach a tháinig ina shaol nuair a chuir sé chun farraige ar rafta seoil a thóg sé féin i ngan fhios dá mhuintir. I ndiaidh tubaist agus é i gcóngar báis ag seoladh le taoide Atlantach tagann an long Santa Maria chun tártháil. Ach níl cuimhne ar a dhath nó ainm aige. Eachtra don aos óg.
Clúdach: Cliodna Cussen - 136lgh - 2007.427.50
An Beaslaíoch Piaras Béaslaí 1881-1965 Percy Beazly Irish VolunteersÓglaigh na hÉireann Oglaigh na hEireann
An Béaslaíoch
Pádraig Ó Siadhail
Beathaisnéis chriticiúil ar scéal eachtrach Maorghinearáil Phiaras Béaslaí (1881-1965) Bhí sé ann mar Theachta Dála nuair a tháinig an Chéad Dáil le chéile. Bhí sé ann nuair a dhaignigh Dáil Éireann an Conradh Angla-Éireannach. Ba i saol na Gaeilge agus polaitíocht ba mhó a raibh ról lárnach aige.Clúdach: Piaras Béaslaí / Percy Beasley
- 1144 lgh - 2007.54
Triocha Euro Thirty Trente
Odáise Ghael Meiriceánach Irish American Odessy
Oidáise Ghael-Mheiriceánach
Ciaran Ó Coigligh
Scéal faoi choraí crua an tsaoil a bhaineas d’óigbhean as Inis Meáin, Sibéilín Threasa, a gcaitear go dona léi agus a gcuirtear i gcontúirt báite í. Is iad Inis Meáin agus Nua Eabhrach áiteanna a dtarlaíonn eachtraí an leabhair seo. Is díol suntais an chaoi a sroicheann Sí Nua Eabhrach. Tá léargas gléineach ar a saol i Harlem mar bean glantacháin ar dtús is mar bean ghnó ar ball.
304 lgh - 2007.55 - Clúdach: Dáithí de Brún - 7.50
Paella is Piementos Sevilla Barrio Santa Cruz Padraig G O Laighin
Paella is Pimientos
Pádraig G. Ó Laighin
Is iomaí smaoineamh a dhúisíonn cuairt ar Sevilla in Andalúis na Spáinne. Ilghéitheacht na h-áite, macallaí láidre na staire ann, cosúlacht agus éagsúlacht le saol na hÉireann. Cuntas tarraingeach machnamhach atá anseo ar áit a mheall na mílte daoine riamh
64 lgh - 2007 - 50 - 7.50

Éan Corr Frainc Ó Murchadha Johnswood Press
Éan Corr
Frainc Ó Murchadha
   Fear nua is ea Firdia Mac an Ultaigh i gCúl Glas, baile beag i gContae Thiobraid Árainn agus tá siopa nua oscailte aige. Fear é a chaitheann a shaol de réir prionsabal fealsúnachta ón gcianoirthir. Pléann an t-úrscéal seo an choimhlint idir an dearcadh sin agus tuairimíocht is leithleas choiléain an Tíogar Ceilteach. Cuireannn beirt bhan ón mbaile an-spéis ann. Bíonn air rogha a dhéanamh eatarthu. An mbeidh sé i ndán déileál leo?  €10 Ten Euro Deich Euro Dix Euro 256 lgh - 2007.46
Colomba Prosper Mérimée Cormac Ó Cadhlaigh Columbia Prosper Merimee
Columba Prosper Merimée
(Gaeilge: Cormac Ó Cadhlaigh 1929)
An leagan seo: Nicholas Williams
D’fhoilsigh Prosper Merimée (1803-1870) bunleagan an leabhair seo i bhFraincís i 1840. Úrscéal faoin gCorsaic cúpla bliain tar éis titim Napoléon. Tá polaitíocht, stair agus béaloideas á léiriú ann. Is í Columba banlaoch an leabhair, cailín fírinneach bréagach, cineálta cruálach, grámhar agus ite ag an fhuath. Tá an-ghluaseacht san insint.

Clúdach: Maisiúcháin le Gaston Vullier - 184 lgh - 2007.51 12 Dódhéag Twelve Douze
Ceart nó Mícheart Seán Ó Ruadháin i bhFeasta Sean O Ruadhain in Feasta Magazine
Ceart nó Mícheart
Liam Mac Peaircín
Is iomaí conspóid a mhuascail Seán Ó Ruadháin (1883-1966) ina alt rialta “Ceart nó Mícheart” san iris Feasta, idir 1960-1965. Ina measc siúd a chuaigh chun spairne leis bhí: Muiris Ó Droighneáin, Pádraig Ua Maoileoin, Máirín Ní Mhuirgheasa, Brian Mac Giolla Phádraig agus Eibhlís Ní Chróinín. Idir shaibhreas Gaeilge agus litríocht ann, níor mhiste aire a dhíriú ar phlé spleodrach eile i stair na hirise sna 1960í. 12 Dódhéag Twelve Douze
334 lgh - Clóchur: Pádraig Mac Fhearghusa - 2007.57
An Blas Muimhneach Breandan ac Gearailt Amhráin Ciarraí Songs from Kerry
An Blas Muimhneach 1
Breandán 'ac Gearailt
Seo é an chnuasach d'amhráin is chuimsithigh ó Chúige Mumhain. Tá suas le 146, idir amhráin is fhilíocht, bailithe le chéile anseo. Ag tosú le amhráin de chuid; Séamus ‘An Spailpín’ Ó Muircheartaigh a shaol agus a mhuintir, ag leanúint le amhráin eile ó Chorca Dhuibhne, amhráin mhóra is éadroma, amhráin faoin fharraige agus amhráin ó thall is abhus sa Mumhan.
240 lgh
- 2007.52 12 Dódhéag Twelve Douze
An Seanóir Der Alte Mann The Old Man Gunter Kunert Gedichte Poems Dánta German Poetry
Der Alte Mann/The Old Man/An Seanóir le Günter Kunert / Hans- Christian Oeser / Gabriel Rosenstock
Gedichte - Poems - Dánta. Filíocht ón Gearmáinis go Béarla go Gaeilge. Trí leagan ar phraghas amháin! Sna dánta seo tugann an file aghaidh ar a dhán is ar a chinniúint ar staid na seanaoise; ag dul in aois. Féin-phortráid chorraitheach den fhile mar Oisín i ndiaidh na Féinne. 12 Dódhéag Douze Twelve
Clúdach: Gunter Kunert - 184lgh - 200.33
Dúirt Bean Liom Maire Ní Néill
Dúirt Bean Liom
Máire Ní Néill
Tá dáréag ban faoi agallamh sa leabhar seo. Áine Uí Cheallaigh, Anna Heussaff, Bairbre de Brún, Bríd Cranitch, Catherine Foley, Celia de Fréine, Cliodhna Cussen, Cliodhna Ní Anluainn, Máire Ní Bheaglaoich, Mary Hanafin, Mary Upton & Sorcha Ní Riada. Ag caint faoina saol, a ndearcadh, cúrsaí tíre & eile. Mná spreagúil, dearfach & misniúil.
- 160 lgh - 7.50
- 2007.11
Mórbhealaí agus Cúlbhealaí Ainmneacha ar dhúlra na hÉireann Names of Flora and Fauna Plants in Ireland Fergus Ó hÍr
Mórbhealaí agus Cúlbhealaí
Fergus Ó hÍr
Tá 189 grianghraif agus tuairiscí anseo ar bhláthanna fiáine atá ag fás in Éireann, san páirceanna, cois bóithre, sna cluainte is eile. Tá na hainmneacha i nGaeilge agus Laidin agus cuideoidh an tuairisc ar gach phlanda le léitheoirí sult a bhaint as an leabhar seo ar a gcuid taistil féin. Tá an leabhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil suim acu ainmneacha a chur ar phlandaí a fheiceann siad agus iad amuigh faoin spéir.
Clúdach: Barra Ó Loinsigh - 194 lgh -2007.48 - £10  €15 Money Airgead Argent
Cathracha Cities Global Cities Capital Cities Eoghan Ó Néill
Cathracha
Eoghan Ó Néill
Pioc do rogha ceann de 17 cathair agus cuir aithne uirthi i leathnaigh an leabhair seo. Tógann Cathracha muid ar chamchuairt ar chuid de na cathracha is mó a bhfuil dúil ag turasóirí Éireanacha iontu;. Barcelona, Amsterdam, Cóbanhávan agus Prág. Tá léargas ar chuid de chathracha Oirthear na hEorpa: Liúibléana, Taillinn, Sairéavó is Vilnias. Nó níos faide ó bhaile go; Havana, Johannesburg, Tehran agus New Orleans.
208 lgh - Clúdach: Eoghan Ó Néill - 2007.53 = £10  €15 Money Airgead Argent
Catlóg Leabhair Book Catalogue Irish Books Coisceim book catalogue
Catalóg 2005-2006
Deáscéalta, Úrscéalta, Béaloideas, Filíocht, Stair, Bliainiris, Foclóir, Léachtanna, Altanna, Aistí, Drámaí, Prós, Seanchas, Oidhreacht, Féilirí, Ficsin, Gearrscéalta, Sleachtaí, Sliochtanna, Duanairí, Amhráin, Aistriúcháin, Seanfhocail, ag léiriú líofacht liteartha. 100+ leabhair i nGaeilge a d'fhoilsigh Coiscéim sna blianta 2005 is 2006.
Clúdach: Valerie Seery
Clóchur: Feargus Ó Snodaigh - 48 lgh - 2007.15 AS CLÓ
Roy Keane Peileadóir is fearr Football Footballer Irish Soccer Manchester United
An bhfaca Éinne agaimh Roy Keane?
Mícheál Ó Ruairc
Is saothar úr, neamhghnách, spreagúil é seo do dhaoine óga. Tá scéal ann a choinneoidh aird an léitheora óig ón gcéad chaibidil go dtí an chaibidil dheiridh. Má tá dúil millteanach agat sa sacar beidh dúil agat sa leabhar seo. Ficsean do aoisghrúpa 13-15.
Clúdach: Velerie Seery - 64 lgh - 2007.27 coisceim.com 7.50
An Túr Solais
Ríona Nic Chongáil
An bhanríon Danú Dhána a rialaíonn Tír na mBan. Fuadaíonn sí a gar-iníon Saoirse ach téann Luan, deartháir Saoirse, ar a lorg. Bealach contúirteach iontach go dtí an Túr Solais. Cathfidh Luan an lámh in uachtar a fháil ar Dhanú Dhána lena dheirfiúr a shaoradh. Bhain an leabhar seo an chéad duais san Oireachtas 2004 mar leabhar don óige. Athchló                      
Clúdach: Sharon O Grady - 76 lgh - 2007.34 - 7.50
An Túr Solais Ríona Nic Chongáil Duais Oioreachtais 2004
BARRBarr Top Haut suas up
BARRBarr Top Haut suas up
BARR (Top)BAILE (Home)
Súil Seilge Domhnall Mac Síthigh Sceilg Mhichíl go Eilean Bharraigh
Súil Seilge
Domhnall Mac Síthigh
Cnuasach breá filíochta le breis is 50 dán é seo – tuiscintí sinseartha nasctha le torthaí a dhomhainmhachnaimh mar aon le braistintí a shaoil i measc a mhuintire i gCorca Dhuibhne. Tá léire ar leith ina léargas ar fhírinní loma an tsaoil sin , i gcóngar is i gcéin ón Sceilg go hEilean Bharraigh
80 lgh - 2007 - 56 - Clúdach: Liam Ó Neill
AS CLÓ
BARR

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR