Dea-Chaint John Gráinne agus a chairde Friotal na Gaeltachta bailithe agus eagraithe ag Tom Hodgins Tom Hiúdaí Rann na Feirste Gaoth Dobhair
Dea-Chaint John Ghráinne & a Chairde
Tom Hodgins
Tá cáil ar Ghaeilge John Ghráinne Ó Duibheannaigh i Rann na Feirste agus go deimhin, níos faide i gcéin. Tá bailiúchán de bhFriotal na Gaeltachta cnuasaithe ag Tom Hiúdaí sa leabhar seo. Conas na mothúcháin a chur in iúil. Seo friotal a bhaineann leis na príomh-théamaí cumarsáide i nGaeilge, fearg, grá, fuath, bás, pósadh agus go leor eile. Leabhar an-úsáideach dóibh san ar thóir na seoda sa chaint agus iad a fhoghlam.
Clúdach: Ciarán Ó Prionntaigh - 2013.06 - 136lgh- AS CLÓ

1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 Baile

 

A Ghaeil - Cabhraigh leis na Gaeil !

 

2013

 

 

 

 

 

ad delectationem stultorum philip cummings
ad delectationem stultorum
Philip Cummings
"Ceann de na leabhair is greannmhara 'gus is machnúla a d'fhéadfá a léamh," a dúirt an saineolaí leabhar. Seo cnuasach an-suimiúil ó Philip. Bailiúchán saibhir de 30 dán agus na céadta tréanna. Trí chaibidil de dhánta - Scáileanna ón Táin, Spiorad Naofa agus Aoir n Now. Trí chaibidil atá pulctha le tréanna. msh. 'Trí h-uaire a ghlaoch an coileach: an chéad uair do Pheadar; an dara h-uair domsa; an triú h-uair duitse . . . '
Clúdach: Balla Setanta Desmond Kinney - 2013.01 - 96lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro
Garret Fitzgerald agus Paddy Hillery Beirt a chuir an Ghaeilge dá Boinn Maolsheachlainn Ó Caollaí  Na Maindiríní i gCeannas
Garret Fitzgerald agus Paddy Hillery
Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn
Maolsheachlainn Ó Caollaí
Ar nós céimeanna staire; iar-scéal, gearrscéal is scéal reatha. Beathaí polaitiúla an bheirt agus a cuid á bplé sa leabhar seo. Polasaithe Fhine Gael - a seasamh diúltach ar cheist na Gaeilge. Daoine aonaracha a raibh nimh sa feoil acu don Ghaeilge. Buaileadh in ndiadh buaileadh eile i gcoinne ár dteanga dúchais & dúnadh na gcoláistí ullmhúcháin faoi réimeas Pádraig Ó hIrghile.
Clúdach: Valerie Seery & Cliodna Cussen - 2013.05 - 52lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir le Muiris Ó Droighneáin  Irish surnames in Gaelic and English Surnom Irlandais et Anglais
An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir Muiris ó Droighneáin
An dara eagrán déag den treoirleabhar is cuimsithí 'gus is údarásaí ar ainmneacha is sloinnte Gaeilge dúchasacha agus Gaelú ainmneacha Gallda. Galldú ainmneacha Gaeilge in Éirinn & thar lear. Sloinnte ón iasacht. Sloinnte ársa Albannach, Normannach, Ceilteach agus go leor eile a chuireann le fairsinge cultúrtha agus oidhreacht na n-ainmneacha Gaelach
Clúdach: - 2013.04 - 112lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Meirge an Laoich le Ceaití Ní Bheildiúin Filíocht Gaeilge Gaelic Poetry Irish poems
Meirge an Laoich
Ceaití Ní Bheildiúin
An triú chnuasach filíochta ón nguamóg duiniúil. Dánta a músclóidh an samhlaíocht ionat ag cruthú aislingí i d'aigne le draíocht na bhfocal aisti. Breis le 60 dán gusmhar, gleoite, ón saoi saoithiúil saordha. Bailiúchán fairsing a thosaíonn le Bláthú agus Boladh na Cré, agus Scaoilis Do Mhún Ar Mo Chnoc ag cuir tús le caibidil ar leith tiomnaithe do Karalalam.
Clúdach: Antonio Fazio - 2013.11 - 80lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

 

 

Cathair mar a Tuairisc agus póirsí eile le Bernadette Nic 'an tSaoir Filíocht den scoth Irish poet Gaelic poetry
Cathair mar a Tuairisc (agus póirsí eile)
Bernadette Nic an tSaoir
Cnuasach filíochta ar théama na gcathracha fud fad na cruinne. Dánta meabhrach, cliste, aoibhinn ar nós an Tollán Dubh. A bhfíor-scéal stairiúil cuimhnithe á nochtadh ón gcathair féin i ngach ceann acu. Bailiúchán de 53 dánta roinnte i dhá chaibidil. 41 acu sa chéad caibidil Cathair Mar a Tuairisc agus an chuid eile sa dara chaibidil Póirsí Eile. Seo leat - bí ag póirseáil tríd na dánta
Clúdach: Bill Mac Gill - 2013.09 - 68lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

Macallaí na Cásca uimhir 9 1916 agus mar sin de le Pádraig Ó Snodaigh
Macallaí na cásca 9: 1916 agus mar sin de
Pádraig Ó Snodaigh
Bíotar go minic ag léamh faoi is ag amharc ar eachtraí Laochra Éirí Amach na Cásca. Ach cén sort daoine ab ea iad na laochra? Cé eile bhí ann ina dteannta sna hÓglaigh? Dornán scéalta a thabharfaidh cúlra breise daonna dóibh san ar chúl scáil na staire, á dtabhairt chun aithne níos iomláine. Ina measc tá Con Colbert, Liam T Mac Coscair, Earnán de Blaghad, Risteárd Ó Maolcatha, Éamonn Martin & stair an Bhráithreachas
Clúdach: Toru Takashima - 2013.10 - 128lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

Leanbh Deireanach an Bhlascaoid Gearóid Cheaist Ó Catháin le Fiona Crowe
Leanbh Deireanach an Bhlascaoid
Fiona Crowe
Seo h-é a bheathaisnéis i bhfoirm agallamh, ina bhfuil Gearóid Cheaist Ó Catháin An Leanbh is Uaigní ar Domhain ag nósadh dúinn mar a raibh an saol acu ar an mBlascaod Mór. Seo saibhreas mór a chuimhní ó thaobh béaloideasa, cultúr & oidhreachta. Cuireadh deireadh tubaisteach lena phobal nuair a tréigeadh an oileán i 1953. Tá seo bunaithe ar thráchtas a rinne an t-údar sa Roinn Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaigh.
Clúdach: Donal Mac Monagle - 2013.13 - 72lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Ó Rinn go Sáil 4 le Diarmuid Ó Gráinne
Ó Rinn go Sáil 3
Diarmuid Ó Gráinne
An 3ú dialann tuaithe uaidh. Téanaigí ar aistear bliana nach mór - ag tosú le stoirm láidir mí Meán Fómhair, ar lean le h-ísle brí, an sciúrsáil d'oíche gan codladh & brionglóidí scáfara! Eachtraí trodúla na cúigear cat sa chró is na tréithe pearsantacht acu. Buaileann Bin Laden isteach chuige minic go leor mar is dual dó. Ag críochnú i mí Meitheamh '12 agus iarracht den Schadenfreude ina chaidreamh leis na chomharsana.
Clúdach: Valerie Seery - 2013.14 - 64lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty Uimh 1, 2

 

 

 

 

 

 

 

Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre: The Necessity for Re-Europeanising Ireland le Peadar Kirby
Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre
Peadar Kirby
The Necessity for Re-Europeanising Ireland. Iml. 4 sa sraith léachtaí an Fhóraim Díospóireachta. An dearcadh a bhí ag ceannairí na h-athbheochana céad bliain ó shin ná gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge chun saol níos fearr a bhaint amach agus forbairt rathúil a chur i bhfeidhm. Baineann an fíric tábhachtach sin lenár dteanga dúchais i gcónaí.
Clúdach: Valerie Seery - 2013.15 - 40lgh - Cúig Euro Cinq Euro Cinque Euro Cinqo Euro Five Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Greann sa Ghaeilge Eagraithe ag Malachy Ó N eill agus Regina Uí Chollatáin Éigse Cholm Cille 2012
An Greann sa Ghaeilge
Eag: Malachy Ó Néill & Regina Uí Chollatáin
Roghnaigh Coiste na hÉigse An Greann sa Ghaeilge mar théama do Éigse Cholm Cille 2010. Cnuasach d'aistí ar ghnéithe áirithe, agus eile, den ghreann sa Ghaeilge. Tá aistí anseo le h-údair cáiliúla, ina measc; Jan Eric Rekdal, Nollaig Mac Congáil, Séamus Mac Annaidh, Nicholas Williams, Liam Ó Muirthille, Róisín Mac Laughlin, Seosamh Watson, Séamus Ó Catháin & Mícheál Ó Meallaigh. An-phléisiúrtha..
Clúdach: Valerie Seery - 2013.18 - 194lgh - Deich Euro, Dix Euro Dici Euro, Ten Euro

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Punt is ló Maidhc Dainín Ó Sé
Punt Isló
Maidhc Dainín Ó Sé
D'éag a máthair nuair a saolaíodh Áine Ní Néill i 1921 ach bhí an t-adh léi go raibh a comharsan Éibhlín Ní Chuinn ábalta cúram is cuidiú a thabhairt di is í ag fás suas. Mar chailín aimsire i Chicago le linn an dara cogadh domhanda tá iníon an teaghlaigh i gcontúirt sa Ghearmáin. Is í Áine & a cara a théann le í a thártháil ón Ghestapo. Eachtra mór gaisciúil atá rompu uilig. Úrscéal den scoth scríofa i stíl álainn so-léite Mhaidhc
Clúdach: Cliodna Cussen - 2013.07 - 196lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Obair Bhailr Seán Ó Leocháin
Obair Bhaile
Seán Ó Leocháin
An triú chnuasach déag óna pheann. Filíocht beoga, lán le gliceas is paisean a mhúsclaíonn tréithe seoigh órga san inchinn. Leabhar lán, ó chlúdach go chlúdach, le breis is 120 dán ann, ag nósadh tréithe ait atá le gnéithe áirithe den tsaoil. Dánta fada is dánta gairid - táid uilig ann laistigh; grá, greann, gnéas, gáire, gaiscíocht, srl Peacaí, Boidíní, Viagra, Síneadh Láimhe, Díle
Clúdach: - 2013.08 - 196lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro
Greim an Fhir Bháite le Dónal Ó Muirí Leabhar eachtrúil do dhéagóirí Dead-mans grip Irish book for teenagers.
Greim an Fhir Bháite
Dónal Ó Muirí
Úrscéal eachtrúil domhain. Déantar ionsaí fíochmhar ar an mbleachtaire-chigire Uí Chrualaoich le maiseite agus é ag trialladh cúpla Garda a chosaint. Chaill sé úsáid a lámh dá bharr. Anois tá an ghalar dubhach air tar éis an tráma is é ag trialladh luí isteach san obair arís. Seoltar go Chorcaigh é le cás an choirp a fhiosrú. Corp mná ar thrá i gCaisleán Uí Chárthaigh, gan ceann - gan lámha! Ambaiste !! Is ansin a thosaítear ar na h-eachtraí uilig...
Clúdach: Andrew Delany - 2013.19 - 126lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

 

Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige Jimmi Chearra Pádraic Ó Cearra
Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige
Eag: Pádraic Ó Cearra
Rugadh an scéalaí Séamus (Jimmí) Cearra i 1927 i gClochar na Locha atá os cionn an Lochán Bhig i gContae na Gaillimhe. Tá dhá chuid sa leabhar seo. Sa chéad chuid tá na scéalta agus an tseanchas mar a scríobh sé é agus sa dara chuid tá rogha as tráchtas MA a scríobh an t-eagarthóir faoi stiúir Bhreandán Uí Chonaire i gColáiste Phádraig, Drom Chonrach.
Clúdach: Jimmí Chearra - 2013.03 - 530lgh - Cúigdéag Euro Quinz Euro Fifteen Euro

 

 

 

Suaimhneas agus Míshuaimhneas le Seán A. Mac Mathúna cnuasach gearrscéalta
Suaimhneas agus Míshuaimhneas
Seán A. Mac Mathúna
Cnuasach de na gearrscéalta ab aoibhne atá sa leabhar seo a chuirfidh an léitheoir ar a shuaimhneas nó sna trithí ag gáire. Trí scéal déag atá an-taitneamhach go deo. Msh. An Buachaill Aimsire, An tAsal Billy, An Grá, An Chiaróig Dhubh, Lá Scoile, An Gaeilge - Teanga na nGael. Tá cúpla aiste ina dteannta freisin, Oilithreacht chuig an mBlascaod Mór agus Mná na hÉireann. Tá an greann agus an gruaim le fáil anseo.
Clúdach: Turlough Rynne - 2013.17 - 86lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocho Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

Macalla Maidu le Mike Mac Domhnaill cnuasach filíochta Irish Poetry Gaelic Poetry
Macalla Maidu
Mike Mac Domhnaill
Cnuasach filíochta nua-aoiseach. 57 dán (agus Haiku) atá sa leabhar seo - iad roinnte i gceithre chaibidil. Dánta, m.sh. atá i gcuimhne daoine cáiliúla; Beckett, Einstein, & ealaíontóirí Mary Lynch-Keogh, Peter Haining. Fairtheoir is ea an t-údar agus tá neart de fairgsin na fairíse curtha i bhfocal aige i ndánta ar nós, Soiscéal Digiteach Eoin, Coiméad Halley 1986, Tráthúil, a Iosrael, Tráthúil - 20 Eanáir 2009.
Clúdach: Norah McCartan - 2013.16 - 78lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocho Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

Súnámaí le Declan Collinge Cnuasach filíochta Irish Poetry Gaelic poetry
Súnámaí
Declan Collinge
Cnuasach úr dánta. Triocha dán san iomlán roinnte i ndá chuid. Cuid a h-aon dar teideal Mnemosyne agus ar dara chuid dar teideal Súnánmaí. Dánta a leanann le neamhchinnteacht agus le guagacht an tsaoil nua-aimseartha. Tá dornán Haiku a bhaineann leo fite fuaite iontu nuair is cuí. Bailiúchán an-taitneamhach go deo atá maisithe le grianghrafanna a thugann breis agus tuilleadh fós don chiall agus an taithí sna ndánta.
Clúdach: Declan Collinge - 2013.12 - 54lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

Ceann Faoi Eite  Cathal Ó hÁinle  Hardback Irish book
Ceann Faoi Eite
Cathal Ó Háinle
"Creidim gur féidir léirmheas a dhéanamh ar litríocht réamh nua-aoiseach chomh maith céanna agus is féidir é a dhéanamh ar litríocht ár linne féin..." An saothar go deo! a dhéanann taisteal chumasach stairiúil ar ghnéithe litríochta na h-Éireann agus na Gaeilge chomh fada siar le 795AD ag teacht anuas go h-aimsir na linne seo agus tráchtais ar 'Mháire', Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin agus filíocht Ghaeilge Conleth Ellis ina measc.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2013.22 - 242lgh - Cúigdéag Euro Quinze Euro Fifteen Euro €15
I nDán le Seán Ó Dúrois Cnuasach filíochta Gaeilge
I nDán
Seán Ó Dúrois
Bailiúchán bríomhar de dhánta, 90 cinn acu! Ina measc dánta a bhain duais mhór na filíochta i gcomórtas an Oireachtais 2008 agus an dán úr dá chuid 'Dodekathlos' a bhain Duais Béal Átha na mBuillí-Duais Cholmcille i 2012. Dánta eile ar nós; An Eilifint, Oileán na Cásca, Crann Bealtaine, An Ministéir ag Scátáil & Z    "Ní féidir trust a chur sa litir seo.    Litir as baile isteach í, litir neamh-Ghaelach." (ar lean)
Clúdach: - 2013.20 - 96lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro
Barr Top Haut suas up BARR

 

Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh le Diarmuid Ó Ceallaigh Croke Park
Comhcheilg Pháirc an Chrócaigh
Diarmaid Ó Ceallaigh
Úrscéal iontach eachtrúil! Tá seans ann gur ghlac duine d'fhoireann na Gaillimhe breab chun go gcaillfidís an chluiche iomána i gcoinne Chill Chainnigh. An cluiche is tábhachtaigh i gcraobh mionúr na hÉireann. Bíonn an bua ag Na Cait ar ndóigh, ach tá amhras faoi. Tar éis ceistiú dian ó na Gardaí fuadaíotar an cúlbáire, Dara Ó Cadhain, óna thig faoi scáil an ghunnadóra. Tá eachtra mór dainséarach roimhe. Ach arb'é a ghlac an breab?
Clúdach: Valerie Seery - 2013.25 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

Aois na nIontas le Diarmuid Ó Gráinne  The Age of Wonders
Aois na n-Iontas
Diarmuid Ó Gráinne
Tá bua na scéalaíochta ina suáilceas ag Diarmuid Ó Gráinne. Seo scéal an-spéisiúil atá á insint ó thrí thír difriúil sa domhain ag an am gcéanna agus tá nasc láidir idir na carachtair go léir lena chéile. Nasc é atá fréamhaithe in Aill na Brón i gConamara. Lean na
h-eachtraí aisteacha de chuid Scaimpím, Fraincín Neid Peaits, na feirmeoirí agus na h-Óglaigh. Crá-croí na mná céile. Neart den ól, gnéas agus ruaille buaille.....
Clúdach: N.A.R.A. - 2013.27 - 96lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Gaistí Glintí le Brian Ó Baoill
Gaistí Geilt
Brian Ó Baoill
Úrscéal iontach eachtrúil! An cogadh leis na Dúchrónaigh thart, 1922 na Saorstátóirí ag troid leis na Poblachtánaigh D'éalaigh an fealltóir Seoirse Mac Aodha go Cheanada agus an Óglach Barra Mac Eoin ar a thóir. Tá díoltas le baint amach os rud é gur sceith sé ar na hÓglaigh agus gur dhúnmharaigh sé a dheartháir. Bíonn na Marcpóilíní ar thóir Barra ach tagann na bundúchaisí i gcabhair air. Buaiteoir Chomórtas Liteartha Oireachtas Cheanada 2012
Clúdach: Brian Ó Baoill - 2013.24 - 168lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

Seán Ruiséal agus na Corpáin ar Shiúlán na hAille le Seán O Connor
Na Corpáin ar Shiúlán na hAille
Seán O Connor
Tagann clann anall ó Meiriceá go dtí na Clocha Liath i gCill Mhantáin chun pósadh a n-iníon a cheiliúradh ach maraíotar beirt ar Shiúlán na hAille taobh thiar den óstán. Ní stopann sé ansin. Beirt de chuid an FBI sínte freisin. Jab proifisiúnta, glan, ciúin. Nasctar na Gardaí, CIA, FBI, RUC, DEA, NSA, fiú satailít sa spás san fhiosrúchán atá ar bun agus ról lárnach ag an mbleachtaire Seán Ruiséal sa scéal iontach seo.
Clúdach: Izabela Książak-Klepacka - 2013.31 - 104lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

Gaeilge an Chláir
Críona Ní Ghairbhith
Séad-Chnuasach Focal ón mBéarla. Is ceart a aithind nach canúint aonchineálach atá i nGaeilge an Chláir. Tá tréithe de chuid na nDéise le sonrú inti agus sna h-imill thiar-thuaidh & theas mar a mbíodh sí ag críochántacht le Gaeilge Chiarraí agus Chonnacht faoi seach bhí tréithe comónta le caint na gceantair máguaird i gceist. Bailiúchán mór (< 1,800) d'fhocail atá cnuasaithe sa leabhar atá an-áisiúl d'fhoghlaimeoirí agus scríbhneoirí.
Clúdach: Áine Ní Neachtain - 2013.23 - 224lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro

 

 

 

Focal ar Fhocal Crosfhoclóir
Brian Ó Daimhín
Bailiúchán d'fhocail a dh'aimseofá mar fhreagraí ar dúcheisteanna i gcrosfhocal (Crosaire). Seo agaibh stórchiste do na crosfhocail Gaeilge. Beidh sé uait chun an Dúshlán Duit a líonadh amach. Tá liosta fada bailithe aige ar chúl ar leabhair freisin. Liosta an-áisiúil d'fhocail de réir faid - ó fhocail 2 litir, go fhocail sé litir déag ar fhaid. Tagann fomhór na leideanna seo as crosfhocail éagsúla a bhí i gcló.
Clúdach: - 2013.32 - 120lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

 

 

Luibheanna Íce le Nuala reilly
Luibheanna Íce
Nuala Reilly
Cnuasach úr d'fhilíocht chuimhne. An dara bailiúchán de dhánta ó Nuala ag déanamh machnamh domhain ar chairde, laochra agus iadsan atá imithe uainn. Is iad na ghnéithe speisialta a bhain leo atá á gcomóradh Áine an Gháire Mhóir, Bashó, Caoineadh, i gcuimhne Monsignor Liam Mac an tSagairt, Goltraí á casadh acu Do thionlacan
Ar shlí na Fírinne

Clúdach: Batik le Dorothy O Connor - 2013.26 - 38lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

Eineachlann Iosraelach Israeli proportionate compensation
Eineachlann Iosraelach & dánta eile
Liam Prut
Bailiúchán mór filíochta! Breis le 90 dán sa leabhar seo ag déanamh comóradh orthu san nach bhfuil a fhios acu cé chomh cáiliúil is atáid. Dánta le greann ionntu, fíneáltacht na mínínteachta. Dánta cuimhne, agus muinteartha. Dán mór ómóis is ea Eineachlann Iosraelach freisin, atá mar thaifead ón gcroí ar drochfhortún na bPailistínigh i nGaza. Cén fáth go bhfuil an méid sin diabhail ar an dTalamh Naofa ?
Clúdach: Siobhán Prut - 2013.28 - 156lgh - Ocht Euro Huit Euro Ocht Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

Tobar an Dúchais le Mícheál Ó Cróinín
Tobar an Dúchais
Mícheál Ó Cróinín
Cnuasach úr de seanfhocail ón gceanntar Uibh Ráthach.
Clúdach: - 2013.33 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty AS CLÓ

 

 

 

Dushlán Duit le Diarmaid Ó Tuama Cnuasach Crosfhocail Gaelic Crosswords Crosaire
Dúshlán Duit
Diarmaid Ó Tuama
Seo h-é an chnuasach is déanaí de crosfhocail, bailithe le chéile i leabhar amháin. Tá 50 crosfhocail le líonadh amach ann. Leideanna ar nós, arú amárach (10 litir) moncaí mór gan eireaball (3), pinc (8) nó, an píosa is lú de dhúil cheimiceach (5). B'fhéidir go mbeidh an Crosfhoclóir thall de dhíth chun na bhfreagraí cuí a fháil dóibh. An nglcafaidh tú an Dúshlán Duit chugat?
Clúdach: Valerie Seery - 2013.36 - 64lgh - Cúig Euro Cinq Euro Cinque Euro Cinco Euro Five Euro

 

Nóiníní le Art Ó Maolfabhail Cnuasach filíochta Dánta
Nóiníní
Art Ó Maolfabhail
Cnuasach úr d'fhilíocht beoga. 36 dánta hAirt atá cliste, bríomhar, fíor-thaitneamhach. Filíocht domhain chomh maith ar nós, Agallamh an fhile lena chiall ina bhfuil an chéad líne seo; Mise an file, tuigim mórán,... Tá an méid céanna de Haikú ar chúl an leabhar freisin agus tá aiste ar stair na Haikú a Tháinig go hÉireann ina bhfuil cuir síos an-chuimsitheach ar stair na Haikú ón 9ú aois go dtí an 17ú aois nuair a cumadh an Haikú 3 líne i dtús
Clúdach: Páidrigín Ó Bréatúin - 2013.30 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

Mil as Gach Bláth Blaiseadh de litríocht an Domhain le Risteard Mac Annraoi Global Writings
Mil as Gach Bláth
Risteard Mac Annraoi
Blaiseadh de litríocht an domhain. Blúiríní as an-chuid leabhair maille le beathainéisí na n-údar, ar nós; Óivid, James Joyce, Ludwig Uhland, Pio Baroja, Aescalias, Gáias Iúil Ceasar, Lewis Carroll, Charles Dickens, Safó Rumi, William Shakespeare, Táin Bó Cuailinge, Sándor Petofi, Paetrarc, Joseph Mary Plunkett, Socraitéas, Breandán Ó Beacháin agus go leor eile. Tá os cionn 100 scríbhneoir ar a bhfuil an-éileamh ar a gcuid litríochta.
Clúdach: Valerie Seery - 2013.35 - 344lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

 

 

Istigh sa Ceol le Colm Ó Snodaigh altanna ó www.beo.ie
Istigh sa Cheol
Colm Ó Snodaigh
Laistigh de shaol an t-údar agus an banna ceol KILA. Aistí agus gearrscéalta ar na h-imeachtaí, na gaoil leis na h-amhránaithe & na ceoltóirí, i gcóngar is i gcéin. Tá saimhreas agus stair ag baint leis an leabhar seo atá an-éasca le léamh, an-oiriúnach d'fhoghlaimeoirí freisin. Saothar an-spéisiúil atá maisithe tríd le grian-ghrafanna na gceoltóirí cáiliúla, Liam Ó Maonlaí, Oki Fiachna Ó Braonáin agus Ronnie Woods, ina measc.
Clúdach: - 2013.39 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

 

 

Cosa Gréine Diarmuid Ó Súilleabháin Filíocht Poetry
Cosa Greine
Diarmaid Ó Súilleabháin
Tá cáil ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin mar scríobhneoir próis. Is iomaí leabhar atá scríte aige. Chleachtadh sé an drámaíocht & an filíocht freisin bíodh nach bhfuair siad a oiread airde ó lucht léirmheasta a léite. Foilsíodh dánta leis ó an go chéile in irisí Gaeilge agus cuireadh ábhar leis i gcló i mBéarla freisin. Is i 1984 a foilsíodh an t-aon chnuasach filíochta eile leis Gealach Reatha. Seo an dara cnuasach uaidh le 66 dán iontach beoga.
Clúdach: Pádraig Ó Mathúna - 2013.02 - 96lgh- Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

Páidí Dubh as Tír Chonaill le Séamus Mac Manais leagan  Gaeilge le Mícheál Mac Giolla Easpuic
Páidí Dubh as Tír Chonaill
Séumas Mac Mánas
Cnuasach de ghearrscéalta a scríobh Séumas Mac Mánais i 1939 curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easpuic. Rugadh é i dTamhnach an tSalainn ar an lá deireannach de 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Bhí sé gníomhach ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge i dTír Chonaill agus dúirt sé go raibh sé ina sheanchaí cosnocht nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois. 14 gearrscéalta an-taitneamhach atá sa leabhar seo.
Clúdach: Pádraig Mac Briartaigh - 2013.38 - 160lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

 

Lume Loplik Minek Imeacht Deireannach An tSneachta Imeachd Dheireannach An t-Sneachta Kri8stina Ehin leaganacha Gaeilge Gaidhlig le Rody Gorman
Lume Lõplik Minek
Kristiina Ehin
Imeacht Deireannach an tSneachta an leagan Geailge, Imeachd Dheireannach an t-Sneachta sa Ghàidhlig. An dá leagan san aistrithe ón Eastóinis ag Rody Gorman. Cnuasach de 27 dán i dtrí theanga (81 dán). Dánta atá thar a bheith spéisiúil sna comparáidí. Dánta ar nós; Vastamata Armastused - Grá gan Cúiteamh - Gràidhean gun Iarraidh. Dán mór é a líonann na leathanaigh is an cholainn suas le mothúcháin maorga.
Clúdach: Kristiina Ehin - 2013.34 - 112lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro
Féilire 2014 Calendar 2014 Calenfre 2014
Féilire 2014
Eag: Cliodna Cussen
Féilire 2014 ar fáil anois. Maisithe go gleoite le h-obair ealaíne Bhríd Ní Rinn. Dánta na míonna ó Pádhraic Ó Láimhín, Bríd Dáibhís, Bernadette Nic an tSaoir, Seán Ó Leocháin, Máire Wren, Ceaití Ní Bheildiúin, Philip Cummings agus Doireann Ní Ghríofa. Bíodh ceann agat ar do bhalla, nó insa halla.
Clúdach: Bríd Ní Rinn - 2013.41 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro
Tá sé Tarraigthe agat a Mhary Ellen Máirín Ní Laoithe Uí Shé
Tá sé Tarraingthe agat, a Mhary Ellen
Máirín Ní Laoithe Uí Shé
Seo agaibh scéal Mary Ellen Ni Shéaghdha, Cathair an Treantaigh, Ceann Trá, Corca Dhuibhne agus Meiriceá fiú. Saolaíodh í mí Bealtaine 1942. Tá blaiseadh na staire ag baint lena scéal, scéal atá ina eachtra saoil le tragóidí agus na solaí a dtéann léi. Ag tosú lena óige i gCorca Dhuibhne, anall go Meirceá le saol nua a chothú i Chicago mar 'Greenhorn'. Tá beis le 60 grian- ghraif ann freisin, iadsan a bhí tionchar acu ina saol.
Clúdach: - 2013.40 - 224lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro

 

 

 

 

 

 

 

Fuadach Pádraig Ó Laighin
Fuadach
Pádraig G. Ó Laighin
Is ón iasacht a thagann beirt óg Arabach, buachaill agus cailín. Mashur & Ashraf, ag lorg dídean i mBaile Átha Cliath. Tá a n-athair le teacht chucu ach fuadaíotar duine de na leanaí. Eachtra é seo lán de ghaiscaíocht na n-óg, agus éifeacht na nGardaí, ar ndóigh. Gearrscéal a bhuaigh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2012 sa roinn Ficsean do Dhaoine Óga. Leabhar do dhéagóirí & foghlaimeoirí Gaeilge. Togha !
Clúdach: Anraí Ó Mórdha - 2013.42 - 40lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro
An Domhan Gabhán Ó Fachtna  isbn 2071473968010
an Domhan
Gabhán Ó Fachtna
Cnuasach gearrscéalta ón iasacht atá an-taitneamhach go deo. Tagann na scéalta chugainn ó thíortha ar fud an domhain, Ceanada, an Aifric, Meiriceá agus an tAigéan Indiach ina measc. Scéalta iad ar nós; M. Doré, Lisbet, Ag aimsiú an Googlewhack, Ag foghlam an Dóchais, An Clogad, srl. Treise leis - tá sár-obair déanta ag an údar an babhta seo.
Clúdach: Frank W Legg 'Frederick Douglass' - 2013.29 - 200lgh - Dódhéag Euo Douze Euro Twelve Euro
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

 

Thar Toinn scéalta anall Mícheál Ó hAodha a chuir in eagair
Thar Toinn
Mícheál Ó hAodha
17 gearr-scéal iontach ó sár-údair na Gaeilge: Séamus Mac Annaidh, Mícheál Ó Conghaile, Alex Hijmans, Bridget Breathnach, Gabriel Rosenstock, Pádraig Ó Snodaigh, Pádraig Ó Cíobháin, Pádraig Ó Gallchóir, Dairena Ní Chinnéide, Pádraic Breathnach, Seán Mac Mathúna, Deirdre Brennan, Gabhán Ó Fachtna, Tomás Mac Síomóin, Mícheál Ó Ruairc, Brian Ó Dochartaí agus Mícheál Ó hAodha. An-taitneamhach
Clúdach: - 2013.44 - 160lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath le Aindrias Ó Cathasaigh 1913 Lockout 1913
An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath
Aindrias Ó Cathasaigh
Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael. 100 bliain ón gcath idir oibrithe & fostóirí Bhaile Átha Cliath. Ón gcuid is mó den trácht atá déanta ar an sceal thabhrfá leat gur i mBéarla amháin a thit rudaí amach. Bhí caidreamh idir gluaiseacht na Gaeilge & gluaiseacht na n-oibrithe. Is é aidhm an tsaothar seo taobh dearmadta na Gaeilge de scéal na frithdhúnadh 1913 a thabhairt chun solais agus a phlé. Tá na ceisteanna san fós beo.
Clúdach: - 2013.47 - 112lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

Gourmet Ní Ghadhra le Aedín Ní Ghadhra Bon Appétit Bia Blasta
Gourmet Ní Ghadhra
Aedín Ní Ghadhra
Greim gasta agus bia blasta. Leabhar cócaireachta roinnte i 6 gcaibidil: Céad Cúrsaí, Sailéid & Béilte Beaga, Pasta, Príomhchúrsaí (Feoil & Iasc), Iar-bhéilte & Bácáil. 70 cinn de oideas ina iomláine agus níl ann sin ach an tús leis. Leabhar atá maisithe go gleoite le h-íomhánna glé. Beidh ocras ort á léamh, spraoi ag cur na n-oidis i gcríoch agus lomlán an bhoilg á n-ithe. "Bímis ag cócaireacht!"
Clúdach: Pó Mag Uidhir - 2013.43 - 150lgh - Cúigdéag Euro Quinz Euro Fifteen Euro

 

 

 

An Taibhse Ghlas Na Fíníní: Ceanada 1866 le Brian Ó Baoill The Fenians in Canada
An Taibhse Ghlas - Na Fíníní: Ceanada 1866
Brian Ó Baoill
Gearrscéal d'fhoghlaimeoirí fásta agus déagóirí. Scéal i gcuimhne Liam Mac Fhlannchadh a rugadh in 1830. An scéal uafásach céanna i ngach ceanntar in Éireann: ocras, galar, díshealbhú, ansin imirce nó bás, nó an dá rud. Ach tá Na Fíníní i mbun feachtas le díoltas a bhaint amach i gcoinne na tiarnaí talún Sasanacha agus na daoine a cosaint. Seo scéal eachtrúil faoi cathú na Bráithreachas Poblachtánach na hÉireann.
Clúdach: Brian Ó Baoill - 2013.50 - 104lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

Cogadh na gCarad Ón Chonradh go Saorstát le Diarmuid Ó Tuama The Irish Civil War
Cogadh na gCarad
Diarmuid Ó Tuama
Ón Chonradh go Saorstát. Leabhair eachtrúil staire a thógann muid ar thuras na tréimhse. Tá cuir síos ar na téarmaí sa chonradh le Shasana. An scoilt sa Dáil dá bharr. Na trodaithe ar thaobh amháin na scoilte agus na polaiteoirí ar an taobh eile. Airm dílis don chonartha agus airm dílis don Phoblacht. Scaoil cairde a chéile. Chuidigh tuilleadh eolas ón Biúró Stair Míleata & nótaí a bhreac Ernie O Malley síos go mór leis an leabhar.
Clúdach: Diarmuid Ó Tuama - 2013.45 - 222lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

Rabhadh! Dánta le Alan Titley
RABHADH ! Dánta
Alan Titley
File ba ea Alan Titley riamh anall - a fhianaise sin an leabhar seo. Tá rogha de 52 dánta sa chnuasach seo. Dán do gach seachtain sa bhliain. Mar is dual dó ina shaothair eile, chuir sé an tathag agus blonag ina stoc filíochta. Is é an leabhar seo an léiriú is cuimsithí ar ábhair scríbhneoireachta an Titlígh le 15 bliana anuas. Is iontach chomh leathan is atá a réimse plé sna dánta aige. Taobh eile de nach bhfeiceann muid ró-mhinic...
Clúdach: Torú Takashima - 2013.52 - 124lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

 

 

 

Lios na Leanaí
Lios na Leanaí
Seán Ua Cearnaigh
Gearrscéal eachtrúil don aos óg agus na foghlaimeoirí Gaeilge. Tá Dónal óg agus a chara Pilib ag baint taitneamh as an saol i gCaiseal Mumhan. Ach tagann clann úr le cónaí béal dorais agus is léir go bhfuil caimileireacht éigin ar siúl ag an athair. Ar a dtriall go Lios na Leanaí oíche amháín tagann an bheirt buachaill ar an athair is a dheartháíreacha ag tochailt poll sa lios. Beirtear ar Dhónal. Cad é atá i ndán dó?
Clúdach: Catherine Lyons - 2013.51 - 48lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

Ó Choill go Barr Ghearáin dánta Somhairle MacGill-Eain Leagan Gaeilge le Paddy Bushe
Ó Choill go Barr Ghearáin
Somhairle MacGill-Eain (1911-1996)
O Choille gu Bearradh - Na Dàin. Mhol Seamus Heaney Somhairle MacGill-Eain tráth mar fhile den scoth de bharr a bhua iontach. Beagnach 100 dán dá chuid maille le h-aistriúcháin Gaeilge le Paddy Bushe. Tá sé thar am againne in Éireann aithne a chur go pearsanta ar an chraobh eile sin den oidhreacht a mhaireann beo ar an taobh eile de Sruth na Maoille. Tá an sárfhile Albannach againn anois sa Ghaeilge.
Clúdach (crua): Cliodna Cussen - 2013.53 - 240lgh - Fiche Euro Twenty Euro Vingt Euro

 

 

 

 

Labhrann an Fásach Dánta le Johannes Bobrowski  aistrithe ón nGearmáinis ag Dúghlas Sealy Douglas Sealy
Labhrann an Fásach
Johannes Bobrowski / Dúghlas Sealy
47 dánta le Johannes Bobrowski (1917-1965), roghnaithe agus aistrithe ón nGearmáinis ag Dúghlas Sealy. Duine de mhórliriceoirí agus scríbhneoirí na Gearmáinise sa 20ú céad. Foilsíodh trí mórshaothar filíochta, Sarmatische Zeit (An Sarmatia) 1961, Schattenland Ströme (Tír na Scáth) 1962 agus Wetterzeichen (Comharthaí Aimsire) i 1966 - bliain tar éis a bhás. Ba as an trí chnuasach sin a roghnaigh Dúghlas Sealy na dánta le Gaeilge a chur orthu
Clúdach: Karen Dietrich - 2013.49 - 78lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain
Aoibhneas, Grá agus Suaibhneas - Dánta agus Amhráin le Máire Uí Fhlatharta agus Tomás Mac Eoin Eagraithe ag Caroline Ní Nia
Aoibhneas, Grá is Suaibhneas
Eag: Caroline Ní Nia
Amhráin agus dánta le Máire Uí Fhlatharta agus Tomás Mac Eoin cnuasaithe ag an t-eagarthóir. Tá taighde chuimsitheach ar an bheirt acu déanta aici a léiríonn don léitheoir treifideacht a gcuid saothair. Beirt atá fréamhaithe go domhain in oidhreacht Ghaeltacht Chonamara. Tá ealaíon an bhfilíocht béil ar a dtoil agus seo tuairisc ar cén fáth go bhfuil sí neadaithe chomh domhain sin i gConamara . . . .
Clúdach: - 2013.55 - 148lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Ceiliúradh an Bhlascaoid 15 Cúrsaí Creidimh ar an mBlascaod Eagraithe ag Mícheál de Mórdha
Ceiliúradh an Bhlasaoid 15
Mícheál de Mórdha
Roghnaíodh Cúrsaí Creidimh ar an mBlascaod mar ábhar théama ar an 13ú céiliúradh a tionóladh in Ionad an Bhlascaoid ar 24-26 Meán Fómhair 2010. Do labhair scoth na gcainteoirí is do tháinig mathslua chun éisteacht leo. Cnuasach an-bhreá, atá sa leabhar seo, de na cainteanna a tugadh. Tá míreanna breise ann maille le grianghraif ón ócáid, agus cuntais mar gheall ar imeachtaí taitneamhacha eile a lean é.
Clúdach: Tomás Ó Muircheartaigh 1938 - 2013.48 - 192lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

 

1913 le Mícheál Ó Maoláin Curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh
1913
Mícheál Ó Maoláin
Rugadh Ó Maoláin in Inis Mór, Árainn 17ú Aibreán 1881. Bhog sé go Bhaile Átha Cliath i 1899. Bhí baint aige le grúpaí náisiúnta, Conradh na Gaeilge, Cumann na nGael, Bráithreachas na Poblachta, srl. Seo a scéal. Cuntas é seo ar chúlra an frithdhúnta. Sraith d'aistí a scríobh sé in Ar Aghaidh (1947-48) faoin teideal 1913Cara mór é le Séamus Ó Lorcáin a bhunaigh an Irish Worker. Curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh.
Clúdach: Dealbh Shéamais Uí Lorcáin - 2013.57 - 32lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro

 

 

Bláthanna á nDó Brennende Blumen Burning Flowers le Martin Walser Gabriel Rosenstock Hans Christian Oeser Ausgewahlte Geditche
Brennende Blumen - Bláthanna á nDó
Burning Flowers
Martin Walser - Gabriel Rosenstock
Cnuasach de dhánta ón nGearmáinis. Leaganacha i nGaeilge, Béarla agus Gearmáinis. Tá breis le 79 dán anseo a scríobh an t-údar idir na blianta 1951-1978. Dánta spéisiúil, aonarach, machnúil le blaiseadh d'iontas an tsaoil. 'Is fada an t-achar idir mé is tú, cén t-achar é idir tusa is mise - sin rud nach feadar' - 'Von mir zu dir ist es weit, wie weit es von dir zu mir ist, wieß icht nicht'
Clúdach: Mohsin Shafi - 2013.56 - 176lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro

 

Smaointe Fánacha le D. Ó Maol Blagaide
Smaointe Fánacha
D. Ó Maol Blagaide
Altanna a bhí i gcló aige sa nuachtán Gaeilge Lá Nua. Tá 40 alt sa chnuasach seo. Is ar an stair, sa chiall is leithne de, a thráchtann formhór díobh. Stair áitiúil, stair náisiúnta, stair an duine aonair fiú. Tá ábhair níos leithne fós, á bplé sna h-ailt freisin ar ndóigh, agus an litríocht domhanda ag snaoi síos go fánach tríd an uile ceann acu. Cuirfidh an leabhar iontach seo tú ar bhealach do leasa má léitear é le h-intinn oscailte.
Clúdach: le cead ó Musée des Beaux-Arts -2013.61-152lgh- seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Gon Uige Seo le Pádraig Ó Cíobháin
Gon Uige Seo
Pádraig Ó Cíobháin
An tríú leabhar sa sraith aige. An dhá leabhair go nuige seo foilsithe i 2004 agus 2005. Díolam d'ábhar a cumadh le linn sraith ceardlanna faoi stiúir an t-údar i Seanscoil Shailearna (2010/2011). Údair: Rosemen Osman Ali Elsayad, Róise Ní Dhuinn, Pádraic Tom Bán Breathnachx, Anraí Ó Ruadhain, Nuala Ní Chonghaile, Máire Ní Chualáin, Máirín Bheairtle Sheáin Ó Cualáin, Máire hOibicín Uí Eidhin, Máirín Mhic Lochlainn, Nóra hOibicín agus Mairín Uí Chonghaile.
Clúdach: Máire hOibicín Uí Eidhin - 2013.54 - 398lgh - Cúigdéag Euro Quinze Euro Fifteen Euro

 

Cloithear le Dairena Ní Chinnéide
Cloithear - Aistear Anama
Dairena Ní Chinnéide
Tá gainimh órga an Chloithir luaite go minic sna dánta seo. Tá áileacht an nádúr innti. Ceanntar é a thugann saoirse intinne agus ionsparáid nádúrtha is spioradálta don údair. Smaointe atá anseo ar nádúr an duine, cumhacht an nádúr ina mhacasamhail ar mheoin an duine, grá agus fairsinge a cómhábhar. "Máthair na talún is síol athair na spéire beannaithe ag an mhuir". Filíocht beo, bríomhar, atá domhain agus stoirmiúil.
Clúdach: Tomás Ó Cíobháin - 2013.58 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

An Ceart Comhfhreagris i nGaeilge le h-Institiúidí an Aontais Eorpaigh Cá Ombudsman Eorpaigh 2580/2006/TN le Pádraig Breandán Ó Laighin
An Ceart Comhfhreagrais i nGaeilge
le hInstitiúití an Aontas Eorpaigh
Pádraig Breandán Ó Laighin
Cás Ombudsman Eorpaigh 2580/2006/TN. Bhí impleach- taí tromchúiseach do stádas na Gaeilge i dtuarascáil a chuir Julian Priestley ar fáil ar 29 Meitheamh 2006; sé sin ciorrú ar an Gaeilge gan bunús dlí á moladh inti. Tar éis freagra ar an tuarascáil a chur chuig baill choistí ábhartha san Eoraip tháinig freagraí ar ais i mBéarla. Dá bharr, cuireadh gearán chuig an Ombudsman. Seo toradh na scéala ina iomláine.
Clúdach: P. B. Ó Laighin - 2013. - 100lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargainISBN 9780986529627

 

Seachtar Dearmadta 1916 Aindrias Ó Cathasaigh  Abú Media TG4
1916 Seachtar Dearmadta
Aindrias Ó Cathasaigh
Seán Heuston, Willie Pearse, Micheal Mallin, Mícheál Ó hAnnracháin, John Mac Bride, Ned Daly & Con Colbert. Cén fáth gur chuir na h-údaráis chun bás iad? Tá scéalta eachtrúla an seachtar acu le léamh sa leabhar seo; cad a bhí ar bun acu sna blianta roimh a gcéasadh? An stíl beatha a bhí acu, na gaolta eile leo agus an dlúth-chairdeas a mhair, in aineoin péin-dlithe na Sasanach. An stair taobh thiar den stair, mar a dearfá.
Clúdach: - 2013.59 - 178lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

 

 

 

 

Táinrith le Biddy Jenkinson Scéal áin Bó Chuailgne Cú Chulainn Fearghas Mac Róigh
Táinrith
Biddy Jenkinson
Scéal Táin Bó Cuailgne. Lorg na Tána le nasc nua-aoiseach. Meadhbh & laochra d'fhir Éireann ar thóir an Donn Cuailnge. Cath fíochmhar na hUltaigh agus Maedhbh, na Mainí, na Gaileoin, na Muimhnigh agus pobal Teamhrach. "Cogadh carad caoi namhaid" Gan trácht ar Fearghas Mac Róigh agus Cú Chulainn i lár na catha. Cruachan; an cath idir an dhá tarbh, Donn Cuailnge agus Fionnbheannach. Is iontach an scéal é!
Clúdach: Áine Macken - 2013.46 - 138lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro a bargain

 

 

Catalóg na Leabhair ó 2008 - 2010
Catalóg na Leabhair 2008 - 2010
Eag: Feargus Ó Snodaigh & Áine Nic Gearailt
Seo leabhar eile atá an-speisialta ar fad. Aistí, Dea-scéalta, Úrscéalta, Béaloideas, Filíocht, Stair, Foclóir, Léachtanna, Altanna, Drámaí, Prós, Seanchas, Aistí, Oidhreacht, Féilirí, Ficsin, Gearrscéalta, Sleachtaí, Duanairí, Amhráin, Aistriúcháin, Seanfhocail, iad uilig ag léiriú líofacht liteartha na teanga. 190 leabhair Gaeilge den scoth a d'fhoilsigh Coiscéim sna blianta 2008 - 2010. Saor in aisce ach an costas postas a íoc.
Clúdach/Dearadh: Feargus Ó Snodaigh - 64 lgh - 2013.62

SIA

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Féilire 2013 Feilire 2013 CalendarFéilire 2013 Feilire 2013 Calendar Irish Calendar 2013

 

 

 

 

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: coisceim[a]coisceim.ie   
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

This link kills spam

 

Coisceim Leabhair Ghaeilge Irish Language Books Priomh Foilsitheoiri na Gaeilge