"Leabhair as Gaeilge, Leabhair Gaeilge, Leabhair i nGaeilge"
Riobard Mac Góráin
Máire Nic Fhinn
Ceannródaí ildánach (1928-2007). Ceirníní Gael-Linn idir na 50dí & na 70dí. Is do Riobard Mac Góráin atá an chreidiúint ag dul as an chlú domhanda a thuill lipéad ceoil Ghael-Linn sna chéad 30 bliain ó ceapadh é mar bainisteoir i 1953. Ceapadh é ina cheannasaí i 1992 agus d'éirigh sé as i 2001. I 1993 bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais céim dochtúireachta air as a chuid oibre. Clúdach: Mac Innes Photography - 2018.04 - 168lgh -
Cnuasach Aistí
Isobel Ní Riain
Pléitear cuid de shaothar na scríbhneoirí, Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Alan Titley sa leabhar seo. Is iad na mór-théamaí ann ná tábhacht an fhile, an fhile baineann, tábhacht na h-áite agus an dí-áiteachas, an Aifric féin i bprós na Gaeilge. Tá sé mar aidhm sa cnuasach aistí seo a bheith ina chabhair ag mic léinn ollscoile a bheidh ag tosnú amach ar an litríocht Ghaeilge nua-aimseartha. Clúdach: Valerie Seery - 2018.05 - 108lgh -
Féach Gach Treo
Mícheál Ó hUanacháin
Cúig cinn déag de ghearrscéalta taitneamhach sa chnuasach seo le réimhse leathan stíleanna agus ábhair. Tá roinnt scéalta fada ina measc freisin. Foilsíodh cuid de na scéalta seo sna h-irisí Comhar, Feasta agus An tUltach. Craoladh an ghearrscéal 'Timpeall' ar chlár sa tsraith Splancscéalta ar Raidio na Gaeltachta sa bhliain 2014. Clúdach le Gavan Ó hUanacháin, bunaithe ar dhealbh
trí-aghaidheach Woodlands i nArd-Mhusaem na hÉireann.
Le caoin-chead an mhusaeim - 2018.10 - 84lgh -
Ag Druidim le 80
Pádraig Ó Snodaigh
Breis is dhá chéad dán ón ollamh saoithiúil é féin. Mórtasach, meidhreach agus dáiríre - fite fuaite le greann. Ná bí gan é.. Clúdach: Valerie Seery - 2018.07 - 208lgh -
Tráth na Tairsí
Peadar Ó hUallaigh
Cnuasach mór filíochta. Breis le caoga dán breá ceolmhar atá meallta ag ríúlacht agus gléigile na nádúr. Faisnéis fonnmhar ar aoibhneas agus iontas an tsaoil. Dánta sa dul ná: Casadh na Cille, An Saol Mór, Bruach na Laoi, Each na Traí, I nDoimhneas Coille, Gleann Tí an Easaigh, Cuas na gColúr, Lánré an Fhomhair: Éiclipse thiar sa Chom, méarnáil ar toinn 's ar aill. Léargas na cruinne. (haiku) . Clúdach: Bob Ó Cathail - 2018.06 - 84lgh -
An tUasal Palomar
Italo Calvino
Oilithreacht anama an Usail Palomar atá le fáil san úrscéal seo. Seacht gcinn is fiche d'insintí gearr atá i gcreatlach an úrscéil. Pléann an chéad roinn le réimsí eipéireas an radharc, ar dara roinn le gnéithe antraipeolaíocha/cultúrtha agus an 3ú roinn leis an am agus an dochuimseacht, an caidreamh idir Palomar agus an domhan, agus réimsí na h-aigne. Clúdach: Valerie Seery - 2018.03 - 104lgh -
Cúrsaí Staire
Vincent Morley
Dóibh san ar suim leo an stair. Aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire, i gcosaint na staire . . Clúdach: Valerie Seery - 2018.09 - 246lgh -
Gníomh Dóchais
Liam Mac Peaircín
Ba cheann de na foilseacháin is tabhachtaí de chuid na hAthbheochana í Irisleabhair na Gaedhilge(1982-1909) a chothaigh spéis agus dúthracht sa teanga. Tá an stair faoi sa leabhar seo. Clúdach: Valerie Seery - 2018.08 - 208lgh -
An dara leabhar aige. Seo scéal a deoraíochta ar fud an domhain. Clúdach: Valerie Seery - 2018.15 - 220lgh -
An Capall Dubh
Pádraig Ó Baoighill
Agus Scéalta Eile. Cnuasach de gearrscéalta aoibhinn eachtrúil ó Cúige Uladh agus Alba. . Clúdach: C. Mc Ginley - 2018.12 - 246lgh -
B'as Éirinn di
Isobel Ní Riain
Úrscéal grá faoi chailín óg atá ag múineadh Béarla san Éigipt - an crá agus an imní a d'fhulaing sí agus í ar thóir An Ghrá - caismirtí inmheánacha a h-intinne agus a h-uaignis. Clúdach: Valerie Seery - 2018.13 - 84lgh -
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar Credit Card Order Form
Click the Image Below
Idir Dhá Sháile
Cliodna Cussen
Seo anois an tríú cnuasach filíochta ó láimh ilchumasach Chliodna Cussen. Tá breis le 40 dán móide cupla Haiku freisin ann. Braitear sna dánta íogaireacht an fhís-ealaíontóra i leith an saol ina timpeall. An saol rite agus an saol reatha. Tugann sí a meanma suaithní chun solais ina saothar pinn i gcónaí. Cloch lonrach eile ar charn a saothair ealaíne. Clúdach: Cliodna Cussen - 2018.16 - 208lgh -
Sliocht ar Thír na Scáth
Breandán Ó Doibhlin
Scéal mór téagartha. Clúdach: Valerie Seery - 2018.14 - 208lgh -
Pearlaí Corraigh
Kristiina Ehin
Cnuasach fairsing de dhánta, prós agus gearrscéalta de chuid Kristiina Ehin. Leaganacha Gaeilge le Aogán Ó Muircheartaigh. D'aon duine atá ag teacht trasna ar shaothar Kristiina anseo don chéad uair, is file agus gearrscéalaí Eastónach í a bhfuil cáil idir- náisiúnta uirthi. Tá préamhacha a saothar sáite go domhain i dtraidisiún ársa na hEastóine. Radharc orgánach ar an tsaoil aici á roinnt anois leis na Gaeil Clúdach: Kristiina Ehin - 2018.11 - 246lgh -
Bailiúchán de thorthaí machnaimh filí agus fealsúna, lucht adhainte réabhlóidí agus lucht ginte síochána agus gach cineál eile, a d'fhág a lorg ar intinn, ar chuimhne agus ar shamhlaíocht na ndaoine ina n-aimsir féin agus riamh ó shin, i gcóngar agus i gcéin. Clúdach: John Mc Closkey - 2018.21 - 236lgh -
Aistí ar litríocht Ghaeilge an ochtú h-aois déag curtha i n-eagar ag Stephen Newman, Breandán Ó Cróinín agus Liam Ó Paircín. Clúdach: Valerie Seery - 2018.19 - 246lgh - crua
Féilire 2019
Cliodna Cussen
Ag líonadh stocaí go gairid? . . . Níl féirín níos deise ná seo le cuir i bhfolach ionntu. Tá na leathanaigh laistigh, tríd an bhliain seo chugainn, maisithe go gleoite, ealaíonta ag saothar Cliodna Cussen. Ina measc tá dánta séasúrach as leabhair filíochta a d'fhoilsigh Coiscéim le déanaí, scaipthe fud fad na Féilire. Clúdach: Cliodna Cussen - 2018.23 - 16lgh -
Scéalta as Tír Chonaill 6 Mícheál Mac Giolla Easbuic
Cnuasach a sé. Bailiúchán eile de ghearrscéalta a bhí ag Séumas MacManus. Eagraithe agus tiontaithe go Gaeilge na linne seo, ach fós ag fanacht dílis do thailte an dúchais. Gearrscéalta an-taitneamhach: Clúdach: Eoin Mac Aoidh - 2018.30 - 176lgh -
An 3ú cnuasach filíochta aige . . . Clúdach: - 2018.25 - 68lgh -
Iúir Ársa agus Taibhsí Eile
Mícheál de Barra
Scéal na n-aistir trí dheisceart na hAlban agus thuaisceart Shasana. Clúdach: Mícheál de Barra - 2018.33 - 356lgh -
Misneach Bacach
Andreas Vogel
Dán fada . . . an-fada ar fad. Clúdach: - 2018.26 - 168lgh -
Ceiliúradh an Bhlascaoid 22
Eag: Tomás L. Ó Murchú
Leighis na Muintire agus Sláinte an Phobail. Clúdach: Tomás Ó Murchú - 2018.36 - 120lgh -
An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
A' Mheanbhchuileag le Fearghas Mac Fhionnlaigh - an teidil i nGàidhlig. Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo. .
. Clúdach: Fearghas Mac Fhionnlaigh - 2018.32 - 94lgh -
Karl Marx - Rogha Saothair
Den chéad uair, an scoth de shaothar Karl Marx ar fáil i nGaeilge bhlasta. Smaointe iad a chorraigh an saol mór leis na blianta i n-eagrán cruinn scolártha, le réamhrá eolach agus nótaí cuimsitheacha mínithe. Aistrithe go Gaeilge agus curtha i n-eagar ag an scríobhnóir cáiliúil : Aindrias Ó Cathasaigh, údar ar Karl Marx: Saothar a shaoil . Níl dada le cailleadh agat leis ach do chuid slabhraí ! Clúdach: - 2018.27 - 332lgh -
D'Arcy Mac Aoidh
Brian Ó Baoill
Leabhar é seo faoi dhuine de na daoine ba shuimiúla i bpolataíocht na hÉireann nuair a bhí sé páirteach i réabhlóid Éire Óg sa bhliain 1848. D'fheidhmigh sé go dian dícheallach i gcoinne na bhFíníní
nuair a d'ionsaí siad British North America. Cuntas fairsing ar an ionsaí sin agus léarscáil de Chath Ridgeway. Do léitheoirí gur spéis leo Éire Óg, Na Fíníní, Impireacht na Breataine, an Gorta Mór agus pearsantachtaí na gCeannairí ar an dá thaobh. Clúdach: Valerie Seery - 2018.37 - 178lgh -
Titeann Rudaí as a Chéile
Chinua Achebe
Aistrithe go cúramach ag Irene Duffy Lynch. Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlaisicí litríochta an domhain ó foilsíodh i 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is 50 teangacha, agus breis is deich milliúin cóip de díolta. Agus é ag cuir síos go grinn báiúil ar chinniúint pobail amháin san Aifric, baineann léiriú Chinua Achebe le cinniúint an duine ar fad i saol ár linne. Things fall apart, the centre cannot hold(WBY) Clúdach: Na Egwugwu - 2018.34 - 208lgh -
Crothla agus Cnámha
Torlach Mac Con Midhe
A chéad úrscéal . . . Clúdach: Valerie Seery - 2018.31 - 216lgh -