"Ceann de na leabhair filíochta is mó a tharraing m’aird i mbliana ná ‘An Fear sa Ghealach’ le Philip Cummings. Coincheap fíorspéisiúil atá taobh thiar den leabhar. Tugtar seans d’fhear ticéad a cheannach chun taisteal chuig an ghealach ar an choinníoll nach bpillfidh sé ar an domhan arís go deo. Mheall coincheap agus bardaíocht shnasta an leabhair mé. Tá Cummings ag treabhadh i ngort álainn dá chuid féin i bhfilíocht na nua-Ghaeilge." (Proinnsias Mac an Bhaird, Gaelscéal 23 Nollaig 2010)