SLIOCHT ÓN BHRÓISIÚIR ÉIGSE CHOLM CILLE 2009 NUAIR A BRONNADH GRADAM NA hÉIGSE AR AN tATHAR ANRAÍ MAC GIOLLA COMHAILL
I nDoire Cholm Cille féin a tháinig Anraí Mac Giolla Chomhaill chun an tsaoil sa bhliain 1940. Cuireadh oideachas air i gColáiste Cholm Cille, áit ar chuir sé spéis ar leith sna teangacha. Is iad an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Laidin na hábhair a bhí aige do na scrúduithe Ardleibhéil. Bhain sé céim amach ansin sa Cheiltis in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus chaith seal mar chúntóir taighde ag Henrich Wagner ina dhiaidh sin. Chuaigh sé a theagasc in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn, sa bhliain 1965 agus rinneadh sagart dó sa bhliain 1980. Chaith sé seal fada ina eagarthóir ar An tUltach idir 1965 agus 1977 agus is iomaí áis a chuir sé ar fáil do lucht na Gaeilge i rith an ama: téacsleabhar, ábhar léitheoireachta filíocht, agus leabhair do pháistí. Ba eisean a chuir eagar ar go leor de leabhair Thír Chonaill – Na Rosa go Brách (1997), Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997) agus Scéalta Johnny Shéamaisín (2004) – agus tá roinnt leabhar aistrithe ón Fhraincis aige chomh maith – Les Oberlé (1996), Le Grand Meaulnes (2001) agus Thérèse Desqueyroux (2008). Tá go leor ábhar foilsithe aige ar chúrsaí eaglasta, Pápaí an Fichiú hAois (2002), mar shampla, agus foilsíodh a mhórshaothar Deismir: Cnuasach de chora cainte is de nathain i nGaeilge Uladh sa bhliain 2003. Tá sé ar scor anois agus cónaí air ar an Lúb i gContae Dhoire.