Raidio Failte Fáilte

Coisceim Animated

Lá Nua La Nua Nuachtán Laethúil na Gaeilge Irish language newspaper daily newspaper
Guantánamo 
  Gabriel Rosenstock
= 2008.65 =
beo.ie oideas gael gleann cholmcille Irish Forum

 

Guantánamo Guantanamo Cuba Filíocht na gCimí Prisoners Poetry from Guantanamo University of Iowa Press Ceannaigh an leabhar Buy the book Achéte le Livre
Coiscéim Coisceim Leathnach Baile Home Page 
Guantanamo Guantánamo Cuba Extrordinary Rendition Prisoner's Poetry Filíocht na gCimí Special permission from Special thanks toUniversity of Iowa Press

FILÍOCHT LE:

Shaker Abdurraheen Aamer: Ag Troid ar Son na Síochána
Is Araib Shádach é Shaker Abdurraheen Aamer a raibh cónaí air sa Bhreatain. Is i Guantánamo, Cúba a bhfuil sé anois ó 2002. Chuir na Meiriceánaigh ine leith go raibh baint aige le al Qaeda toisc, is cosúil, go raibh sé ag obair san Afghanastáin don Fhondúireacht Al-Haramain, carthanas Sádach ar cuireadh maoiniú eagraíochta sceimhlitheorachta ina leith. Duine de cheannairí na gcimí in Guatánamo é agus duine ar éirigh leis deireadh a chur le ceann de na stailceanna ocrais ann. D'éirigh le hAamer coiste gearán a bhunú chun go gcaithfí leis na stailceoirí de réir Choinbhinsiún na Ginéive. I mí Mheán Fómhair 2005, cúpla lá tar éis don Choiste Gearán a theacht ar an saol, chuir na húdaráis ar fionraí é agus cuireadh Aamer i mbraighdeannas aonair. Is mar sin atá sé go dtí an lá inniu.

Abdulaziz: Duibhe na Carcrach agus Gearán Ní Dhéanfad
Ní mian le hAbdulaziz ach an chuid sin dá ainm a thabhairt. Bhí céim ollscoile díreach bainte amach aige ina chathair dhúchais Riyadh, san Araib Shádach, nuair a d'ionsaigh fórsaí SAM an Afganastáin. Thaistil sé go dtí an réigiún sin chun teacht ar a dheartháir agus é a thabhairt abhaile slán. Go gairid tar éis dó teacht air, ghabh fórsaí Chomhghuaillíocht an Tuaiscirt iad. Céasadh i bpríosún san Afganastáin é agus tugadh suas do na Meiriceánnaigh é go luath i 2002. Cuireadh é féin agus a dheartháir go Guantánamo i ndeireadh na dála. Scaoileadh saor a dheartháir i gceann na haimsire ach tá Abdulaziz fós faoi ghlas.

Abdullah Thani Faris al Anazi: Do m'Athair
Teascadh a dhá chos d'Abdullah Thani Faris Al Anazi le linn fheachtas buamála na Meiriceánnach san Afganastáin. Bhí sé ina oibrí cabhrach daonnúla ag an am. Nuair a teascadh leathchos de gabhadh é linn a théarnaimh agus díoladh le fórsaí Mheiriceá é. Teascadh an chos eile de agus é i ngéibheann ag na Meiriceánaigh. Is in Guantánamo atá sé ón mbliain 2002. Cuirtear iallach air ó am go chéile siúl ar chosa próistéiteach atá coinnithe le chéile ag téip.

Ustad Badruzzaman Badr: Leoin i gCás
Pacastánach a bhfuil raidhse aistí scríofa aige agus M.A. sa Bhéarla aige é Ustad Badruzzaman Badr. I gcaitheamh na 1980í chaith sé féin agus a dheartháir Shaikh Abdurraheem Dost a ndúthracht i mbun irisí a fhoilsiú, irisí a bhí ag tacú leis na trodairí in aghaidh arm forghabhála an Aontas Shóivéadaigh san Afganastáin. I mí na Samhna 2001 ghabh oifigigh faisnéise na Pacastáine iad agus ina dhiaidh sin tugadh suas d'fhórsaí míleata SAM iad. D'fhill Badr ar Pheshawar sa bhliain 2004 nuair a cinneadh nár baol do na Stáit Aontaithe é. Scríobh sé féin agus a dheartháir cuntas ar an tréimhse a chaith siad i ngéibheann,
Da Guantánamo Matay Zolany (Geimhle Briste Guantánamo).

Moazzam Begg: Ag dul abhaile
Saoránach Briotanach é Moazzam Begg a gabhadh sa Phacastáin agus a chaith trí bliana in Guantánamo. Agus é i ngéibheann fuair sé litir óna iníon seacht mbliana d'aois a raibh an oiread sin cinsearachta déanta uirthi nach raibh ach líne amháin inléite, is é sin "I love you, Dad". Scaileadh amach é sa bhliain 2005 agus níor cuireadh coir riamh ina leith. Faoi mar a mhínigh sé do Amnesty International is é an fhadhb is mó a bhaineann le Guantánamo nach féidir do neamhchiontacht a chruthú mar is i limbó atá tú ó thobh an dlí de agus gan aon cumarsáid cheart agat le do mhuintir.
Scríobh Moazzam Begg a chuimhní cinn Enemy Combatant: My Imprisonment in Guantánamo, Bagram, and Kandahar.

Jumah al Dossari: Línte Roimh Bhás
As Bairéin do Jumah al Dossari. Breis is cúig bliana caite aige in Guantánamo. Anuas ar an méid a d'fhulaing sé agus gan aon ní curtha ina leith, bhí air cua suas le drochíde fisiceach agus síceolaíochta; tá cur síos ar chuid dá chésadh sa leabhar Inside the Wire a scríobh iarsaighdiúir leis na seirbhísí faisnéise míleata, Erik Saar. I mbraighdeanas aonair a bhí sé ó dheireadh 2003 agus de réir fhórsaí míleata SAM dhein sé dosaen iarracht ar lámh a chur ina bhás féin. Bhí a dlíodóir ina fhinné ar eachtra amháin díobh sin nuair a tháinig sé air agus é leathchrochta agus ag cur fola. Nuair a scaileadh saor é sa bhliain 2007 thuairiscigh sé go mbíodh na Meiriceánaigh ag magadh faoi agus é ag guí, gur mhúchadar toitíní ar a chraiceann agus gur dheineadar a mún air.

Shaik Abdurraheem Muslim Dost: Níl Neart Acu Air, Dán Cupáin 1, Dán Cupáin 2 agus Dhá Dhréacht
File Pacastánach é Shaik Abdurraheem Muslim Dost a chaith beagnach trí bliana i Guantánamo i dteannta a dheartháir, Usted Badruzzaman Badr. Sular gabhadh sa bhliain 2001 é ba scoláire aitheanta é, file agus iriseoir. Beagnach scór leabhair i gcló aige, Chum sé thart ar 25,000 líne filíochta agus é i ngéibheann, ina theanga féin, Paisteo, ach choinnigh fórsaí míleata SAM an chuid is mó díobh nó scriosadar iad nuair a scaoileadh saor in Aibreán na nliana 2005 é. I mí Dheireadh Fómhair 2006, go gairid tar éis dó féin agus a dheartháir a gcuimhní cinn ar Guantánamo a fhoilsiú, ghabh fórsaí faisnéise Pacastáine é. Níor chualathas ó shin uaidh.

Mohammed el Gharani: An Chéad Dán i Mo Shaol
As Sead do Mohammed el Gharani. Tógadh san Araib Shádach é agus chuaigh chun na Pacastáine chun Béarla a fhoghlam agus staidéar a dhéanamh ar theicneolaíocht na faisnéise nuair a chuir póilíní na Pacastáine i bpríosún e. Chrochadar dá róstaí 30 babhta é - lomnocht, nach mór - is ar éigean a mhothaigh a dhá chos an talamh fúthu - agus buaileadh é nuair a chorraigh sé. Nuair a dúradh leis go dtabharfaí suas do na Meiriceánnaigh é - is amhlaigh a díoladh ar airgead é - bhí ríméad ar Gharani agus é ag súil go mbeiadh seireadh lena céasadh. Ach tharla sé arís dó: bhain na Meiriceánnaigh a chuid éadaigh de agus bhascadar é in Kandahar, san Afganastáin. I mí Eanair 2002, bhí sé ar dhuine den chéad buíonn de "throdathóirí an namhad" a aistríodh go Bá Guantánamo agus is ann dó i gcónaí, é ar duine de 29 ógánach atá á coinneáil ann in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. Is feidir scríobh chuige ag an seoladh seo: Mohammed el Gharani, ISN 269, Camp Delta, US Naval Base Guantanamo Bay, Washington DC 20355, S.A.M.

Sami al Haj: Náirithe i nGeimheal
Is Súdánach é Sami al Haj. Bhí sé ina iriseoir sa bhliain 2001 agus é ag obair don stáisiún teilifíse al-Jazeera nuair a gabhadh é agus é ar a shlí chun na hAfganatáine. Baineadh a phas agus a phreaschárta de. Tugadh suas do na fórsaí Meiriceánacha é i mí Eanair 2002 agus tugadh drochíde dó in aerionad Bagram agus i Kandahar sular aistríodh go Guantánamo é i mí Mheitheamh 2002. Chuir na Meiriceánaigh ina leith go raibh sé ag cuidiú le hantoiscigh ar nós al Queda ach níor cruthaíodar na líomhaintí sin riamh. Ceistíodh tuairim is 130 uair é. Chaill sé 55 punt agus é ar stailc ocrais. Deir sé go bhfaca sé an Qúrán Beannaithe á shruthlú síos an leithreas ag na Meiriceánaigh. Tar éis sé bliana in ifreann, scaileadh saor é féin agus beirt Shúdánach eile ar Lá Bealtaine 2008.

Martin Mubanga: Sceimhlítheoir 2003
Saoránach de chuid na Breataine agus de chuid na Saimbia é
Martin Mubanga. Is sa tSambia a gabhadh é nuair a bhí cuairt á thabhairt aige ar ghaolta leis. Cuireadh go Guantánamo é agus d'éirigh leis litreacha i bhfoirm rap a chur chuig a ghaolta sa bhaile via Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge ina raibh cur síos ar an drochíde a tugadh dó. Scaileadh amach sa bhliain 2005 é agus tá cónaí anois air i Sasana agus é gníomhach ar son na mBriotanach atá fós i ngéibheann i mBá náireach Guantánamo.

Emad Abdullah Hassan: An Fhírinne
As cathair Aden san Éimín d'Emad Abdullah Hassan a rugadh ar an 26ú Meitheamh 1979. Gabhadh é agus é ag freastal ar ollscoil sa Phacastáin. Cuireadh go Guantánamo é bíodh is gur admhaigh na Meiriceánaigh nach raibh baint aige le haon foréigin, fatwahjihad

Osama Abu Kabir: An Fíor
Iordánach é
Osama Abu Kabir, tiománaí trucail uisce a bhí fostaitheag bárdas mórcheantar Amman. Tar éis dó dul le heagraíocht mhisineach Ioslamach ar a dtugtar Jama'al-Tablighi, thaistil sé chun na hAfganastáine áit ar ghabh fórsaí frith-Taliban é agus tugadh suas d'airm Mheiriceá é. Cúis amháin a bhí ina aghaidh ná go raibh uaireadóir digiteach Casio á chaitheamh aige, branda a thaitníonn le lucht al Queda, deirtear, mar go bhfuil uaireadóirí áirithe in ann buamaí a mhadhmadh. Ach an Casio F91W a bhí á chaitheamh ag Osama Abu Kabir, ní baol d'éinne é. Roghnaigh Osama Abu Kabir é toisc é a bheith uiscedhíonach - níonn sé a lámha suas go dtí na huilinneacha roimh dó guí chun Dé. D'éist Allah lena ghuí agus scaileadh saor sa deireaadh é i mí na Samhna 2007.

Adnan Farhan Abdul Latif: Dán Stailc Ocrais
Éimineach de theaghlach neamhghustalach é Adnan Farhan Abdul Latif ar bhain timpiste de sa bhliain 1994; dá dheasca sin, níor mhór dó na blianta ina dhiaidh sin a chaitheamh sa dtóir ar chór leighis san Iordáin, san Afganastáin agus sa Phacastáin don damáiste a deineadh dá chloigeann. Tar éis na h-ionsaithe 9/11 ar na Stáit Aontaithe, ghabh fórsaí na Pacastáine é agus dhíoladar é le SAM ar $5,000. Seoladh go Guantánamo i ndeireadh thiar thall é agus cuireadh isteach i mbosca miotail amuigh faoin aer é, rud a dhein a thuilleadh dochair dá shláinte. Ba mhinic ina stailceoir ocrais é agus be mhinic, leis, beatha á brú air. 'mar a bheadh scian siar i mo scornach,' mar a dúirt sé.

Othman Abdulraheem Mohammad: Tá Cathú Orm. a Dheartháirín
Éimineach é Othman Abdulraheem Mohammad. Sular ghabh fórsaí na Pacastáine é ar theorainn na hAfganastáine amach sa bhliain 2001, bhí staidéar á dhéanamh aige ar an dlí agus an Qúrán á theagasc aige san Afganastáin. Fad is a bhí sé gafa ag na Meiriceánaigh in Kandahar chonaic Othman Abdulraheem Mohammad an Qúrán á chaitheamh isteach i mbairille chaca. Ionsaíodh a chreideamh arís is arís eile agus é ina chime in Guantánamo. Mar shampla, cuireadh cosc ar an nglaoch chun urnaí ann, rud bunúsach i saol an chreidmhigh. Ba dhuine de na stailceoirí ocrais é ar brúdh bia siar ina scornach, rud a thagann salach ar Choinbhinsiúin na Ginéive, ar ndóigh, agus ar chomhghnásanna an Chumainn Domhanda Mhíochaine.

Abdulla Majid al Noaimi: Breacaim Síos Mo Thnúthán Rúnda
As Bairéin d'Abdulla Majid al Noaimi. D'fhreastal sé ar Ollscoil Old Dominion, Virginia, ach chuaigh sé abhaile tar éis bliana; bhí a chroí briste tar éis scaradh lena chailín. Thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht leictreach in Aontas na hÉimíríochtaí Arabacha sa bhliain 2001 agus go gairid ina dhiaidh sin thaistil sé chun na hAfganaastáine. Bhí gaol leis agus cara cnis ansin gan tást ná tuairisc air agus theastaigh uaidh fáil amach cad d'imigh air. Níor tháinig sé air. Chuaigh sé go dtí teorainn na Pacastáine ansin agus d'iarr sé go dtabharfaí go dtí ambasáid na Bairéine é. Ach is amhlaidh a thug údarás na Pacastáine suas do na Meiriceánaigh é. Coinníodh in Kandahar na Afganastáine é ar feadh cúig mhí nó mar sin sular aistríodh é go Guantánamo é. Scaileadh amach ón gcampa géibhinn é i mí na Samhna 2005.

Ibrahim al Rubish: Óid don Mhuir
Is ag teagasc sa Phacastáin a bhí Ibrahim al Rubish nuair a ghabh amhais é agus dhíoladar leis na comhghuaillithe é. Scoláire creidimh é, fear síochánta agus ábhar breithimh. Tá iníon aige a saolaíodh trí mhí sular gabhadh é. Dúradh leis go gcoinneofaí i ngéibheann é dá gceapfaí gur baol slandála é ach go scaoilfí saor é dá gceapfaí nach raibh aon dochar ann. An freagra a thug Ibrahim al Rubish ar sin: "I ndomhan na gcúirteanna idirnáisiúnta, meastar duine a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthaítear é bheith ciontach. Cén fáth gur ciontach atá an duine san áit seo go dtí go gcuthaítear é a bheith neamhchiontach?"

Siddiq Turkestani: Fiú Más i nGéire
Is Uighurach é Siddiq Turkestani a tógadh san Araib Shádach. Agus é ag taisteal san Afganastáin sa bhliain 1997, d'fhuadaigh baill d'al Queda é agus chéas é go dtí gur 'admhaigh' sé go raibh beartaithe aige Osama Bin Laden a mharú. Chuit an Taliban i bpríosún é in Kandahar go dtí an bhliain 2001 nuair a thug fórsaí faisnéise SAM cuairt ar an bpríosún. D'inis sé a scéal dóibh agus gealladh go scaoilfí saor gan mhoill é. Ina áit sin, aistríodh go Guantánamo é agus chaith sé ceithre bliana ann; cuireadh ina leith go raibh baint aige leis na Taliban agus le al Queda! I mí Eanair 2005 tuigeadh do na Meiriceánaigh nár throdaí naimhdeach é agus sé mhí ina dhiaidh sin ligeadar amach é.

 

NOAM CHOKSKY:

"The region was taken by a 'treaty' that Cuba was forced to sign under the military occupation. The US has been violating the terms of this outrageous 'treaty' for decades - e.g. using it for holding Haitians who were captured when they were fleeing terror in Haiti (for which the US bore ample responsibility) Current use also radically violates the terms of the outrageous 'treaty' "

(The Independant on Sunday, 30ú Lúnasa, 2008)

Dánta foilsithe le cead ó University of Iowa Press. Tá aon brabús ar díol na leabhar seo ag dul chuig Amnesty International.

 

 

Coisceim Leabhair Ghaeilge Irish Language Books Priomh Foilsitheoiri na Gaeilge