{"title":"Aistriúcháin","description":null,"products":[{"product_id":"titeann-rudai-as-a-cheile","title":"Titheann Rudaí mar a Chéile","description":"Aistrithe go cúramach ag Irene Duffy Lynch. Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlaisicí litríochta an domhain ó foilsíodh i 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is 50 teanga, agus breis is deich milliún cóip de dhíolta. Agus é ag cuir síos go grinn báiúil ar chinniúint pobail amháin san Aifric, baineann léiriú Chinua Achebe le cinniúint an duine ar fad i saol ár linne. Titeann rudaí as a chéile, ní féidir leis an lárionad a choinneáil (WBY)","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109329289596,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2018.34chinua.jpg?v=1744392833"},{"product_id":"toraiocht-an-duine-ar-bhri","title":"Tóraíocht an Duine ar Bhrí","description":"\u003cp\u003e Is seoid luachmhar é an leabhar beag seo, a dhíríonn ar na fadhbanna daonna is doimhne. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí báis na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháin atá ann, áfach, ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D'aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú sna cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil sna cúinní céanna in ainneoin na n uafás do-aithriste ina thimpeall. Agus é i nGaeilge anseo den chéad uair, ábhar léitheoireachta riachtanach atá ann. Aistrithe ag Irene Duffy Lynch.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131930325372,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.04toraiocht.jpg?v=1766067351"},{"product_id":"na-mairbh-the-dead","title":"Na Mairbh \/ The Dead","description":"\u003cp\u003eÁirítear ‘Na Mairbh’ le James Joyce ar an ngearrscéal is fearr dár scríóbhadh i mBéarla riamh, an scéal is mó clú ina chnuasach \u003cem\u003eDubliners \u003c\/em\u003ea foilsíodh sa bhliain 1914. Cur síos is ea é ar chóisir i mBaile Átha Cliath ar 6 Eanáir 1904 i dteach Cháit agus Shíle Ní Mhuireagáin agus a neachta. I measc na ngaolta agus na gcairde ag an gcóisir bhliantúil tá Gabriel, nia le Cáit agus Síle, agus a bhean Gretta. Leanann caint is comhrá, ceol is damhsa, fleá is féasta ar feadh na hoíche. Níos déanaí, foghlaimíonn Gabriel rud faoina bhean a athraíonn gach uile rud, a thuairimí fúithi agus faoi féin, agus a thuiscint ar chiall na beatha is an bháis.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":57525393752444,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/namairbhthedead.jpg?v=1790853315"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/collections\/aistriuchain.oembed","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}