{"title":"Neamhfhicsean","description":null,"products":[{"product_id":"ainm-na-saoirse","title":"Ainm na Saoirse - Gaeilge Dháil Éireann 1919-22","description":"\u003cp\u003e Gaeilge Dháil Éireann 1919 - 1922. Bhuaigh an leabhar seo An Duais do Leabhar Taighde na Bliana 2019 ón gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Ní h-amháin sin ach bhuaigh sé An Chéad Duais sa chomórtas Saothar Próis i gComórtas Liteartha an Oireachtais don Scríbhneoir Fásta\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109302288764,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2019.54ainm.jpg?v=1744391635"},{"product_id":"bliain-na-n-iontas","title":"Bliain na nIontas","description":"\u003cp\u003eFaoin bhliain 1989. B'iontach an bhliain í 1989. B'iontach an bhliain í 1989 don údar - gan dabht. Bhí 1989 chomh h-iontach sin go raibh uirthi leabhar a scríobh faoi, agus a tharla di. Seo idir eachtraí agus iontais, di féin, a chlann, a chairde, san ospuidéal, sa bhaile sa Ghearmáin, leanbh nua, thar lear, ar saoire. Cín lae na bliana - Bliain milltineach - 50 bliain ó d’ionsaigh airm na Naitsithe an Phólain, an Eoraip ..\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109309596028,"sku":null,"price":7.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2019.36bliain.jpg?v=1744391899"},{"product_id":"cursai-staire","title":"Cúrsaí Staire","description":"\u003cp\u003eDóibh san ar suim leo an staighre. Aistí ar an staighre, ar staraithe, agus ar scríobh na staire, i gcosaint na staighre..\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109314445692,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2018.09cursai.jpg?v=1744392094"},{"product_id":"dearbhuithe-dearfacha","title":"Dearbhuithe Dearfacha","description":"Bailiúchán nathanna dearfacha. Más i n-ísle brí atá tú, dubhachas nó lagar spride do choimeád síos. Is é seo an leabhar duitse. Líonta le dearbhuithe dearfacha dírithe ort féin le meon dearfach a chothú mar chosaint ón domhan diúltach lasmuigh","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109315133820,"sku":null,"price":9.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2019.56dearbhuithe.jpg?v=1744392135"},{"product_id":"dun-chaoin-oscail-an-scoil","title":"Dún Chaoin - Oscail an Scoil!","description":"\u003cp\u003eScéal Scoil Dhún Chaoin, conspóid na h-oscailte. Cad a bhí ar bun sa Roinn Oideachais a chuir an méid sin fearg ar lucht Chorca Dhuibhne? Pobal beag agus iad gríosaithe chun léirsiú ar mhaithe le fostaithe gcultúr is ár n-oidhreacht a chosaint! Dúnadh an scoil i 1970 ach osclaíodh í arís go ‘mídhleathach’ - gan tacaíocht ón roinn, stádas a mhair trí bliana dheacra. Scoil scairte iargúlta agus í mar cnámh spairne sa Dáil\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109315756412,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2017.11dunchaoin.jpg?v=1744392172"},{"product_id":"fiadhulra-oilean-an-bhulla","title":"Fiadhúlra Oileán an Bhulla","description":"\u003cp\u003e Is áis an-tábhachtach é Oileán an Bhulla do phobal Bhaile Átha Cliath, agus bíonn na mílte daoine ag tabhairt cuairte gach lá. 5km ar fad agus 1km ar leithead - fhorbairt ar an oileánda i 1825. Tá fairsinge mar nádúr ann agus é go léir curtha os ár gcomhair sa leabhar álainn seo. Tá na teimpléid maisithe go gleoite le líon mór grianghrafanna daite d'ard chaighdeán ag léiriú dathúlacht an fhiadhúlra.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109317853564,"sku":null,"price":7.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2020.28fiadhulra.jpg?v=1744392243"},{"product_id":"fineid-as-an-tsin-seal-i-yangshuo","title":"Finéid as an tSín - Seal i Yangshuo","description":"Tuairisc an-spéisiúil ar oilithreacht agus turas-saoire fada sa tSín. Is mar mhúinteoir agus dalta a chuaigh an t-údar go Yangshuo. Tá cuir síos anseo ar staighre na cathrach agus na ceanntracha maguaird. Scéalta agus eachtraíocht ar na turasanna mórthimpeall na tíre. Taisteal bus go Shenzen agus ath-nuachan visa i Xianggang. Cuir síos cruinn staidéarach ar na dearcaí náisiúnta idir an Oirthir agus an Iarthar, an difríocht idir bia blasta agus bia gasta","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109318836604,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2014.35fineid.jpg?v=1744392252"},{"product_id":"friedrich-engels-saothar-a-shaoil","title":"Friedrich Engels; Saothar a Shaoil","description":"Bhog Engels go Shasana sa bhliain 1842. Sheol sé go leor aistí chuig an Reinische Zeitung i mBerlin ina raibh Karl Marx mar dhearthóirí. Tá neart aistí stairiúla sa leabhar ag tagairt do dhaoine agus imeachtaí stairiúla. Cuir síos ar a shaol le linn na cogaidh idir an Fhrainc \u0026amp; an Phrúis. Bismark \u0026amp; ​​an Ostair, agus na blianta suas go dtí a bhás sa bhliain 1895. Ordan, gan dabht","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109319000444,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2011.58friedrichengels.jpg?v=1744996320"},{"product_id":"o-bhun-an-bhogaidh-go-barr-na-gcroibh","title":"Ó Bhun an Bhogaidh Go Barr na gCróibh","description":"\u003cp\u003e Na scéalta agus an t-eolas atá ag Mícheál Ó Domhnaill (r. 1925) faoin saol i bparóiste Chill Chartha Naofa agus sna bailte fearainn: An Bogach, Sraith Laoi Fheoil, Sraith na Circe agus Na Cróibh. Tá baint ag na scéalta anseo leis an seansaol atá imithe agus nach dtiocfaidh ar ais go deo. Tá na seanghrianghraif sa leabhar curtha ar fáil le cead ó Áislann Chill Chartha. Gluais fairsing na logainmneacha comhair ann fosta\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109323030908,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2011.16bunanbhogaidh.jpg?v=1744392520"},{"product_id":"gaeil-agus-geibheann","title":"Gaeil agus Géibheann","description":"\u003cp\u003e Is iomaí sin cor agus casadh a bhaineann le haistear na Gaeilge trí na príosúin inar coinníodh pobaltánaigh i rith na mblianta. Éire a bheith saor agus Gaelach araon ba chuspóir dóibh, agus bhraith siad go raibh dualgas orthu cloí leis an aisling sin agus iad faoi ghlas. D’fhoghlaim na céadta Gaeilge ainneoin na n-ainneoin, agus leathnaigh siad an teanga ar theacht amach dóibh.\u003c\/p\u003e\n\n \u003cp\u003eInsíonn Eoghan Mac Cormaic a scéal sa leabhar seo. Tarraingíonn sé ar a taithí féin chomh maith le réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Seo scéal na tíre trí shúile na nGael i ngéibheann.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131899064700,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.08GaeilagusGeibheann.jpg?v=1766066306"},{"product_id":"roinnt-scealta-o-na-hasadaeigh","title":"Roinnt Scéalta ó na Hasadaeigh","description":"\u003cp\u003eDuine d’fhealsúna móra an fhichiú céad ab ea Martin Buber (1878-1965). Ag tarraingt ar thraidisiúin an Ghiúdachais chomh maith lena chuid machnaimh féin, ba phearsa mhór i saol na hintleachta i lár na hEorpa é go dtí gur tháinig na Naitsithe i réim, ach lean sé dá chuid saothair san Iarúsailéim. Phléigh a leabhar Ich und Du (Mise agus Tusa) le tábhacht na dialóige, ag áitiú gur gá dúinn labhairt go cothrom le chéile mar dhaoine seachas mar rudaí seachtracha. Chaith Buber daichead bliain ag bailiú scéalta a bhain le béaloideas agus creideamh na nGiúdach. Tá roinnt scéalta seo na Hasadaech aistrithe ag Isobel Ní Riain anseo, chomh maith le réamhfhocal agus nótaí mínithe. Léirgas ar leith atá le fáil iontu.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131901489532,"sku":null,"price":0.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.07roinntscealta_1ad8d328-f63a-43d2-b340-ca467c06c7b5.jpg?v=1766067115"},{"product_id":"seosamh-mac-grianna-i-mbaile-atha-cliath","title":"Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath","description":"\u003cp\u003eTuras Sheosaimh Mhic Grianna agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938, léarscáil litríochta ar an iliomad áiteanna a raibh sé ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol Chomh maith lena chuid bunscríbhneoireachta, rinne sé aistriúcháin ealaíonta ar casta dúshlánacha, agus tugtar sleachta anseo mar shaothair chuid sna réimsí éagsúla a raibh cónaí air. Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh sé an leabhar leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131915514236,"sku":null,"price":8.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.10SeosamhmacGrianna.jpg?v=1766067137"},{"product_id":"aisti-eorpacha-3","title":"Aistí Eorpacha 3","description":"\u003cp\u003eSeo againn an tríú himleabhar d’aistí ar an iliomad gnéithe den Eoraip ag Torlach Mac Con Midhe, agus beagnach gach ceann díobh suite in áit faoi leith ar mhór-roinn na hEorpa: sa Bheilg, sa Bhriotáin, san Eilvéis, i Lichtenstéin, san Iodáil agus sa Ghréig. An spis seo, is Ã©ifeachtach an tír¬dhreacha ar an duine agus ar an eagraÃocht a bhÃ aige. Rianaíonn sé an gaol idir tírdhreach agus cultúr dúchais, agus an ‘míniú’ a thugann sé ar an tírdhreach. Is iomaí tír agus áit a shiúltar sna haistí seo, tarraingítear ar a lán teangacha, agus blaistear de go leor cultúr.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131918135676,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/aisti_d3d5cc4f-740d-464a-b285-5f48e76dffdf.webp?v=1766067226"},{"product_id":"scor-vi","title":"Scór VI","description":"\u003cp\u003eSeo scór eile curtha le chéile ag an údar, scéalta a fhéachann siar agus ar aghaidh. Scagadh taithí agus toradh machnaimh atá le brath orthu. Cíortar buanna agus teipeanna, cuirtear ceisteanna, fiosraítear aduaine an ghnáthshaoil ​​— agus taitneamh as baint as an iomlán i gcónaí.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131929276796,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.03scor6_57e8ee4f-098d-4376-ab35-430a879756a7.jpg?v=1766067369"},{"product_id":"toraiocht-an-duine-ar-bhri","title":"Tóraíocht an Duine ar Bhrí","description":"\u003cp\u003e Is seoid luachmhar é an leabhar beag seo, a dhíríonn ar na fadhbanna daonna is doimhne. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí báis na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháin atá ann, áfach, ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D'aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú sna cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil sna cúinní céanna in ainneoin na n uafás do-aithriste ina thimpeall. Agus é i nGaeilge anseo den chéad uair, ábhar léitheoireachta riachtanach atá ann. Aistrithe ag Irene Duffy Lynch.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131930325372,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.04toraiocht.jpg?v=1766067351"},{"product_id":"dramaiocht-ar-an-scailean","title":"Drámaíocht ar an Scáileán","description":"\u003cp\u003eÓ bunaíodh TG4 i 1996 tá cleachtadh againn ar dhrámaí i nGaeilge a breathnaíodh air. Ach cén chaoi a raibh cúrsaí roimhe sin? Ceaptar go minic gur fíorannamh a dráma Gaeilge ar an scáileán an t-am sin — ach ní fíor sin. Cuireann an leabhar seo síos ar an iliomad drámaí a bhí le feiceáil idir 1951 agus 1996, agus na daoine a ghlac páirt iontu. Cuirtear síos anseo ar gach dráma Gaeilge a bhí ar an scáileán sa tréimhse, agus ar ghníomhaíocht na hoibre, ag tarraingt ar thaighde fairsing. Tá liosta cuimsitheach de na céadta duine a bhí páirteach sna drámaí, agus pléitear an feachtas a bhain teilifís Ghaeilge amach go deireadh. Scéal fíorspéisiúil a nochtar, agus cuid lárnach de staighre na teanga.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131932815740,"sku":null,"price":12.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.06scannain.jpg?v=1766067462"},{"product_id":"reabhloid-oideachais","title":"Réabhlóid Oideachais - An Stát agus Bunscoil Phobal Feirste 1965-1984","description":"\u003cp\u003eTá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid an stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla. Bronnadh an duais as Buaicshaothar Próis na Bliana ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131934355836,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.10reabhloid.jpg?v=1766067952"},{"product_id":"an-fraoch-tri-thine","title":"An Fraoch trí Thine","description":"\u003cp\u003eTráth a raibh Cogadh na Talún ar siúl i nÉirinn, bhí troid den chineál céanna á cur ag na croiteoirí i nGarbhchríocha na hAlban. Fiosraíonn an leabhar seo tionchar na hÉireann ar ‘Cogadh na gCroitéirí’ sna 1880idí, go háirithe ar an Eilean Sgitheanach. Míníonn sé cúlra na comhghuaillíochta a rinneadh idir leasaitheoirí chóras na talún sna Garbhchríocha agus in Éirinn. Scrúdaíonn sé an eagla a bhí ar údaráis na Breataine go mb’fhéidir dá gcol ceathracha in Éirinn Gaeil na hAlban a spreagadh chun éirí amach. Nochtann sé cuid den teannas taobh istigh de náisiúnachas na hÉireann agus Micheál Mac Daibhéid is a lucht tacaíochta ag baint leasa as Albain le leasuithe sóisialacha a chur chun cinn, cé go raibh sé dílis i gcónaí do Parnell, de réir cosúlachta, maidir le cúis an rialtais dúchais i gcoitinne.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131938222460,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.11anfhraoch.jpg?v=1766068101"},{"product_id":"eachtrai-san-eoraip","title":"Eachtraí san Eoraip","description":"\u003cp\u003eIs leabhar fíorthráthúil é seo le linn measúnú domhanda a bheith ar siúl ó bhonn ar luachanna, ar eitic agus ar fheaslúnacht idir mhorálta agus pholaitiúil. Tá fianaise luachmhar ann, leis, ar chuid den díospóireacht agus den bplé leanúnach a bhí, agus a bhíonn i gcónaí, ag Éire leis an Eoraip. Agus, léas léargais is ea é ar scríbhneoireacht Ghaeilge i gcomhthéacs Eorpach a thugann aghaidh ar dhomhan seachtrach taobh amuigh de shaol an Bhéarla.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56324000285052,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/Screenshot2026-02-06at11.54.13.png?v=1770388238"},{"product_id":"ar-scath-a-cheile-cnuasach-seanfhocal-agus-nathanna-cainte-as-na-tiortha-ceilteacha","title":"Ar Scáth a Chéile – Cnuasach seanfhocal agus nathanna cainte as na tíortha Ceilteacha","description":"\u003cp\u003eBíonn saibhreas sheanfhocail na Gaeilge le brath ag aon duine a léann cúpla ceann acu. Tá siad lán de chiall, ag tabhairt dearcadh eile ar an saol in amanna, iad glic nó greannmhar, dáiríre nó dána. Agus is amhlaidh atá a macasamhail sna teangacha Ceilteacha eile: an Ghàidhlig, an Ghaelg, an Bhreatnais, an Choirnis agus an Bhriotáinis. Níor mhaolaigh na teachtaireachtaí nó an chiall atá le baint astu le himeacht ama.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá céad seanfhocal as gach ceann de na teangacha Ceilteacha sin le fáil anseo, agus iad aistrithe go Gaeilge freisin. Tá na cosúlachtaí is na difríochtaí idir na teangacha le feiceáil go soiléir. Tá caibidil ar gach teanga, ina dtugtar gearrstair na teanga, nótaí ar ghnéithe di, agus cur síos ar na seanfhocail féin.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eIs iontach an bealach isteach sna teangacha Ceilteacha é an cnuasach seo. I ndiaidh na seanfhocail seo a léamh, tuigfear go bhfuil brí ar leis leis an seanfhocal Gaeilge ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAs Béal Feirste do Dhiarmuid Ó Breasláin. Tá tamall fada caite aige ag obair le cúrsaí Gaeilge sa phobal ina chathair dhúchais. Tá sé ag plé le cúrsaí Ceilteacha le breis is tríocha bliain.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58223294906748,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/arscathacheile.jpg?v=1794931169"},{"product_id":"scealta-dolais-agus-dochais-cin-lae-fhrancach-ii-2021-22","title":"Scéalta Dóláis agus Dóchais – Cín Lae Fhrancach II 2021-22","description":"\u003cp\u003eInsíonn an leabhar seo gnátheachtraí an lae i mbaile beag sa Fhrainc i rith bliana. Is ann don áit, do na daoine agus do na heachtraí, ach athraíodh na hainmneacha pearsanta. Scríobhadh é gan phlean réamhcheaptha, gan mhodh oibre seachas an nuacht lom agus iomas an údair nach bhfuil an bradán feasa blaiste aige.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTuigeann sé cad as dó: is siúlóir é a leanann a bhealach féin gan GPS inmheánach ná ceann scríbe réamhroghnaithe seachas tóraíocht na féinaithne agus sonas an aistir. Níl a fhios aige cad is eol dó ach go bhfuil amhras air faoin saol. Pléitear stair, polaitíocht, cairdeas, eachtraí poiblí agus príosúin.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eBíonn guth an údair íoróineach spreagúil ainrialta, agus ní griogadh gan chúis é ach cuid dá phearsantacht. Níl dath ná inscne ná cine ná aois ag an scríobh. Ní gá aontú le tuairimí ná ceisteanna an údair, ach más fíor an cuntas, seans go dtiocfaidh tú ar an méid is tábhachtaí, an méid nach bhfuil ráite. Tagann tuiscint as cíor thuathail an tsaoil, agus tugann geata na féinaithne duine amach chuig spléachadh den uilíocht dhaonna.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58297948111228,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/scealtadolaisagusdochais.png?v=1795441311"},{"product_id":"scealta-sceine-agus-aiseiri-cin-lae-fhrancach-2020-21","title":"Scéalta Scéine agus Aiséirí – Cín Lae Fhrancach 2020-21","description":"\u003cp\u003e\u003cspan\u003eCuntas atá sa leabhar seo ar eachtraí an ghnáthlae le linn na chéad paindéime Covid i sráidbhaile beag tuaithe i ndeisceart na Fraince. Scríobhadh é gan plean réamhcheaptha seachas an cur síos rialta gonta, gan modh oibre seachas na smaointe a eascraíonn ó ábhar léitheoireachta an lae agus ó na himeachtaí de réir mar a théann cúrsaí ar aghaidh. Nil aon rud ficseanaithe, is ann do na carachtair, na háiteanna agus na heachtraí, cé gur athraíodh ainmneacha pearsanta chun a bheith discréideach. Ligeann an t-údar a chuid machnaimh leis an léitheoir, ach ó nach mbíonn dath ná inscne ná cine ná aois ag an scríobh, tá súil aige gurb ionann an rud pearsanta is an rud uilíoch. Tagann cuidiú as cuimse chuige as scéalta an Bhíobla de bhrí gur séiplíneach príosúin é, as scríbhneoirí na Fraince ón Mheánaois go dtí an lá atá inniu ann, agus ón iliomad aistriúchán Gaeilge atá déanta orthu. Is mór a tharla in imeacht bliana, idir chúrsaípoiblí, sláinte, cairdis agus athrú saoil, agus is grinn an léargas atá le fáil i leathanaigh an leabhair seo ar na scéalta scéine, aiséirí agus eile.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58297954238844,"sku":null,"price":12.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/211005-scealtasceineagusaiseiri.png?v=1795441402"},{"product_id":"500-beannacht","title":"500 Beannacht","description":"\u003cp\u003e\u003cspan\u003eTá beannacht do gach uile ócáid agat sa leabhar beag éadrom seo. Beidh do chairde agus do lucht aitheantais iontach buíoch díot, agus snas ar do theanga is do chuid comhráite. \u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58303246303612,"sku":null,"price":7.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/500beannacht.jpg?v=1795520330"},{"product_id":"500-mallacht-ort","title":"500 Mallacht Ort","description":"","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58303246664060,"sku":null,"price":8.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/500mallacht.jpg?v=1795520382"},{"product_id":"ag-fas-anios-in-iarthar-na-ndeise","title":"Ag Fás Aníos in Iarthar na nDéise","description":"\u003cp\u003eChaith Tom O’Donoghue blianta fada ina léachtóir i Nua-Ghuine Phapua san Aigéan Ciúin Theas, agus tá scéal a shaoil ansin inste aige cheana i \u003ca href=\"https:\/\/www.siopaleabhar.com\/tairgi\/deiseach-i-nua-ghuine-phapua\/\"\u003eDéiseach i Nua-Ghuine Phapua\u003c\/a\u003e. San Astráil atá sé ó shin, ar an gceird chéanna. Ach i rith an ama bhí tionchar a óige sna Déise le brath aige, agus is chuige sin atá sé sa leabhar seo.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eRianaíonn sé cúlra na muintire dar díobhé, agus a theacht in inmhe i Lios Mór. Chuaigh an scolaíocht i bhfeidhm air go mór, agus eaglais a bhí i mbarr réime an tráth sin. Agus is é a chuimhne ar a chomharsana a d’fhág an lorg is láidre: na cairde a bhí aige, an iliomad siopa a bhí ar an mbaile, an obair a thugadh ar fud na dúiche é.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eCuireann sé síos ar an saol sin anseo le grá agus dúthracht. Más saol é atá imithe faoin am seo, maireann a lorg agus d’fhán sé le Tom, fiú agus é ina dheoraí ar an taobh eile den domhan.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58303975096700,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/agfasaniosiniartharnandeise.jpg?v=1795529676"},{"product_id":"an-tull-mor-imeachtai-an-tsiompoisiam-colaise-lehman-nua-eabhrac-2012-20","title":"An tÚll Mór - Imeachtaí an tSiompóisiam Coláise Lehman, Nua-Eabhrac 2012-20","description":"\u003cp\u003e\u003cspan\u003eImeachtaí an tSiompóisiam Coláiste Lehman i Nua-Eabhrac 2012 – 20. Pléitear béaloideas, ceol, gearrscéalta, stair agus scannáin i dtaca le litríocht na Gaeilge. Ceithre alt déag ón iris ar líne – \u003c\/span\u003e\u003cem\u003e\u003ca href=\"https:\/\/antullmor.com\/\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\"\u003eAn tÚll Mór\u003c\/a\u003e\u003c\/em\u003e\u003cspan\u003e – don chéad uair ar pháipéar, i bhfoirm leabhar, le blaiseadh láidir ar shaothrú bisúil Léann na Gaeilge sna Stáit.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":58316406161788,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/202602antullmor.jpg?v=1795611464"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/collections\/neamhfhicsean.oembed?page=3","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}