{"title":"Díoltóirí Móra","description":"","products":[{"product_id":"scor-vi","title":"Scór VI","description":"\u003cp\u003eSeo scór eile curtha le chéile ag an údar, scéalta a fhéachann siar agus ar aghaidh. Scagadh taithí agus toradh machnaimh atá le brath orthu. Cíortar buanna agus teipeanna, cuirtear ceisteanna, fiosraítear aduaine an ghnáthshaoil — agus taitneamh le baint as an iomlán i gcónaí.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131929276796,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.03scor6_57e8ee4f-098d-4376-ab35-430a879756a7.jpg?v=1766067369"},{"product_id":"faoi-lathair-seal","title":"Faoi Láthair Seal","description":"\u003cp\u003eAn cnuasach deireanach ó dhuine de mhórfhilí na linne, a rinne cion fir le filíocht na Gaeilge a chothú. Sampla eile fós is é den ghéire intinne agus samhlaíochta a léirigh sé ar feadh saol dúthrachtach bisiúil. Brollach leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131931242876,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.07faoilathair.jpg?v=1766067391"},{"product_id":"dramaiocht-ar-an-scailean","title":"Drámaíocht ar an Scáileán","description":"\u003cp\u003eÓ bunaíodh TG4 i 1996 tá cleachtadh againn ar dhrámaí i nGaeilge a fheiceáil air. Ach cén chaoi a raibh cúrsaí roimhe sin? Ceaptar go minic gur fíorannamh a bhíodh dráma Gaeilge ar an scáileán an t-am sin — ach ní fíor sin. Cuireann an leabhar seo síos ar an iliomad drámaí a bhí le feiceáil idir 1951 agus 1996, agus na daoine a ghlac páirt iontu. Cuirtear síos anseo ar gach dráma Gaeilge a bhí ar an scáileán sa tréimhse, agus ar chúlra na hoibre, ag tarraingt ar thaighde fairsing. Tá liosta cuimsitheach ann de na céadta daoine a bhí páirteach sna drámaí, agus pléitear an feachtas a bhain teilifís Ghaeilge amach ar deireadh. Scéal fíorspéisiúil a nochtar, agus cuid thábhachtach de stair na teanga.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131932815740,"sku":null,"price":12.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.06scannain.jpg?v=1766067462"},{"product_id":"griscini","title":"Gríscíní","description":"\u003cp\u003eFilíocht? Filíocht? “Aiseag an chait a d’ith frog de thimpiste,” má b’fhíor do Lorca fadó… Ach ní taobh le froganna atáimid sna leathanaigh seo. “Tá an troscadh déanta, \/ tá an bord leagtha, \/ tá an dinnéar réidh.”\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131933634940,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.05griscini.jpg?v=1766067914"},{"product_id":"reabhloid-oideachais","title":"Réabhlóid Oideachais","description":"\u003cp\u003eTá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid an stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla. Bronnadh an duais as Buaicshaothar Próis na Bliana ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131934355836,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.10reabhloid.jpg?v=1766067952"},{"product_id":"diskan-agallamh","title":"Diskan \/ Agallamh","description":"\u003cp\u003eTeangmháil shuntasach ar leith idir litríocht na Gaeilge agus na Briotáinise atá le fáil sna haistriúcháin seo. Thiontaigh Máirtín Ó Cadhain agus Gwion Hernot ceithre scéal le Jakez Riou, scríbhneoir den scoth, go Gaeilge, agus scéal leis an gCadhnach go Briotáinis. Leagan amach comhthreomhar sa dá theanga atá ar an saothar anseo. Tugann réamhrá an eagarthóra Éamon Ó Ciosáin cur síos spéisiúil ar an idirmhalartú Ceilteach as an ngnáth seo.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131936944508,"sku":null,"price":13.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025diskan.jpg?v=1766067995"},{"product_id":"eachtrai-san-eoraip","title":"Eachtraí san Eoraip","description":"\u003cp\u003eIs leabhar fíorthráthúil é seo le linn measúnú domhanda a bheith ar siúl ó bhonn ar luachanna, ar eitic agus ar fheaslúnacht idir mhorálta agus pholaitiúil. Tá fianaise luachmhar ann, leis, ar chuid den díospóireacht agus den bplé leanúnach a bhí, agus a bhíonn i gcónaí, ag Éire leis an Eoraip. Agus, léas léargais is ea é ar scríbhneoireacht Ghaeilge i gcomhthéacs Eorpach a thugann aghaidh ar dhomhan seachtrach taobh amuigh de shaol an Bhéarla.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56324000285052,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/Screenshot2026-02-06at11.54.13.png?v=1770388238"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/en\/collections\/best-sellers.oembed","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}