{"title":"Ficsean","description":"","products":[{"product_id":"deoraiocht","title":"Deoraíocht","description":"\u003cp\u003eTá úrscéal seo Phádraic Uí Chonaire ag cur áthas agus iontas ar léitheoirí ó foilsíodh i 1910 é. Ó d’imigh an chéad eagrán as cló sna 1920idí, áfach, ní raibh an leabhar iomlán ar fáil do léitheoirí. Cuireadh eagrán amach tar éis bhás Uí Chonaire agus cinsireacht déanta air. Cheil sé seo collaíocht na mban sa scéal, de réir phiúratánachas na linne. Tá an chinsireacht chéanna déanta ar gach eagrán eile a tháinig amach ó shin, agus ar aistriúcháin den leabhar. Den chéad uair le céad bliain, tá Deoraíocht ar fáil gan cháim gan chinsireacht san eagrán nua seo. Tá an scrúdú is géire go dtí seo ar stair an leabhair déanta ag an eagarthóir Aindrias Ó Cathasaigh ina réamhrá.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131889070460,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.03deoraiocht.jpg?v=1766065916"},{"product_id":"o-loinsigh-agus-mason","title":"Ó Loinsigh agus Mason","description":"\u003cp\u003eIs bleachtairí príobháideacha iad Ó Loinsigh agus Mason, iad lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach cásanna á nglacadh acu ar fud na tíre. Is iar-Gharda é Ó Loinsigh, atá ag teacht i ngiorracht don phinsean, agus is nia Meiriceánach leis a chomhghleacaí óg, Mason. Is minic iad in adharca a chéile faoi modus operandi an fhir óig, ach caithfear a admháil go dtugann sé an bád i dtír, fiú is go mbíonn sé ar imeall an dlí ó thráth go chéile…\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131896312188,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.05oloinsigh.jpg?v=1766066216"},{"product_id":"roinnt-scealta-o-na-hasadaeigh","title":"Roinnt Scéalta ó na Hasadaeigh","description":"\u003cp\u003eDuine d’fhealsúna móra an fhichiú céad ab ea Martin Buber (1878-1965). Ag tarraingt ar thraidisiúin an Ghiúdachais chomh maith lena chuid machnaimh féin, ba phearsa mhór i saol na hintleachta i lár na hEorpa é go dtí gur tháinig na Naitsithe i réim, ach lean sé dá chuid saothair in Iarúsailéim. Phléigh a leabhar Ich und Du (Mise agus Tusa) le tábhacht na dialóige, ag áitiú gur gá dúinn labhairt go cothrom le chéile mar dhaoine seachas mar rudaí seachtracha. Chaith Buber daichead bliain ag bailiú scéalta a bhain le béaloideas agus creideamh na nGiúdach. Tá roinnt de scéalta seo na Hasadaech aistrithe ag Isobel Ní Riain anseo, chomh maith le réamhfhocal agus nótaí mínithe. Léargas ar leith atá le fáil iontu.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131901489532,"sku":null,"price":0.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.07roinntscealta_1ad8d328-f63a-43d2-b340-ca467c06c7b5.jpg?v=1766067115"},{"product_id":"leaslinte","title":"Léaslínte","description":"\u003cp\u003eScothdhánta le file Ioruach, ollamh le Gaeilge ina thír dhúchais, atá sa díolaim dhátheangach seo. D'fhág Éire, fara réim iomlán litríochta na tíre, lorg suaithinseach ar  chuid dánta, ceann den iliomad snáth ónar fíodh iad. Filíocht cheardúil shamhailteach atá sa chnuasach seo, lán le gaois spioradálta agus le tuiscint dhomhain ar staid an duine agus an tsaoil sa ré chorrach ina mairimid. Aistrithe ag Pádraig Ó Cearbhaill.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131912958332,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.06leaslinte.jpg?v=1766067094"},{"product_id":"meidea","title":"Meidéa","description":"\u003cp\u003eTraigéide chlasaiceach ón tsean-Ghréig. Aistrithe ag Simon Ó Faoláin. Léaráidí le Dómhnal Ó Bric.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131916497276,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.01Meidea.jpg?v=1766067156"},{"product_id":"scribhneoiri-cois-teorann-7","title":"Scríbhneoirí Cois Teorann 7","description":"\u003cp\u003eBlaiseadh eile den saothar atá á scríobh i dtuaisceart Liatroma agus sna contaetha máguaird. Tá saothar le cúig údar déag sa chnuasach seo, seachtar nua na áireamh.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131919151484,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.02scribhneoiri7.jpg?v=1766067255"},{"product_id":"faoi-lathair-seal","title":"Faoi Láthair Seal","description":"\u003cp\u003eAn cnuasach deireanach ó dhuine de mhórfhilí na linne, a rinne cion fir le filíocht na Gaeilge a chothú. Sampla eile fós is é den ghéire intinne agus samhlaíochta a léirigh sé ar feadh saol dúthrachtach bisiúil. Brollach leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131931242876,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.07faoilathair.jpg?v=1766067391"},{"product_id":"griscini","title":"Gríscíní","description":"\u003cp\u003eFilíocht? Filíocht? “Aiseag an chait a d’ith frog de thimpiste,” má b’fhíor do Lorca fadó… Ach ní taobh le froganna atáimid sna leathanaigh seo. “Tá an troscadh déanta, \/ tá an bord leagtha, \/ tá an dinnéar réidh.”\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131933634940,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.05griscini.jpg?v=1766067914"},{"product_id":"diskan-agallamh","title":"Diskan \/ Agallamh","description":"\u003cp\u003eTeangmháil shuntasach ar leith idir litríocht na Gaeilge agus na Briotáinise atá le fáil sna haistriúcháin seo. Thiontaigh Máirtín Ó Cadhain agus Gwion Hernot ceithre scéal le Jakez Riou, scríbhneoir den scoth, go Gaeilge, agus scéal leis an gCadhnach go Briotáinis. Leagan amach comhthreomhar sa dá theanga atá ar an saothar anseo. Tugann réamhrá an eagarthóra Éamon Ó Ciosáin cur síos spéisiúil ar an idirmhalartú Ceilteach as an ngnáth seo.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131936944508,"sku":null,"price":13.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025diskan.jpg?v=1766067995"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/en\/collections\/fiction.oembed","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}