{"title":"Non-fiction","description":null,"products":[{"product_id":"ainm-na-saoirse","title":"Ainm na Saoirse - Gaeilge Dháil Éireann 1919-22","description":"\u003cp\u003eGaeilge Dháil Éireann 1919 - 1922. Bhuaigh an leabhar seo An Duais do Leabhar Taighde na Bliana 2019 ón gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Ní h-amháin sin ach bhuaigh sé An Chéad Duais sa chomórtas Saothar Próis i gComórtas Liteartha an Oireachtais don Scríbhneoir Fásta.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109302288764,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2019.54ainm.jpg?v=1744391635"},{"product_id":"fiadhulra-oilean-an-bhulla","title":"Fiadhúlra Oileán an Bhulla","description":"\u003cp\u003eIs áis an-tábhachtach é Oileán an Bhulla do phobal Bhaile Átha Cliath, agus bíonn na mílte daoine ag tabhairt cuairt air gach lá. 5km ar fad agus 1km ar leithead - thosaigh forbairt ar an oileán i 1825. Tá dúlra fairsing mar nádúr ann agus é go léir curtha os ár gcomhair sa leabhar álainn seo. Tá na leathanaigh maisithe go gleoite le líon mór grianghrafanna daite d'ard caighdeán ag léiriú dathúlacht an fiadhúlra.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109317853564,"sku":null,"price":7.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2020.28fiadhulra.jpg?v=1744392243"},{"product_id":"fineid-as-an-tsin-seal-i-yangshuo","title":"Finéid as an tSín - Seal i Yangshuo","description":"Tuairisc an-spéisiúil ar oilithreacht agus turas-saoire fada sa tSín. Is mar mhúinteoir agus dalta a chuaigh an t-údar go Yangshuo. Tá cuir síos anseo ar stair na cathrach agus na ceanntracha maguaird. Scéalta agus eachtraíocht ar na turasanna mórthimpeall na tíre. Taisteal bus go Shenzen agus ath-nuachan visa i Xianggang. Cuir síos cruinn staidéarach ar na dearcaí difriúla idir an Oirthir agus an Iarthar, an difríocht idir bia blasta agus bia gasta","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109318836604,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2014.35fineid.jpg?v=1744392252"},{"product_id":"friedrich-engels-saothar-a-shaoil","title":"Friedrich Engels; Saothar a Shaoil","description":"\u003cp\u003eBhog Engels go Shasana in 1842. Sheol sé a lán aistí chuig an Reinische Zeitung i mBerlin ina raibh Karl Marx mar eagarthóir. Tá neart aistí stairiúla sa leabhar ag tagairt do dhaoine agus ócáidí stairiúla. Cuir síos ar a shaol le linn na cogaidh idir an Fhrainc \u0026amp; an Phrúis. Bismark \u0026amp; an Ostair, agus na blianta suas chuig a bhás in 1895. \u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109319000444,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2011.58friedrichengels.jpg?v=1744996320"},{"product_id":"o-bhun-an-bhogaidh-go-barr-na-gcroibh","title":"Ó Bhun an Bhogaidh Go Barr na gCróibh","description":"\u003cp\u003eNa scéalta agus an t-eolas atá ag Mícheál Ó Domhnaill (r. 1925) faoin saol i bparóiste Chill Chartha Naofa agus sna bailte fearainn: An Bogach, Sraith Laoi Fheoil, Sraith na Circe agus Na Cróibh. Tá baint ag na scéalta anseo leis an seansaol atá imithe agus nach dtiocfaidh ar ais go deo. Tá na seanghrianghraif sa leabhar curtha ar fáil le cead ó Áislann Chill Chartha. Gluais fairsing na logainmneacha máguaird ann fosta\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109323030908,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2011.16bunanbhogaidh.jpg?v=1744392520"},{"product_id":"gaeil-agus-geibheann","title":"Gaeil agus Géibheann","description":"\u003cp\u003eIs iomaí sin cor agus casadh a bhaineann le haistear na Gaeilge trí na príosúin inar coinníodh poblachtánaigh i rith na mblianta. Éire a bheith saor agus Gaelach araon ba chuspóir dóibh, agus bhraith siad go raibh dualgas orthu cloí leis an aisling sin agus iad faoi ghlas. D’fhoghlaim na céadta acu Gaeilge ainneoin na n-ainneoin, agus leathnaigh siad an teanga ar theacht amach dóibh.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eInsíonn Eoghan Mac Cormaic a scéal sa leabhar seo. Tarraingíonn sé ar a thaithí féin chomh maith le réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Seo scéal na tíre trí shúile na nGael i ngéibheann.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131899064700,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.08GaeilagusGeibheann.jpg?v=1766066306"},{"product_id":"roinnt-scealta-o-na-hasadaeigh","title":"Roinnt Scéalta ó na Hasadaeigh","description":"\u003cp\u003eDuine d’fhealsúna móra an fhichiú céad ab ea Martin Buber (1878-1965). Ag tarraingt ar thraidisiúin an Ghiúdachais chomh maith lena chuid machnaimh féin, ba phearsa mhór i saol na hintleachta i lár na hEorpa é go dtí gur tháinig na Naitsithe i réim, ach lean sé dá chuid saothair in Iarúsailéim. Phléigh a leabhar Ich und Du (Mise agus Tusa) le tábhacht na dialóige, ag áitiú gur gá dúinn labhairt go cothrom le chéile mar dhaoine seachas mar rudaí seachtracha. Chaith Buber daichead bliain ag bailiú scéalta a bhain le béaloideas agus creideamh na nGiúdach. Tá roinnt de scéalta seo na Hasadaech aistrithe ag Isobel Ní Riain anseo, chomh maith le réamhfhocal agus nótaí mínithe. Léargas ar leith atá le fáil iontu.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131901489532,"sku":null,"price":0.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.07roinntscealta_1ad8d328-f63a-43d2-b340-ca467c06c7b5.jpg?v=1766067115"},{"product_id":"seosamh-mac-grianna-i-mbaile-atha-cliath","title":"Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath","description":"\u003cp\u003eTuras Sheosaimh Mhic Grianna agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938, léarscáil litríochta ar an iliomad áiteanna a raibh sé ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol Chomh maith lena chuid bunscríbhneoireachta, rinne sé aistriúcháin ealaíonta ar úrscéalta casta dúshlánacha, agus tugtar sleachta anseo as a chuid saothair sna háiteanna éagsúla a raibh cónaí air. Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh an leabhar leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131915514236,"sku":null,"price":8.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.10SeosamhmacGrianna.jpg?v=1766067137"},{"product_id":"aisti-eorpacha-3","title":"Aistí Eorpacha 3","description":"\u003cp\u003eSeo againn an tríú himleabhar d’aistí ar an iliomad gnéithe den Eoraip ag Torlach Mac Con Midhe, agus beagnach gach ceann díobh suite in áit faoi leith ar mhór-roinn na hEorpa: sa Bheilg, sa Bhriotáin, san Eilvéis, i Lichtinstéin, san Iodáil agus sa Ghréig. An babhta seo, is ar éifeacht an tír¬dhreacha ar an duine agus ar an chultúr atá béim aige. Rianaíonn sé an gaol idir tírdhreach agus cultúr dúchais, agus an ‘míniú’ a thugann sé ar an tírdhreach. Is iomaí tír agus áit a shiúltar sna haistí seo, tarraingítear ar a lán teangacha, agus blaistear de go leor cultúr.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131918135676,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/aisti_d3d5cc4f-740d-464a-b285-5f48e76dffdf.webp?v=1766067226"},{"product_id":"scor-vi","title":"Scór VI","description":"\u003cp\u003eSeo scór eile curtha le chéile ag an údar, scéalta a fhéachann siar agus ar aghaidh. Scagadh taithí agus toradh machnaimh atá le brath orthu. Cíortar buanna agus teipeanna, cuirtear ceisteanna, fiosraítear aduaine an ghnáthshaoil — agus taitneamh le baint as an iomlán i gcónaí.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131929276796,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.03scor6_57e8ee4f-098d-4376-ab35-430a879756a7.jpg?v=1766067369"},{"product_id":"toraiocht-an-duine-ar-bhri","title":"Tóraíocht an Duine ar Bhrí","description":"\u003cp\u003eIs seoid luachmhar é an leabhar beag seo, a dhíríonn ar na fadhbanna daonna is doimhne. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí báis na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháin atá ann, áfach, ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D’aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú sna cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil sna cúinní céanna ainneoin na n uafás do-aithriste ina thimpeall. Agus é i nGaeilge anseo den chéad uair, ábhar léitheoireachta riachtanach atá ann. Aistrithe ag Irene Duffy Lynch.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131930325372,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.04toraiocht.jpg?v=1766067351"},{"product_id":"dramaiocht-ar-an-scailean","title":"Drámaíocht ar an Scáileán","description":"\u003cp\u003eÓ bunaíodh TG4 i 1996 tá cleachtadh againn ar dhrámaí i nGaeilge a fheiceáil air. Ach cén chaoi a raibh cúrsaí roimhe sin? Ceaptar go minic gur fíorannamh a bhíodh dráma Gaeilge ar an scáileán an t-am sin — ach ní fíor sin. Cuireann an leabhar seo síos ar an iliomad drámaí a bhí le feiceáil idir 1951 agus 1996, agus na daoine a ghlac páirt iontu. Cuirtear síos anseo ar gach dráma Gaeilge a bhí ar an scáileán sa tréimhse, agus ar chúlra na hoibre, ag tarraingt ar thaighde fairsing. Tá liosta cuimsitheach ann de na céadta daoine a bhí páirteach sna drámaí, agus pléitear an feachtas a bhain teilifís Ghaeilge amach ar deireadh. Scéal fíorspéisiúil a nochtar, agus cuid thábhachtach de stair na teanga.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131932815740,"sku":null,"price":12.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.06scannain.jpg?v=1766067462"},{"product_id":"reabhloid-oideachais","title":"Réabhlóid Oideachais - An Stát agus Bunscoil Phobal Feirste 1965-1984","description":"\u003cp\u003eTá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid an stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla. Bronnadh an duais as Buaicshaothar Próis na Bliana ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131934355836,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.10reabhloid.jpg?v=1766067952"},{"product_id":"an-fraoch-tri-thine","title":"An Fraoch trí Thine","description":"\u003cp\u003eTráth a raibh Cogadh na Talún ar siúl in Éirinn, bhí troid den chineál céanna á cur ag na croitéirí i nGarbhchríocha na hAlban. Fiosraíonn an leabhar seo tionchar na hÉireann ar ‘Cogadh na gCroitéirí’ sna 1880idí, go háirithe ar an Eilean Sgitheanach. Míníonn sé cúlra na comhghuaillíochta a rinneadh idir leasaitheoirí chóras na talún sna Garbhchríocha agus in Éirinn. Scrúdaíonn sé an eagla a bhí ar údaráis na Breataine go mb’fhéidir dá gcol ceathracha in Éirinn Gaeil na hAlban a spreagadh chun éirí amach. Nochtann sé cuid den teannas taobh istigh de náisiúnachas na hÉireann agus Micheál Mac Daibhéid is a lucht tacaíochta ag baint leas as Albain le leasuithe sóisialacha a chur chun cinn, cé go raibh sé dílis i gcónaí do Parnell, de réir cosúlachta, maidir le cúis an rialtas dúchais i gcoitinne.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131938222460,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.11anfhraoch.jpg?v=1766068101"},{"product_id":"eachtrai-san-eoraip","title":"Eachtraí san Eoraip","description":"\u003cp\u003eIs leabhar fíorthráthúil é seo le linn measúnú domhanda a bheith ar siúl ó bhonn ar luachanna, ar eitic agus ar fheaslúnacht idir mhorálta agus pholaitiúil. Tá fianaise luachmhar ann, leis, ar chuid den díospóireacht agus den bplé leanúnach a bhí, agus a bhíonn i gcónaí, ag Éire leis an Eoraip. Agus, léas léargais is ea é ar scríbhneoireacht Ghaeilge i gcomhthéacs Eorpach a thugann aghaidh ar dhomhan seachtrach taobh amuigh de shaol an Bhéarla.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56324000285052,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/Screenshot2026-02-06at11.54.13.png?v=1770388238"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/en\/collections\/non-fiction-1.oembed?page=2","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}