{"title":"Neamhfhicsean","description":"","products":[{"product_id":"gaeil-agus-geibheann","title":"Gaeil agus Géibheann","description":"\u003cp\u003eIs iomaí sin cor agus casadh a bhaineann le haistear na Gaeilge trí na príosúin inar coinníodh poblachtánaigh i rith na mblianta. Éire a bheith saor agus Gaelach araon ba chuspóir dóibh, agus bhraith siad go raibh dualgas orthu cloí leis an aisling sin agus iad faoi ghlas. D’fhoghlaim na céadta acu Gaeilge ainneoin na n-ainneoin, agus leathnaigh siad an teanga ar theacht amach dóibh.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eInsíonn Eoghan Mac Cormaic a scéal sa leabhar seo. Tarraingíonn sé ar a thaithí féin chomh maith le réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Seo scéal na tíre trí shúile na nGael i ngéibheann.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131899064700,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.08GaeilagusGeibheann.jpg?v=1766066306"},{"product_id":"seosamh-mac-grianna-i-mbaile-atha-cliath","title":"Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath","description":"\u003cp\u003eTuras Sheosaimh Mhic Grianna agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938, léarscáil litríochta ar an iliomad áiteanna a raibh sé ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol Chomh maith lena chuid bunscríbhneoireachta, rinne sé aistriúcháin ealaíonta ar úrscéalta casta dúshlánacha, agus tugtar sleachta anseo as a chuid saothair sna háiteanna éagsúla a raibh cónaí air. Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh an leabhar leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131915514236,"sku":null,"price":8.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2024.10SeosamhmacGrianna.jpg?v=1766067137"},{"product_id":"aisti-eorpacha-3","title":"Aistí Eorpacha 3","description":"\u003cp\u003eSeo againn an tríú himleabhar d’aistí ar an iliomad gnéithe den Eoraip ag Torlach Mac Con Midhe, agus beagnach gach ceann díobh suite in áit faoi leith ar mhór-roinn na hEorpa: sa Bheilg, sa Bhriotáin, san Eilvéis, i Lichtinstéin, san Iodáil agus sa Ghréig. An babhta seo, is ar éifeacht an tír¬dhreacha ar an duine agus ar an chultúr atá béim aige. Rianaíonn sé an gaol idir tírdhreach agus cultúr dúchais, agus an ‘míniú’ a thugann sé ar an tírdhreach. Is iomaí tír agus áit a shiúltar sna haistí seo, tarraingítear ar a lán teangacha, agus blaistear de go leor cultúr.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131918135676,"sku":null,"price":20.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/aisti_d3d5cc4f-740d-464a-b285-5f48e76dffdf.webp?v=1766067226"},{"product_id":"scor-vi","title":"Scór VI","description":"\u003cp\u003eSeo scór eile curtha le chéile ag an údar, scéalta a fhéachann siar agus ar aghaidh. Scagadh taithí agus toradh machnaimh atá le brath orthu. Cíortar buanna agus teipeanna, cuirtear ceisteanna, fiosraítear aduaine an ghnáthshaoil — agus taitneamh le baint as an iomlán i gcónaí.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131929276796,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.03scor6_57e8ee4f-098d-4376-ab35-430a879756a7.jpg?v=1766067369"},{"product_id":"toraiocht-an-duine-ar-bhri","title":"Tóraíocht an Duine ar Bhrí","description":"\u003cp\u003eIs seoid luachmhar é an leabhar beag seo, a dhíríonn ar na fadhbanna daonna is doimhne. Tá na glúnta léitheoirí i ndiaidh a bheith gafa go hiomlán leis na tuairiscí a thugann sé ar ainghníomhartha champaí báis na Naitsithe. Ní scéal faoi fhulaingt amháin atá ann, áfach, ach iniúchadh domhain ar thóraíocht an duine ar bhrí na beatha. D’aimsigh Viktor Frankl an bhrí sin fiú sna cúinní ba dhorcha den bheatha, agus chonaic sé go raibh splancacha dóchais agus áilleachta le fáil sna cúinní céanna ainneoin na n uafás do-aithriste ina thimpeall. Agus é i nGaeilge anseo den chéad uair, ábhar léitheoireachta riachtanach atá ann. Aistrithe ag Irene Duffy Lynch.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131930325372,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.04toraiocht.jpg?v=1766067351"},{"product_id":"dramaiocht-ar-an-scailean","title":"Drámaíocht ar an Scáileán","description":"\u003cp\u003eÓ bunaíodh TG4 i 1996 tá cleachtadh againn ar dhrámaí i nGaeilge a fheiceáil air. Ach cén chaoi a raibh cúrsaí roimhe sin? Ceaptar go minic gur fíorannamh a bhíodh dráma Gaeilge ar an scáileán an t-am sin — ach ní fíor sin. Cuireann an leabhar seo síos ar an iliomad drámaí a bhí le feiceáil idir 1951 agus 1996, agus na daoine a ghlac páirt iontu. Cuirtear síos anseo ar gach dráma Gaeilge a bhí ar an scáileán sa tréimhse, agus ar chúlra na hoibre, ag tarraingt ar thaighde fairsing. Tá liosta cuimsitheach ann de na céadta daoine a bhí páirteach sna drámaí, agus pléitear an feachtas a bhain teilifís Ghaeilge amach ar deireadh. Scéal fíorspéisiúil a nochtar, agus cuid thábhachtach de stair na teanga.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131932815740,"sku":null,"price":12.5,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.06scannain.jpg?v=1766067462"},{"product_id":"reabhloid-oideachais","title":"Réabhlóid Oideachais","description":"\u003cp\u003eTá an Gaeloideachas faoi bhláth i mBéal Feirste na laethanta seo, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Insíonn an leabhar seo cuid thábhachtach den scéal sin: bunú agus buanú na chéad Ghaelscoile sa chathair, Bunscoil Phobal Feirste. Tarraingíonn sé ar thaighde forleathan i measc chomhaid an stáit, ar litreacha lucht na scoile chuig na húdaráis, agus agallaimh ar dhaoine a bhí sáite sna feachtais éagsúla. Bronnadh an duais as Buaicshaothar Próis na Bliana ar an leabhar seo i gComórtais Liteartha an Oireachtais.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131934355836,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.10reabhloid.jpg?v=1766067952"},{"product_id":"an-fraoch-tri-thine","title":"An Fraoch trí Thine","description":"\u003cp\u003eTráth a raibh Cogadh na Talún ar siúl in Éirinn, bhí troid den chineál céanna á cur ag na croitéirí i nGarbhchríocha na hAlban. Fiosraíonn an leabhar seo tionchar na hÉireann ar ‘Cogadh na gCroitéirí’ sna 1880idí, go háirithe ar an Eilean Sgitheanach. Míníonn sé cúlra na comhghuaillíochta a rinneadh idir leasaitheoirí chóras na talún sna Garbhchríocha agus in Éirinn. Scrúdaíonn sé an eagla a bhí ar údaráis na Breataine go mb’fhéidir dá gcol ceathracha in Éirinn Gaeil na hAlban a spreagadh chun éirí amach. Nochtann sé cuid den teannas taobh istigh de náisiúnachas na hÉireann agus Micheál Mac Daibhéid is a lucht tacaíochta ag baint leas as Albain le leasuithe sóisialacha a chur chun cinn, cé go raibh sé dílis i gcónaí do Parnell, de réir cosúlachta, maidir le cúis an rialtas dúchais i gcoitinne.\u003c\/p\u003e","brand":"coisceim","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":56131938222460,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2025.11anfhraoch.jpg?v=1766068101"}],"url":"https:\/\/coisceim.ie\/en\/collections\/non-fiction.oembed","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}