{"product_id":"crothla-agus-cnamha","title":"Crothla agus Cnámha","description":"\u003cp\u003eFuacht, sneachta agus oighear… Ta fear feasa na treibhe ina chónaí i bpluais thuas sna sléibhte agus a mhuintir uile imithe ó dheas chun calú ó gheimhreadh crua nach bhfuil deireadh leis go deo. Ina aonar atá sé ó shin, gan aige ach seanchas na treibhe. Ach tá dualgas air an dúchas sin a choinneáil beo, ag fanacht leis an uair a fhillfidh siad más féidir na cosa a thabhairt leis an fad sin, ar ndóigh. Cuimhníonn an seanduine siar ar a shaol, ar an turas 6 thuaidh a rinne sé lena mháistir le dul i gcomhairle leis an Triúr Ban Feasa, agus tagann fiseanna osnádúrtha chuige san oíche. Uaireanta, tugann siad sólás dó, agus uaireanta eile, cuireann siad chun éadóchais é.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eÚrscéal corraitheach dúshlánach ó Thorlach Mac Con Midhe. Cé go dtarlaíonn an scéal sa Chlochaois, pléitear téamaí ann atá práinneach sa lá atá inniu ann: athrú aeráide, marthanas, spioradáltacht, dúchas agus teanga.\u003c\/p\u003e","brand":"Default Vendor","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":55109314249084,"sku":null,"price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0904\/6864\/7292\/files\/2018.31crothla.jpg?v=1744392082","url":"https:\/\/coisceim.ie\/en\/products\/crothla-agus-cnamha","provider":"coisceim","version":"1.0","type":"link"}