1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 Baile
Coiscéim Logo Dearg
Coiscéim 2014 Liosta na Leabhair Coiscéim 2014 Booklist

 

Tuairisc.ie Tuairisc ponc ie Nuachtán Laethúil Gaeilge na hÉireann Blag Gaelach Gaelic Blog Irish Blog Irish Language blog Blag aeilge Nuacht Irish News Gaelic News Litríocht

 

 

 

 

 

Scéalta Phadaí Eoin Mac Gairbheith ó Loch an Iúir Eagraithe ag Seán Mac Suibhne
Scéaltaí - Phadaí Eoin Mac Gairbheith
Eag: Seán Mac Suibhne
Cnuasach de breis is 50 scéal/alt/aiste sa leabhar seo móide dornán dánta fosta. Nasc láidir le Tír Chonaill, go h-áirithe Loch an Iúir agus Rann na Feirste. Leabhar iontach stairiúil le bailiúchán de logainmneacha ó Loch an Iúir agus na Rosann (Tráigh Eanach go Croithlí). Tá aistí ann ar; Padaí an Cope, Dr. William Smyth, Niall Ó Dónaill, Briainidh Ó Beirn, Frainc 'ac Grianna, Pádraig Ó Rabhartaigh agus Rí Thoraigh Patsy Dan Mac Ruairí
Clúdach: Seán Mícheál Mac Suibhne - 2014.03 - 256lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro
Ó Duibhir as Gabhla le Pádraig Mac Gairbheith Geneology of Ó Duibhir O Dwyer Diver Dwyer by Pat Mac Garvey
Ó Duibhir as Gabhla
Pádraig Mac Gairbheith
Seo cuntas ar chraobh amháin de Chlann Uí Duibhir as Oilean Gabhla, atá ina luí amach ó chósta Dhún na nGall i bparóiste Ghaoth Dobhair. Tá ginealach an teaghlaigh seo chomh cruinn beacht is a thig leis a bheith. Tosaíonn sé leis an chéad ghlúin nuair a saolaíodh Tarlach Mór Ó Duibhir sa bhliain 1784. Tá cuntas anseo ar 6 ghlúin go tréigeadh Gabhla sna 50dí nuair bhí an ghlúin deireannach ina bpáistí.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.02 - 128lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Nótaí ón gCaifé Dánta agus Prósdánta le Siobhán Ní Shíthigh
Nótaí ón gCaifé
Siobhán Ní Shíthigh
Dánta, Prósdánta, agus a laethanta sa caifé. An t-údar; fíor fíodóir focal is ea í. Is ar tóir na snátha geasa sa líon litríochta seo atá mar dúshlán ag na léitheoirí, go samhlófar na bpátrúin sa phróis atá mar thús sa leabhar agus ansin ar thuras meabhrach is isteach tríd na seoid de breis is fiche dán; msh. An Gheit, Deora, Is Ann Don Lá, Fé Gheas, An Reo, An Bróiste, An Capall Buí
Clúdach: Valerie Seery - 2014.07 - 56lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

 

Meascra le Breandán Mac Gearailt
Meascra
Breandán 'ac Gearailt
Scéalta seoigh, eachtraithe, leibhéal agus magaidh nodaí staire. Leabhar é seo atá an-ghreannmhar ar fad. Msh. 'Conas a litreofá an focal sin', arsa an scoláire Gaolainne leis an seanchaí, Peats Ó Catháin, ón Muirigh. "Ná bac do litriú,' arsa Peats, 'ach scríg síos é," Bí ag léamh an leabhar seo nuair a theastaíonn uait a bheith sna tríthí id' gháirí nó ag smaoineamh ar an dtaobh geal den saol. Na céadta blúirí aisteach ann.
Clúdach: Dómhnal Ó Bric - 2014.04 - 84lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Mach 2.7 le Domhnall Ó Muirí  Domhnall Murray Concorde Aer Lingus
Mach 2.7
Dónal Murray
Scéal na n-eitlíochta ó 1903 nuair a d'eitil an Kitty Hawk don chéad uair suas go dtí na h-eitleáin níos nua-aimseartha ar nós an Concorde. Cuir síos ar an eitlíocht sibhialta in Éirinn ó bunadh Aer Lingus sa bhliain 1936 móide íomhánna de na h-eitleáin a úsáideadh sa ré san. Tá caibidil iomlán tugtha don eitilt forshonach agus an rás idir an Concorde agus an Tuplolev TU144 - a bhuaigh an rás forthonach.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.15 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Focail agus Foclóireacht T. Ó Neill Lane le Seaghan Mac an tSionnaigh
Focail & Foclóireacht T. Ó Neill Lane
Seaghan Mac an tSionnaigh
Bhí ar T. Ó Neill Lane (Timothy Lane) féin dul amach i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta chun ábhar dá fhoclóir a chruinniú. Rugadh é sa bhliain 1852 agus tógadh é i dTeampall an Ghleanntáin Thiar. D'fhoilsigh sé a chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge i 1904 agus an dara cheann i 1916, díreach roimh a bhás. Seo leabhar a chíorann go mion a shaol agus a shaothar agus an tionchar a bhí aige ar na bhfoclóirí a tháinig ina dhiaidh
Clúdach: Valerie Seery - 2014.05 - 128lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

An Scáileán Mór aistí scannánaíochta Mícheál Ó hAodha
An Scáileán Mór
Mícheál Ó hAodha
Cnuasach de 16 aistí ar ealaín na scannánaíochta. Tá tionchar an-cumhachtach ag ealaín na scannánaíochta ar ár saol in Éirinn le déanaí. Tá níos mó teilifíseán agus scáileáin in Éirinn anois ná mar a bhfuil de thithe. Déantar plé agus scagadh ar ghnéithe éagsúla de réimse na scannánaíochta comhaimseartha sna scéalta gairid seo. Cuir síos ar shaoil na stiúirtheoirí scannáin agus an rian a fhágann siad, msh; Roberto Rossellini...
Clúdach: Valerie Seery - 2014.13 - 94lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ceol Baile
Marcus Mac Conghail
Cnuasach de 23 dán, 6 amhráin nua chumtha agus gach rud eile gur féidir a léamh idir na línte. Tá a scéal féin á nósadh ag chuile dán. Dúnmharú na hEacnamaíochta, Scread Mhaidne, Eminem ar siúl, Filleadh Caoch, Buail aríst mé, 3 Amigos, Ar Fithis, Seomra Samhraidh, agus brúcht mór breise d'fhilíocht túise atá so-léite, greannmhar agus glic.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.08 - 64lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

Duan an Dóchais le Charles Péguy Leagan Gaeilge le Breandán Ó Doibhlin
Duan an Dóchais
Charles Péguy
Rugadh Charles Péguy in 1873 i nOrleans na Fraince. Tá cuir síos eolach sa mbrollach ar a shaol agus a bhí ag titim amach sa ré úd. Scríobh sé sraith de dhánta fada idir 1905 go dtí 1914 nuair a maraíodh é sa Chogadh Mhóir. Seo leagan Gaeilge ar cheann de na dánta fada sin. Dán fada fiosrach agus freagrach. Ceist domhain á gcur anseo is ansiúd le freagra níos doimhne ag tóraíocht an breis creidimh atá de dhíth, go séanta...
Clúdach: - 2014.17 - 164lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Corn na Flúirse le Tomás Ó Fiacháin
Corn na Flúirse
Tomás Ó Fiacháin
Leabhar téarmaíochta focail ina bhfuil breis is 50 ábhar roghnaithe chun áis breise a sholáthair do dhaoine a bhfuil Gaeilge sách maith acu. Focail agus téarmaí a d-úsáidfí a mbaineann le; Raidió & Teilifís, Deochanna, An Teach, Gáirdín, Galair & Tinneas, Ceol, Ainmhithe feirme is tí, Éin, Oileáin, An Aimsir, srl. Níl ann sin ach sampla beag daoibh An leagan Bearla & Gaeilge móide na téarmaí cuí.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.18 - 64lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

Stór na Síthe Cathal Ó Háinle
Stór na Síthe
Eag: Cathal Ó Háinle
Dánta Gaeilge Conleth Ellis. Is mar file Béarla is túisce a chuir an pobal aithne air. Tá breis le 145 dán Gaeilge dá chuid sa chnuasach seo a chruthaíonn go bhfuil sé i dteideal oidhreacht eile a éileamh. Tá mórán dánta ina measc ina bhfuil leas á bhaint as an bhfiotal agus na samhlachta chun an fhís fhileata iontu a áitiú orainn. Dántá cáiliúla ar nós: Dúnmharú sa Reilg, Portrait of a Lady, Scitsifréine, Táin, Seabhac ag Guairdeall, srl.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.10 - 128lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

Cath Chluain Tarbh Cliodna Cussen The Battle of Clontarf - Cluain Tarbh
Cath Chluain Tarbh (1014)
Cliodna Cussen
Tharla ócáid mhór i stair na Éireann, Aoine an Chéasta sa bhliain 1014. Is ar an lá sin a thug Ardrí na hÉireann - Brian Boroimhe, agus a shluaite aghaidh ar fhórsaí a bhí bailithe ina choinne ag Áth Cliath Duibhlinne. Ar Inse Orc i halla na fleá, 1013, chuaigh Iarla Síogard i bpáirt le Rí Sitric le cogadh i gcoinne Briain. Gheall Rí Sitric dó go bhfaigheadh sé a mháthair, Gormfhlaith, agus an ríocht. 2ú cló
Clúdach: Pádraic Reaney - 2014.19 - 62lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

Sisemine Hobune Andres Ehin Inner Horse An Capall Istigh le Aogán Ó Muircheartaigh
Sisemine Hobune / An Capall Istigh
Andres Ehin / Aogán Ó Muircheartaigh
Dánta ón Eastóin. Trí leagan: Éastóinis, Gaeilge agus Béarla. Leabhar oideachasúil, ar ndóigh, ní h-amháin de bharr an deis ann dánta sna teangacha eile a fhoghlam ach go bhfuil an-cur síos ar an t-údar agus a bheatha sa bhrollach ann freisin. Chuir Ilmar Lehtpere an Béarla ar fáil dúinn. Dánta so-léite, leathan agus smaointeach.
Clúdach: Andres Ehin - 2014.09 - 128lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro
<--------- Clic ar an gclúdach

 

 

Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin Eagraithe ag Máiréad Ní Loinsigh
Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin
Eag: Máiréad Ní Loingsigh
An 4ú cló. Ceann de na Leabhair is taitneamhaí a tháinig ón mBlascaod Mhór. Cín Lae Eibhlín Uí Shúilleabháin agus í 23 bhliain d’aois ina cónaí ar an mBlascaod. Seo a scéal ó thús Bealtaine go deireadh mí na Samhna sa bhliain 1923; chuile lá ina scéilín bheag féin, a eachtra beag féin. Súil laethúil isteach ar an tsaoil mar a bhí sé ar Oileáin na mBlascaod i dtús na 1920dí. Íomhá ar leith ar ché chomh feanntach is a bhí an saol acu ag an am.
Clúdach: Tomás O Cíobhháin - 176lgh - 2014.16 Deich Euro Ten Euro Dix Euro

 

 

 

 

 

 

Oíche Nollag na mBan sa bhFásach le Colette Nic Aodha Cnuasach filíochta Gaeilge ón bhFásach
Oíche Nollag na mBan sa bhFásach
Colette Nic Aodha
Cnuasach d'filíocht gleoite eile uaithi. Daichead de na dánta ba dhraíochtaí agus ba dhóighiúla atá fuaite faoi chlúdach aici. Filíocht an fhásaigh bánaithe. Dánta an dísirt is aonaraí agus is ciúine. Dánta ar nós FothraighInár Measc, Dóthain agus Bealaí Éalaithe atá ag mealladh an léitheoir isteach in uaimh an chiúnais ag fairsingiú macallaí na chomhluadrachta. Dánta a mbeadh dúil ag éinne ionntu iad a léamh arís is arís.
Clúdach: Colette Nic Aodha - 2014.13 - 64lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh le Derry O Sullivan Irish Poetry
Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh
Derry O Sullivan
Cnuasach nua 54 dán aige an babhta seo. Filíocht téagartha grianmhar a gcuireann na gcaifé i bPáras agus suaimhneas thrá Beanntraí i gcuimhne. Dánta diaganta; Dia Caillteach?, Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh. Dánta an tsaoil; Grianghoradh, Ar Dhrom na bPortán, Paistí Gréine, Gealach Bhisigh, Caife Beatha, Páras Istoíche, agus mná: Iascaire í - A ghoillíonn mé - Le scian a teangan.            Bradán mé - A róstann sí - Ar iarna a súl.
Clúdach: Derry O Sullivan - 2014.34 - 56lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit The Irish Language on State signage
An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit
Maura Lynskey
An t-eolas uilig atá uait faoi pholasaí an Stáit maidir le Gaeilge ar chomharthaíocht Stáit in Éireann. Taighde an-chuimsitheach, lán le fíricí faoin gcomharthaíocht ar na bóithre, ionaid stairiúla, srl. ó chomharthaí Chumann na nGluaisteáin 1912, iad dhá theangach i 1937 de bharr stádas na Gaeilge sa bhunreacht, agus na socraithe atá ann faoi láthair. Insítear dúinn faoin na dualgaisí atá ar na rannóga stáit uilig sa phróiséas feiceálacht teanga.
Clúdach: Pádraic Reaney - 2014.19 - 62lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

Finéid as an tSín - Seal i Yangshuo  le Sylvia Bledow
Finéid as an tSín - Seal i Yangshuo
Sylvia Bledow
Tuairisc an-spéisiúil ar oilithreacht agus turas-saoire fada sa tSín. Is mar mhúinteoir agus dalta a chuaigh an t-údar go Yangshuo. Tá cuir síos anseo ar stair na cathrach agus na ceanntracha maguaird. Scéalta agus eachtraíocht ar na turasanna mórthimpeall na tíre. Taisteal bus go Shenzen agus ath-nuachan visa i Xianggang. Cuir síos cruinn staidéarach ar na dearcaí difriúla idir an Oirthir agus an Iarthar, an difríocht idir bia blasta agus bia gasta
Clúdach: Angelika Deffner - 2014.35 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

An Draoíodóir le Pádraig G. Ó Laighin
An Draíodóir
Pádraig G. Ó Laighin
Scéal don ógánach. Scéal faoi fón póca arbh ainm dó Ding. Tuigeann Ding, ar ndóigh, gur fón póca ar leith é, go bhfuil sé speisialta, gur fón póca den scoth é agus go bhfuil draíocht áirithe ag baint leis. Fón cliste is ea é ina uirlis idirlín agus iPod san aon ghléas amháin. Tá sé ceannaithe ag mhamaí Bairbre di mar bronntanas. A leithéid de eachtraí a leanann ina dhiaidh! Beidh ort an scéal a léamh duit féin le fáil amach fúthu . . .
Clúdach: Valerie Seery - 2014.30 - 50lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

Bóthar Casta Ó Éirinn go dtí na Filipínigh agus ar ais le Tadhg Kenelly Ireland Philipines
Bóthar Casta
Tadhg Kennelly
Is é duine de na laochra anaithnid a d'eascar ó Éirinn fadó é an t-údar. Laoch é i measc lucht na Filipínigh. Scéal a bheatha, a shaothar, a chreidimh, is gach aon eachtra a bhí sé mar fhinné air le linn dó cónaí sna Filipínigh faoi réimse Marcos agus Cory Aquino. Fíricí agus dearcadh breise ó Misinéir Misniúil Laoch Éireannach a mhair na réabhlóidí, sall is anall.
Clúdach: Féile an Linbh Naofa i Cardona - 2014.36 - 144lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

Novella Eile le Pádraig Ó Cíobháin arna chur i láthair ag Tomás L. Ó Murchú
Novella Eile
Pádraig Ó Cíobháin
Is iad na focail agus na nathanna, clocha agus moirteal sa teangain, a bhí agus atá i measc Gheailgeoirí Chorca Dhuibhne. Fuaimintiúlacht ársa Ghaelach a thugann a h-áilleacht ar leith don leabhar. Sin í an ghuth Ghaelach a labhrann leat sa leabhair seo. 'An Ghaelainn díreach' mar a thug bean ó Bhaile an Teampaill uirthi. Tá idir fhealsúnacht agus seanchas ag gabháil tríd an saothar. Gabh i leith-bí i measc Ghaeilgeoirí iarthair Dhuibhnigh
Clúdach: Tomás L. Ó Murchú - 2014.42 - 172lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

Fé Sholas Luaineach le Simon Ó Faoiláin Filíocht Dánta Corca Dhuibhne
Fé Sholas Luaineach
Simon Ó Faolain
Bailiúchán nua dánta curtha romhainn ag an údar, Saoi na Filíochta, atá ag roinnt a shaothair linn, ag roinnt a shaol linn fiú, lena dhánta bríomhar, croíúil. Cuir i gcás, Biashlabhra, ina bhfuil '....an mheá imithe as a riocht,' Ní h-amhlaidh don t-údar a nochtann a chumas filíochta is scéala dúinn, agus iad fite fuaite sna línte anseo. Msh. Sna Home Counties '..gan ach áileacht léi mar mhaoin.' Ach sin scéal eile
Clúdach: Simon Ó Faoláin - 2014.37 - 56lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

Balla an Chuain le Gréagóir Ó Dúill  Cnuasach filíochta Irish Poetry Collection of Poems in Gaelic
Balla an Chuain
Gréagóir Ó Dúill
Tá a stíl sainiúil féin ag Ó Dúill atá inaitheanta do lucht léite na nua-fhilíochta Gaeilge: línte fada machnamhach, sonrach saor-bhéarsaíochta; an seasmhacht cheann-dána aige fanacht laistigh dá thuiscint féin. Dánta liriceacha measctha le dánta eile ina mbíonn cur síos aige - a fhanann díreach ar an taobh ceart den teorann idir fhilíocht agus prós. Tá breis le 50 dán macnamhac sa leabhair seo. Dínnéar, Lón agus Tae Léitheorachta .........
Clúdach: Ian Gordon - 2014.14 - 74lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Barr Top Haut suas up BARR

 

Duilleoga le Gaoith le Gearóid Ó Clérigh Filíocht poetry
Duilleoga le Gaoith
Gearóid Ó Clérigh
Seo an séú leabhair uaidh. Cnuasach filíochta le dearcadh iomlán difriúil le sonrú inti. An Soinéad Gaelach - Rann agus Amhrán - foirm an dán dhírigh: éilíonn sí cruinneas agus beachtú. Aistí, freisin, ar ghnéithe Domhanda, Gaeilge, Polaitiúla, srl. Fós féin tá an ghreann fite fuaite tríd an leabhar agus beirtear greim ar giúmar an údair go minic le gáire faiseanta ón léitheoir. Timeo et Danaos ipsos dona petentes.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.12 - 172lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

Caoimhín Ó Cearnaigh le Liam P Ó Riain  réamhrá faoi le Alan Titley
Caoimhín Ó Cearnaigh
Liam P Ó Riain
Tá Caoimhín ar duine de na mílte a thriail ar chathair Bhaile Átha Cliath i dtús na h-aoise seo chaite. Is é 'An dúil mhór a bhí aige i léann is litríocht' an spor chun saol fairsing na cathrach a bhlaiseadh go lánchroíúil. Níorbh fhada gur aimsigh sé an Leabharlann Náisiúnta. Casann sé ar Úna Ní Chuilleannáin, cailín aerach sonasach. Níor ghéill sé do chailíní riamh, ach an oiread le síoga; ní mar sin a bhí an scéal aige i dtaobh Úna. Úrscéal clasaiceach.
Clúdach: Sr. Uí Chonaill tús an 20ú céad - 2014.06 - 126lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

Cuach ó Aois EIle ag Glaoch le Gabriel Rosenstock filíocht, prós, dánta Gaeilge
Cuach ó Aois Eile ag Glaoch
Gabriel Rosenstock
Bronntar cnuasach breá fairsing orainn sa leabhar seo, d'fhilíocht atá ag glaoch amach, ó laistiar de na clúdaigh - ar nós cuach ag glaoch ón gcrann ard go h-uaigneach, a ghlór is a scéal ag titim ar chluasa bodhra - le bheith léite amach os ard, le paisean beo, go dtí go gcloistear an teachtaireacht iontu, go n-aithnítear an ghreann laistigh, an dánacht dáiríre. Nuair a thuigtear gur ón fhilíocht anseo a thiocfaidh solas & sólás aigne.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.11 - 50lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Duanaire Daonscoile le Annraoi se Paor Daonscoil na Mumhan
Duanaire Daonscoile
Annraoi de Paor
Amhráin a chum an t-údar thar na blianta le canadh ag Daonscoil na Mumhan. Amhráin scríte aige ar nós; An Boc ar Buille, Is fearr an Codlamh Sámh, A Chaptaen, mo Chaptaen. Roinnt acu aistrithe as dánta ón Albain agus Meiriceá. 31 amhráin ina iomláine sa leabhrán seo agus iad uilig curtha le foinn aitheanta ar nós, Eibhlín a rún, Buachaill ón Éirne, The Irish Rover, agus Que Sera, Sera, mar shampla.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.40 - 56lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

 

Féilire 2015 Obair Ealaíne le Martin Verling
Féilire 2015
Cliodhna Cussen
Féilire 2015 maisithe go gleoite le ealaíon Martin Verling. Dánta séasúrach smaointeach ó baird na nGael ina dteannta; Mícheál Ó hAodha, Gabriel Rosenstock, Declan Collinge, Stiofán Ó Cadhla, Derry O Sullivan, Simon Ó Faoláin, Mike Mac Domhnaill agus Gréagóir Ó Dúill. Ré na gealaigh, ón ghealach úr go lán ghealaigh, agus na laethanta saoire/féile mar eolas san áireamh.
Clúdach: Martin Verling - 2014.39 - 16lgh - Cinq Euro Five Euro Cúig Euro Cinco
Filí le Dealramh le Liam Prut Seán Ó Curraoin, Bríd Dáibhís, Déaglán Collinge
Filí le Dealramh
Liam Prut
Na filí le dealramh atá faoi thrácht anseo ná: Déaglán Colling, Bríd Dáibhís agus Seán Ó Curraoin. Eiseamláir do chine Gael iad mar filí. Tá an-éagsúlacht sa roghnú sin: fear cathrach fadbhreathnaitheach sa réimse sóisialta; fear Gaeltachta de shaíocht fhéithláidir a dhúchais agus bean rialta sna h-80dí. Pléitear go h-ionraic staidéarach a saolta filíochta, na téamaí sna dánta, rogha fhairsing na bhfocail agus na leabhair a d'fhoilsíodar síos tríd na blianta.
Clúdach: Valerie Seery - 2014.38 - 106lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

Clamavi le Pádraig Ó Snodaigh Dánta Filíocht Gaeilge Gaelic Irish Poetry
Clamavi
Pádraig Ó Snodaigh
Cnuasach fílíochta. Ina measc, dánta atá saoithiúil is machnamhach, leis an ngreann ag snoí tríothu. Dánta smaointeach agus cliste a fhágann a rianta ar an léitheoir, laethanta as aithle iad a léamh. Dánta grá a gcuireann ceisteanna maoithneach gan fhreagra. Dánta ar nós: A bhuel, Amhrán Joe, Ní liomsa an phian seo a thuilleadh, Cosa níos gaiste faoi each. Bailliúchán de 95 dánta a gcothaíonn seaghais agus soilíos.
Clúdach: Elanor Ní Tuathail - 2014.43 - 116lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

An Eochair le Cliodna Cussen Eibhlín Dubh Ní Chonaill Art Ó Laoire
An Eochair
Cliodna Cussen
Scéal ar bheatha Eibhlín Dubh Ní Chonaill. An clann mór inar saolaíodh í, na gaolta agus na cairde aici agus í ag fás aníos i ndúiche Doire Fhíonáin. Ba í a phós Art Ó Laoire sa bhliain 1767. Tá fuinneog nua inár stair oscailte ag an t-údar. Seo léargas úr dúinn ar éigní cróga ár n-oidhreacht. Bhain an saothar seo Duais Oireachtas 2014 amach sa rannóg Ábhar Léitheorachta do Dhaoine Fásta.
Clúdach: Toru Takashima - 2014.44 - 82lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Cois Fharraige mo Linnse le Seán Ó Conghaile
Cois Fharraige le mo Linnse
Seán Ó Conghaile
Stair Ghaeltacht Chois Fharraige. Aistí a foilsíodh san iris Feasta i lár na h-aoise deiridh ag déanamh cur síos ar chuid den saol mar a chonaic sé é lena linn. Ina measc, aistí ar Déantús an Phoitín, Seancheardaíocht Cois Fharraige, Tionscal na dTrátaí, Tithe ceann tuí, Máirtín Ó Cadhain, Dúiche Shailearna, Cúrsaí Faisean Mícheál Breatnach, An Bád Mór agus gluais d'fhocail Gaeilge neamhchoitianta ar nós 'Pidiléireacht' ar chúl.
Clúdach: Tomás Ó Riain RHA - 2014.48 - 192lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

 

 

 

 

 

 

Céiliúradh an Bhlascaoid 16 Na Blascaoidí agus na hEalaíona Blasket Interprative Cantre
Céiliúradh an Bhlascaoid 16
Na Blascaodaí agus na hEalaíona
Curtha in eagar ag Mícheál de Mórdha. Thángadar ó chian is ó chóngar chuig Céiliúradh an Bhlascaoid i 2011 in Ionad an Bhascaoid Mhóir. Deirtear gurb é an ócáid ab fhearr agus ba shuimiúla a tionóladh san Ionad riamh. Tháinig beirt ó Oileáin Thiar na hAlban, Maureen Kerr agus Norman MacLeod, le labhairt ar ealaíon St. Kilda agus Taigh Chearsabhagh - ionad ealaíona in Uibhist A' Thuaidh. Le sraith léachtaí ó na h-aíonna eile a bhí ann.
Clúdach: Maria Simonds-Gooding - 2014.45 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro
Ceiliúradh an Bhlascaoid 17 Tiarnaí Talún agus Tionóntaí
Céiliúradh an Bhlascaoid 17
Tiarnaí Talún agus Tionóintí
Ba leis na Gearaltaigh na Blascaoidí tráth & iad ar léas uathu sin ag na Feiritéirigh, ach ó lár an 17ú aois fuair teaghlach Sasanach, na Baoilligh (Boyle), Iarlaí Chorcaí tráth seilbh ar na h-oileáin agus bhíodar acu go dtí 1907 Céard is féidir a rá faoin ngaol a bhí idir tiarnaí talún agus tionóntaithe, nó idir tiarnaí talún agus an pobal mór fiú? Ba dhroch thiarna talún gach tiarna talún, sa mhéid is nár thuill sé a chuid agus nach raibh gá leis.
Clúdach: Lady Elizabeth Butler - 2014.46 - 168lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

Lán Dóchas is Grá le Máirtín Ó Maicín
Lán Dóchas is Grá
Máirtín Ó Maicín
Rogha altanna as an gcolún BEO GO DEO a bhí á scríobh ag an t-údar sa Connaught Tribune idir 1996 agus 2013. Tá breis le 70 alt sa leabhar, ar nós cnuasach gearrscéalta. Altanna stairiúil, spéisiúil, machnamhach agus altanna ghreannmhara freisin. Scéalta beaga eile ar chuimhní chinn an údair ar imeachtaí ar leith agus daoine cáiliúla. Daoine ar nós, an tAthair Pádraig Standún, Seán Ó Dufaigh, Seán Ó Casaide agus comhairle ár sinsear.
Clúdach: Gaoth Sáile Maorga le Henry Wills - 2014.49 - 166lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

An Brídeach Sí le Caitríona Ní Chléircín cnuasach filíochta Irish Poetry
An Brídeach Sí
Caitríona Ní Chléircín
An dara chnuasach d'fhilíocht ghleoite ó sióg na ndán. Daichead agus cúig dán sa leabhar seo atá roinnte go h-ábharach i seacht gcaibidil. Capall Bán, An Brídeach Sí, Imeacht na nIarlaí, Smionagar, Lasair, Taisce Bhrú Íochtair agus Caoineadh na mBríde Sí. Tá fís is aisling le brath sna dánta go léir lena scéalta is eachtraí féin á nochtadh acu. Dánta ar crógacht na laochra agus dánta ag comóradh grá. "Is fiú an bheatha de thairbhe í a bheith ann"
Clúdach: John William Waterhouse - 2014.51 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain


adhg Ó Rodaighe 1614-1706 An SColáire Tréitheach agus a mhuintir le Seosamh Mac Muirí
Tadhg Ó Rodaighe
Seosamh Mac Muirí
An Scoluidhe Tréitheach. Tugtar tuairisc ar na lámh-scríbhínní agus filíocht Thadhg Mac Gearóid Uí Rodaigh (1614-1706), na h-ábhair ina léirigh sé spéis agus a bhean céile Fionnghuala Nic Con Mara. Tá cuir síos fairsing sa leabhar ar a mhuintir agus an ginealach gaolmhara le scéalta na staire fite-fuaite síos tríd. Duine cáiliúil ab ea é
Cén fáth go bhfuil an méid sin dánta scríofa ina ómóis?
'Beannacht le d'anam, a Thadhg Uí Rodaighe'.
Clúdach: ARÉ 22 p33,239 - 2014.52 - 452lgh - Fiche Euro Vignt Euro Twenty Euro
An Tíogar agus a Mhadra le Mícheál Ó hUanacháin Léaraidí le Sin éad Ní Uallacháin Leabhar do leanaí. Childrens Book
An Tíogar agus a Mhadra
Mícheál Ó hUanacháin
Is tíogar óg é Tadhg atá an-cheanúil ar a chara Ian, an madra. Maidin amháin téann Ian ar strae agus tá Tadhg an-brónach. Lorgaíonn sé é ar fud na foraise agus iarrann sé cabhair ó ainmhithe na foraise, agus comhairle ón Rí fiú. Scéal spleodrach bríomhar atá oiriúnach do leanaí ó aois 4-5 ar aghaidh. Na pictiúirí uilig in oiriúint don scéal le líníocht álainn Sinéad.
Clúdach: Sinéad Ní Uallacháin - 2015.03 - 32lgh - Cinq Euro Five Euro Cúig Euro Cinco

 

 

 

 

Féilire 2014 CalendarFeilire 2014 Calendar

 

 

Scríbhneoirí Cois Teorann le Proinnsíos Ó Duigneáin
Scríbhneoirí Cois Teorann
Eag: Proinnsias Ó Duigneáin
Cnuasach scríbhneoirí le cnuasach filíochta agus gearrscéalta. Níl teorann leis na bhfilí seo, a dhánta nó scéalta ach an oiread: Seosamh Mac Muirí, Húdaí Croker, Máire Ní Dhomhnaill, Rossa Ó Snodaigh, Sorcha Fox, Séamas Mac Annaidh, Pádraig Mac Diarmada, Séamus Ó hUltachán, Diarmuid Johnson, Órla Parkinson, Seosamh Mac Suibhne, Eoghan Ua Conaill. Tá a ngaiscí cruthaithe, is neart eile le teacht.
Clúdach: Paul O Connor - 2014.53 - 104gh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

Hitler Meamhlach le Maidhc Dainín Ó Sé Scéal an gCat
Hitler Meamhlach
Maidhc Dainín Ó Sé
Gearrscéal taitneamhach don aos óg. Seo scéal na gcat i gCorca Dhuibhne. Tá faitíos ar an uile ainmhí roimh Hitler Meamhlach. Cat mór fíochmhar le croiméal dubh ar a phus. Ní fhaca riamh cat chomh diamhair leis. Ag achrann de shíor leo agus ag cur in iúil dóibh gur é, 'An Boss'. A chorp chomh mór láidir le h-aon madra ar an mbaile, 'sé sin go dtáinig sé go Baile na bPoc agus chuir Liam Mac an Chait béasaigh air.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2014.41 - 42gh - Sé Euro Caoga Cent six fifty six euro cinquante

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR TOP HAUT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: leabhairgaeilge[a]eircom.net   
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

 

 

 

 

 

 

 

 

 

COISCÉIM CHUN TOSAIGH !

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

 

 

This link kills spam