An Dr Lillis Ó Laoire, Ceann Scoile, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr a dhéanfaidh an seoladh.
Seolfaidh An Dr Lillis Ó Laoire, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, leabhar nua curtha i dtoll a chéile ag Pádraig Ó Cíobháin in Áras na Gaeilge ag 7.30 i.n. Déardaoin 21 Samhain 2013. Is é Pádraig Ó Cíobháin, scríbhneoir agus múinteoir teanga páirtaimseartha i Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh, an t-idirghabhálaí.
Sé atá i Gon uige seo, diolaim den ábhar a cumadh le linn shraith ceardlanna feé stiúir Phádraig Uí Chíobháin i Seanscoil Shailearna i gCois Fharraige ó Shamhain 2010 go Bealtaine 2011. Litríocht phobail , sa chiall is leithne, dar le Ó Cíobháin, atá sa bhailiúchán seo.