A G Newby
An Fraoch trí Thine
Low stock: 10 left
Tráth a raibh Cogadh na Talún ar siúl in Éirinn, bhí troid den chineál céanna á cur ag na croitéirí i nGarbhchríocha na hAlban. Fiosraíonn an leabhar seo tionchar na hÉireann ar ‘Cogadh na gCroitéirí’ sna 1880idí, go háirithe ar an Eilean Sgitheanach. Míníonn sé cúlra na comhghuaillíochta a rinneadh idir leasaitheoirí chóras na talún sna Garbhchríocha agus in Éirinn. Scrúdaíonn sé an eagla a bhí ar údaráis na Breataine go mb’fhéidir dá gcol ceathracha in Éirinn Gaeil na hAlban a spreagadh chun éirí amach. Nochtann sé cuid den teannas taobh istigh de náisiúnachas na hÉireann agus Micheál Mac Daibhéid is a lucht tacaíochta ag baint leas as Albain le leasuithe sóisialacha a chur chun cinn, cé go raibh sé dílis i gcónaí do Parnell, de réir cosúlachta, maidir le cúis an rialtas dúchais i gcoitinne.
Couldn't load pickup availability
