Mícheál Ó Ruairc

Cleite Gé -

Regular price €15,00 EUR
Sale price €15,00 EUR Regular price
Sale Sold out
Tax included. Shipping calculated at checkout.
 

Low stock: 5 left

Seo é Bíobla an Leitriúigh! Saothar neamhghnách amach is amach. 'Séard atá ann ná dhá dhán is céad nua-chumtha ag an bhfile aitheanta Mícheál Ó Ruairc a ríomhann teanga, stair, dinnseanchas, béaloideas, dúhas, seandálaíocht, logainmníocht, cultúr, litríocht agus saol mhuintir an Leitriúigh in Iarthar Chiarraí ón tseanaimsir suas go dtí an lá atá inniu ann.

Seoda filíochta agus litríóchta iad na dánta seo, gan ach trí líne dhéag i ngach ceann acu. Cuimsíonn gach uile dhán gné iomlán den saol agus cuirtear os ár gcomhair ina steillebheatha í. Díríonn an file a aird ar an gceantar ina iomláine, ó Pharóiste Eanaigh go dtí Srón Bhroin i bParóiste an Chlocháin. Ní beag an t-achar é!

Tá na 'Nótaí ar na Dánta' cuimsitheach agus tugann siad cabhair don léitheoir cúlra na ndánta a dheimhniú agus  thuiscint níos fearr. Cabhraíonn sraith léaráidí iontacha draíochtúla an ealaíontóra mór le rá, Niall Naessens, go mór le hábhar na ndánta a shoilsiú agus a neadú in aigne an léitheora.

  • American Express
  • Apple Pay
  • Bizum
  • Google Pay
  • Klarna
  • Maestro
  • Mastercard
  • MobilePay
  • Satispay
  • Shop Pay
  • Union Pay
  • Visa
View full details