1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 Baile
Coiscéim Logo Dearg
sa bhliain 2015 l'aneé 2015 In the year 2015

 

 

 

 

 

 

Paidir do Bhéal Feirste le Máirtín Ó Muilleoir Ard Maora Bhéal Feirte
Paidir do Bhéal Feirste
Máirtín Ó Muilleoir
Tofa! Chaith an t-údar bliain mar ardmhéara ar Bhéal Feirste. An Chéad Saoránach idir Meitheamh 2013 go dtí Meitheamh 2014. Bliain an-eachtrúil go deo a chaith sé le dualgaisí na slabhraí órga agus cúraimí Halla na Cathrach Fear é a chuireann an síochán roimh an díoltas agus a chinntigh lena chroí gurb amhlaigh a mbeadh mar téama a théarma mar méara. Dúshlánach, eachtrúil, pictiúrtha, agus iontach spreagúil mar scéal. Ní Stopfar Sinn !
Clúdach: Dónal McCann - 2015.04 - 196lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

Raghnallach na Fola. Gael i gCúirt Rí na Spáinne le Tomás Mac Síomóin O Reilly hasta la muerte. un Irlandés en la Corte Real de Espana Irelandese de Ultramar
Raghallach na Fola
Tomás Mac Síomóin
Gael i gCúirt Rí na Spáinne. An 3ú leabhar sa sraith, Gaeil i gCéin. Scéal, i Spáinnis agus Gaeilge, ag cuir síos ar shaol 'gus eachtraí Alastar Ó Raghallaigh (1700-72). Le linn na péindlíthe in aimsir Cromwell d'fhág a chlann slán le hÉireann agus é fós ina ghasúr. Bhain siad an Spáinn amach. Faoin am is go raibh sé ina dhéagóir rinne oifigeach de i Reisimint Hiberia in airm na Spáinne faoin rí Cathal III.
Clúdach: Karen Dietrich - 2015.01 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Macalaí na Cásca 0 Anois nó Riamh An Éirí Amach i Laois ó Domhnach na Cásca 1916 Micheál Grae
Anois nó Riamh
Micheál Grae
An tÉirí Amach i Laois ó Dhomhnach Chásca 1916. Seo Macallaí na Cásca 10(ú) leabhar sa sraith ag déanamh comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916. Fíor scéal ar ndóigh, faoi chomplacht Óglaigh Laoise a bunaíodh i 1914. a bhí ar son buille a bhualadh ar son na saoirse. B'iad a d'aidhin an tine bheo! Neamhspleách ar Mhac Néill. Seo h-é an scéal ó chuimhne athair an t-údair, Ceannfort Micheal Gray.
Clúdach: Síle Grae - 2015.02 - 60lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

Os cionn talún agus dánta eile le Aogán Ó Muircheartaigh
Os Cionn Talún agus dánta eile
Aogán Ó Muircheartaigh
Bíotar go minic ag léamh faoi chnuasaigh nua dánta agus ní eisceacht é seo, an chnuasach nua dánta is éirimiúla fós ó pheann intinne an t-údair. Beifear go minic á léamh mar go bhfuil breis le leathchéad díbh sa leabhar seo. Filíocht bhreá na smiorúlachta. Fíonn sé línte na véarsaíochta le chéile, le misneach agus crógacht domhain liteartha. Gan trácht ar an ngreann a sníonn tríothu. An bard sa bharda ar ais ó chaol a dhroma tríd ceobhrán na h-athbheochana
Clúdach: Ribo & E.T. - 2015.05 - 80lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Féilire 2015 CalendarCeannaigh an leabhar Buy the book Achéte le Livre Feilire 2015 Calendar
Coiscéim Coisceim Leathnach Baile Home Page

 

Seanfhocail gan Sárú agus Nathanna Eile le Breandán 'ac Gearailt Seanfhocal Gaelic Phrases Gaelic Sayings Gaelic Proverbs
Seanfhocail gan Sárú agus Nathanna Eile
Breandán 'ac Gearailt
Scríobhadh an leabhar seo i dtreo nach mbeidh aon leathscéal ag aon duine a rá nach dtuigeann siad na seanfhocail, a deir mórán i mbeagán focal. Tá breis agus 300 seanfhocail agus nathanna cainte breactha síos anseo móide míniú i mBéarla ina chuideachta. Maisithe le cartúin ábhartha de chuid Dómhnal Ó Bric. "Toghaigí bhur gcuideachta sara raighir ag ól" "Choose your company before you sit down to drink"
Clúdach: Dómhnal Ó Bric - 2015.07 - 128lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

Macallaí na Cásca 11 Na hÓglaigh sna Déise 1913-1916 le Silvester Ó Muirí Éirí Amach na Cásca The Easter Rising 1916
Na hÓglaigh sna Déise 1913-1916
Silvester Ó Muirí
Seo Macallaí na Cásca 11(ú) leabhar sa sraith ag déanamh cuir síos agus comóradh ar dóchas agus crógacht na hÓglaigh sna Déise, i gcathair agus i gContae Phort Láirge ó 1913 go dtí Éirí Amach na Cásca. Tá cuir síos ann ar bunú agus modhanna traenála complachtaí na nÓglach i bPort Láirge.
Níor éirigh le rialtas Shasana mórán a dhéanamh chun an sruth i dtreo na náisiúnachta a chosc.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.06 - 44lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

An Capall Ocrach le Pauline Devine
An Capall Ocrach
Pauline Devine
Gearrscéal don aos óg agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge. Suite sa tír Idir Eatarthu. Roinntear an tír idir an dhá mac tar éis don rí bás a fháil, seachas Cnoc Maol ina bhfuil cónaí ar an gcailleach Bidean. Scaipeann sí a draíocht mallachtach fud fad na h-áite. Ansin tagann an leaidín óg Pící sa tóir uirthi le stop a chuir lena draíocht agus an capall ocrach a leigheas. Ach ní h-é sin amháin a leigheastar. Foclóirín ar chuile leathanach
Clúdach: Seán Ó Braonáin - 2015.08 - 56lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

Rachlas le Mícheál Ó Siochrú Filíocht breá Gaelach
Rachlas
Mícheál Ó Siochrú
Cnuasach breá d'fhilíocht Gaelach. Caoga dán atá ann. Dánta doilfe dóilseach le caoimhneas rúnda gan srian. Tá caoindúthracht an t-údar le brath i sruth na smaointe, líofacht na bhfocal agus laighce na véarsaí. Ní minic a chastar orainn fionnachtaí na mothúchán atá chomh cumasach agus éirimiúil is atá an t-údar seo - go h-áirithe sa Ghaeilge. Ach, an uair a chastar orthu is iad Coiscéim a bhfoilsíonn a gcuid saothar.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2015.09 - 76lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

Scéalaíocht an Dúchais le Seán Ó Duinn  Leabhar Gabhála Éireann (The Book of Invasions,) eleventh century The Book of Invasions is a twelfth century chronicle of the various pre-Christian colonisations of Ireland.
Scéalaíocht an Dúchais
Seán Ó Duinn
25 gearrscéal déscéalaíochta ón miotaseolaíocht. Tagann ionsparáid don leabhar seo ón sean litríocht atá ar fáil i Leabhar Gabhála na hÉireann agus ó shean scéalta liteartha eile. Is deacair don ghnáth léitheoir teacht orthu nó fiú an sean fhoirm den teanga a léamh ná a thuiscint. Tá siad giorraithe is simplíthe sa leabhar seo de réir stíl an tseanchaí thraidisiúnta. m.sh. Teacht Chaesair go hÉirinn, Banríon na bPlainéid, Cath Alúine
Clúdach: Ríbo - 2015.12 - 120lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

Bunailt na Saoirse e Traolach Mac Suibhne
Bunailt na Saoirse
Traolach Mac Suibhne
B'fhiú go mór cuimhneamh ar Thraolach Mac Suibhne a chíor cuspóir na saoirse agus a chuimhnigh ar an gcruth ba chóir a bheith ar ár dtír mar bharr ar sin. An eagrán Gaeilge, a bhí i nuachtán Sinn Féin idir 1923-1925 atá anseo, a foilsítear den chéad uair ina iomláine.
Clúdach: Séamus Ó Murchadha - 2015.11 - 208lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

Féilire 2016 Calendar
Féilire 2016
Eag: Cliodna Cussen
Féilire 2016 maisithe go gleoite l'obair ealaíne Toru Takashima. Ina gcuideachta, tá dánta ó na bhfilí a bhfuil a saothar i gcló ag Coiscéim le déanaí: Simon Ó Faoláin, Marcus Mac Conghail, Caitríona Ní Chléirchín, Aogán Ó Muircheartaigh, Derry O Sullivan, Gabriel Rosenstock agus Pádraig Ó Snodaigh. Ceannaigh é mar bhronntanas . . . . . .
Clúdach: Toru Takashima - 2015.13 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Idir Mhná le John McGahern leagan Gaelige le Irene Duffy Lynch Amongst Women by John McGahern Gaelic translation by Irene Duffy Lynch
Idir Mhná
Irene Duffy Lynch
Fear é Mícheál Ó Móránaigh atá sáinithe ag géar-chéim shiceolaíocht na clainne atá faoina údarás bhagrach agus idé-eolaíocht na linne sa ról patrarcach sin, ról a ghineann fuath do mhná agus foréigin go smior ann. Fear rúnda agus iar-cheannaire le Óglaigh na hÉireann a bhí ábalta an bua a fháil ar na Dúchrónaigh. Seo leagan Gaeilge de Amongst Women le John McGahern atá aistrithe go cruinn ag Irene. .
Clúdach: Joseph Lynch - 2015.14 - 208lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro

 

 

 

 

 

 

Aistí Eorpacha le Torlach Mac Con Midhe European Essays
Aistí Eorpacha
Torlach Mac Con Midhe
Seo iarracht lucht léite na Gaeilge a chur i dteangmháil leis an Eoraip arís. Breis le doiséan aistí nua a scríobh an t-údar, bunaithe ar a chuid iriseorachta idir 1998 agus 2013: ailt níos giorra san Irish Times, Comhar agus Feasta. Chomh maith le píosaí a craoladh ar Raidio na Gaeltachta. Aistí domhain, leathan, spéisiúil. Tá tagairt ag na h-aistí seo do shaol na Gaeilge agus do chúrsaí na hÉireann.
Clúdach: Les Deux Magots, Páras - 2015.19 - 232lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Scéalta as Tír Chonaill le Séumas Mac Manus Leagan Gaeilge le Mícheál Mac Giolla Easbuic
Scéalta as Tír Chonaill 1
Mícheál Mac Giolla Easbuic
Cnuasach de trí chinn déag de ghearrscéalta a chruinnigh Séumas MacManus ina óige cois tine agus é ina chónaí i dTamhnach an tSalainn. Ina measc tá: Aiséirí Uí Dhomhnaill, An Fear Marbh, An Fear Mire agus an Diabhal, Mac Tiarna Chrann Cheo, Eachtra Bhillí Uí Bheirn, An Bodach agus an Gasúr, Mac na Láidreachta, Mánas na mBrionglóid. Tá gluais ar chúl chun cuidiú le Ghaeilge Chonallach
Clúdach: Eoin Mac Aoidh - 2014.05 - 176lgh - AS CLÓ

 

 

 

 

 

 

 

Quo Vadis, a Chreidmhigh?  le Colm Ó Tórna
Quo Vadis, a Chreidmhigh?
Colm Ó Tórna
Tá sé chinn d'aistí barúlach, éabhlóideach sa leabhar coinsiasach seo. Is chuige féin a ghlacann Ó Tórna na smaointeoirí is airde céim mar chabhair lena mhachnamh féin. Aistí iad a dhéanann plé domhain; An Tús, Scrúdú Coinsiasa, an tEasnamh Ionnain, Cé muid?? na h-oibleagáidí, na dúshlán - dualgaisí fiú atá orainn. B'fhiú go mór a fháil amach cad is dúchas dúinn. Bíodh seo i do sheilbh mar chuid de...
Clúdach: Fiachra Ó Tórna - 2015.21 - 88lgh - ocht euro huit euro ocho eight euro a bargain doncha know
Taisí Tosta
Seosamh Ó Murchú
Cnuasach breá eile d'fhilíocht Gaelach. 58 dán agus roinnt Haiku cliste ina measc. A scéal féin ionntu uilig. Tá radharc an fhísí le aireachtáil sna véarsaí bródúil seo, atá gan srian, is iad ag nochtadh nodaireacht an duanaire Saothar an-taitneamhach. Dánta iad a maireann leat.
Cumasc na gclóphonc caite
Mirlíní na n-óglog
A thit le fána na mblian .....
( Lámha an Easpaig )
Clúdach: Seosamh Ó Murchú - 2015.20 - 76lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Taisí Tosta le Seosamh Ó Murchú Dánta filíocht
Scéalta as Tír Chonaill Iml:2 Séamas Mac Manus Leaganacha Gaeilge nua le Mícheál Mac Giolla Easpuic
Scéalta as Tír Chonaill 2
Mícheál Mac Giolla Easbuic
Cnuasach a dó. Bailiúchán eile de ghearrscéalta a bhí ag Séumas MacManus. Eagraithe agus tiontaithe go Gaeilge na linne seo, ach fós ag fanacht dílis do thailte an dúchais.Gearrscéalta ar nós: An Tobar ag Deireadh an Domhain, Iníon Rí na Gréige, Cleite mo Sciatháin, Cliste nó Ameaidach? Banríon an Lucht Siúil, Seán Amaideach, agus neart eile....
Clúdach: Eoin Mac Aoidh - 2015.17 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

Macallaí na Cásca 1916 Ná Bac Leis le Aindrias Ó Cathasaigh
Macallaí na Cásca 12 Ná Bac Leis
Aindrias Ó Cathasaigh a chóirigh
Chuir Seán Mac Giollanátha, eagarthóir An Claidheamh Solais, nuachtán seachtainiúil Gaeilge amach go rúnda i 1915 dar theideal Ná Bac Leis ag magadh faoi lucht polataíochta na linne, ach bhí teachtaireacht dáiríre aige freisin. Altanna magaidh agus dánta dáiríre ina measc. Ach ba ghreann dóite é, mara raibh sé loiscithe. Tá 18 eagrán i gcló sa leabhar seo. "Ba pháipéirín bríomhar, lán de speachadh a bhí i Ná Bac Leis." (Éamonn Ó Cíosáin)
Clúdach: Valerie Seery - 2015.29 - 112lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro
Barr Top Haut suas up BARR

 

Scéalta as Tír Chonaill Cnuasach 3 le Séamas Mac Manus na Leagaacha Gaeilge le Mícheál Mac Giolla Easpuic
Scéalta as Tír Chonaill 3
Mícheál Mac Giolla Easbuic
Cnuasach a trí. Bailiúchán de 14 ghearrscéalta eile le Séumas MacManus. Eagraithe agus tiontaithe go Gaeilge na linne seo, ach ag fanacht dílis do thailte an dúchais. msh. Cothaíonn Samhlaíocht Clisteacht, Óinseach & Amadán, Crúca Húca, Níor eitil éan riamh ar sciathán amháin, Amadán an Taois, Bainis Dhonnchaidh & Mháire, An tSeanchailleach, An Préachán & an Fhuil, Mánas an Muilleoir, srl....
Clúdach: Eoin Mac Aoidh - 2015.33 - 168lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Amhrán na Mara Song of the Sea
Amhrán na Mara
Will Collins
An leagan Gaeilge de Song of the Sea, a bhuíoch san le Proinsias Mac an Bhaird. Curtha in eagar ag Maura McHugh. Curtha le chéile ag Colm Ó Snodaigh agus Jackie Cole. Tá an leabhar gleoite seo bunaithe ar an scannán le Tomm Moore, curtha i láthair ag an Cartoon Saloon a bhuaigh an Gradam IFTA 2015 don scannán Éireannach is fearr. Scéal Ben agus Saoirse, mamó agus an teach solais, agus an Mairnéalaigh Dan
Clúdach: Cartoon Saloon - 2015. - 58lgh - ocht euro huit euro ocho eight euro a bargain doncha know

 

 

 

 

 

 

An Fochlach Foclach le Rossa Ó Snodaigh Foclóir comhfhoghar Gaeilge A Gaelic homophone dictionary
An Fochlac Foclach
Rossa Ó Snodaigh
Foclóir comhfhoghar Gaeilge. Leabhrán plúchta le nathanna cainte, abairtí gan brí - ach ina bhfuil brí ionntu. Tá sé greannmhar agus ionsparáideach. Má tá An Ghalar Reatha orthu; Dithneas a dtinneas - Rushing is their sickness. Nó ar b'fhearr libh;
'An í diúlaí d'úill í Julie?'
Is it Julie who sucks your apple
? ?
Maisithe go gleoite le léaráidí Shéamuis Dunbar.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.34 - 200lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

Tonn Cliodhna le Eibhlís Carcione Filíocht Gaeilge Irish Language poetry
Tonn Cliodhna
Eibhlís Carçione
A céad cnuasach d'fhilíocht breá Gaelach. Breis le caoga dán laistigh a nochtann dúinn féith nathrach na bhfocal. Na línte fileata, fréamhaithe go domhain sa nádúr, ag cothú láthair séibh le mothúcháin an sruth filíochta dul i bhfeidhm. Tá ciúnas na tuaithe le brath maraon le trangláil na mara, grá agus fuath, saol agus beatha.                 Nathracha
     Tá nimh in a dteangacha ach nílid teochreasach

Clúdach: Valerie Seery - 2015.32 - 64lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

Bealach na Mine Buí le Proinsias Mac an Bháird
Bealach na Mine Buí
Proinsias Mac a' Bhaird
Filíocht Phroinsias agus fáilte. Cnuasach úr de dhánta bhréatha. Dán Greannmhar ina measc lch.74. "Creidim go bhfuil gach dán sa chnuasach seo faoi thionchar éigin..." Ach tá dán ar leith, Bealach na Mine Buí, ar a bhfuil an teideal bunaithe, faoi thionchar dhraíochtúil dhúiche Frainc Jeaic ag síneadh anall ó Loch an Fhir Bháite go Cnoc an Iolar. Saoi mín na staire fosta, mar a léiríotar i ndánta ársa Eoghan Ruaidh Mhic an Bhaird. lch. 49 - caib iv
Clúdach: Fearann Múir, Árainn Móir - 2015.31 - 68lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

As Trunc Fernando Pessoa leagan Gaeilge le Deirdre Brennan
As Trunc
Deirdre Brennan
Rogha dánta ó Fernando Pessoa (1888-1935), filé mór na Portaingéile. Bhí eachtraí réaltacha aige a lig dó fáinní solais mhaighnéadach a fheiscint. Ba duine é den ghrúpa a bhunaigh an iris Orpheu i 1915. Bailiúchán suntasach aistrithe go Gaeilge ag Deirdre Brennan. Filíocht láidir, dramatúil, an-chreidimh go deo le baint astu, agus iad sáite i stair na linne san.
Clúdach: Rodrigo Riberio - 2015.26 - 88lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

Céiliúradh an Bhlascaoid 18 le Mícheál de Mordha
Ceiliúradh an Bhlascaoid 18
Mícheál de Mordha
Uimhir a h-ochtdéag sa tsraith cháiliúil seo. Tionóladh Céiliúradh an Bhlascaoid na bliana 2013 faoin téama: Saibhreas agus Dán na Teanga. Rinne an Teachta Dála Donncha Mac Fhionnlaoich an Chéilíuradh a oscailt go h-oifigiúil. Seo taifead ar cad a tharla ina dhiaidh sin thar an deireadh seachtaine úd ag deireadh mhí Mheán Fhómhair, idir dhánta, léachtanna, cainteanna, ionsparáid, díospóireacht agus céiliúradh.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.25 - 200lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

Céiliúradh an Bhlascaoid 19 le Mícheál de Mórdha
Ceiliúradh an Bhlascaoid 19
Mícheál de Mordha
Uimhir 19 sa tsraith cháiliúil seo. Comóradh ar shaol agus shaothar, an Dr. Pádraig Ua Maoileoin. Peaidí 'n Dúna mar a b'aithne air. Téama do Céiliúradh an Bhlascaoid 2014. Saolaíodh i nDún Chaoin é i 1913 agus d'éag sé i nDún Chaoin i 2002. Ba é Tomás ó Criomthain, 'An tOileánach', a sheanathair. Liam P. Ó Murchú, léachtóir sinsearach in Ollscoil Chorcaí, a d'oscail an ócáid comóradh don deireadh seachtaine.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.23 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

Scríobhnóirí Cois Teorann Gearrscéalta, filíocht srl ó Cúige Uladh
Scríbhneoirí Cois Teorann 2
Eag: Proinsias ó Duigneáin
An dara cnuasach chugainn ó thuaisceart na tíre. Meascán de ghearrscéalta, d'fhilíocht agus d'ábhair liteartha eile mar iad. Saothair ann le; Damhliac MagShamhráin, Seosamh Mac Muirí, Séamus Mac Annaidh, Rossa Ó Snodaigh, Eoghan Ó Conaill, Hiúdaí Croker, Caitlín Mac Amhlaigh, Róisín Uí Mhuiris, Séamus Ó hUltacháin, Diarmuid Mac Conmhaoil, Brian Ó Súilleabháin agus níos mó fós.
Clúdach: Paul O Connor - 2015.35 - 96lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Barra Trá le Gearóid Ó Clérigh
Barra Trá
Gearóid Ó Clérigh
Clocha cainte agus glac feamainne filíochta. Bailiúchán breá dá shaothar a foilsíodh sna h-irisí; Feasta, Iris-leabhar Mhá Nuad. Comhar, An Guth, An Sagart, Bliainiris, srl.... Aistí fíor-spéisiúl agus glac feamainne filíochta ón údar ag snaoi tríd freisin.
Clúdach: Gearóid Ó Clérigh - 2015.24 - 304lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro
< ---- Clic ar an chlúdach

 

 

 

 

 

 

 

Crith aigne Smaointe na bhFealsamh le Risteard Mac Annraoi
Crith Aigne
Risteard Mac Annraoi
Cur síos ar bhunsmaointe na bhfealsamh is iad ag plé ceisteanna na cúisíochta, na substainte, an ionannais, nó na bheithe. I measc na fealsúna faoi chaibidil tá: Immanuel Kant, Tomás Acuin, Agaistín, Platón, David Hume, John Locke, Sócraitéas, Arastatal, Baruch Spinoza, Descartes, Von Leibniz, Hegel, agus neart machnóirí domhain eile. Ach ar ndóigh, ní dheineann leabhar fealsaimh ach an aigne a oiliúint....
Clúdach: Valerie Seery - 2015.30 - 128lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Ar Faonoscailt Cnuasach dánta le Bernadette Nc an tSaoir
Ar Faonoscailt
Bernadette Nic an tSaoir
Tá na 46 dán níos mó oscailte ná dúnta in ainneoin an teideal. Ag lonrú tríd scoilteanna na bhfaonoscailtí Filíocht comóradh is ómóis. Dánta i gcuimhne laochra na nGaeil, Maidhc Dainín, Peaidí 'n Dána, Tomás Ó Canainn, srl. Saothair duanach ón mbard dílis ar nós: Dúil Mharfach, Neamhchinnteacht, Néal Aoibhnis, Na Bearta Crua?, An Abhainn Stuama, Peata Circe, An Spideoigín, agus neart dánta eile.
Clúdach: Graham Lynch - 2015.27 - 56lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR
Rabbie Burns An Nasc le hÉirinn le Pádraig Ó Baoighill  Robbie Burns Scottish poet
Rabbie Burns
Pádraig Ó Baoighill
File Náisiúnta na hAlban - An nasc le hÉirinn. Mar ceol na fidile tháinig mórán d'amhráin Burns anall thar Sruth na Maoille agus canadh go minic iad ar bhád Dhoire ón Broomielaw i nGlaschú go Doire Cholm Cille. Bíonn lá ceannféile an fhile san Óstán Harvey's Point i nDún na nGall (25ú Eanáir) chuile bhliain. Bhí deirfiúir leis Agnes ina cónaí lena fear céile i mBaile Stiofáin, Co. Lú fosta. Leabhar mór stairiúil is spéisiúil, ó chlúdach go clúdach.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.36 - 456lgh -
Dhá Euro déag agus caoga cent . . . Douze Euro Cinquante

 

De Chion Focal le Pádraig Ó Cíobháin
De Chion Focal
Pádraig Ó Cíobháin
Cnuasach gearrscéalta atá an-taitneamhach, lán d'eolas is stair. Moltar don té ná raibh sé de phléisiúr aige/aici fós aon chuid de shaothair Uí Chíobháin a léamh tosnú ar a thuras léitheorachta leis an gcnuasach seo, toisc an meascán suimiúil den sean agus den nua a bheith le fáil ann. Is i gCorca Dhuibhne atá formhór na scéalta suite agus iad scríobhtha i stíl aitheanta na Mumhan. 'sé máirtíreacht an scríbhneora i nGaeilge.
Clúdach: Máirtín Verling - 2015.22 - 376lgh - Dhá Euro déag agus caoga cent . . . Douze Euro Cinquante

 

 

 

 

 

 

 

Faoin Aiteal Unter dem Wacholder Nadja Kuchenmeister Hans Christian Oeser
Faoin Aiteal / Unter dem Wacholder
Nadja Küchenmeister
Under the Juniper Tree. Cnuasach mór dánta i dtrí theanga le chéile in aon leabhar amháin. A buí san as Hans Christian Oeser agus Gabriel Rosenstock a rinne na h-aistriúcháin go cruinn is go beacht, ag soláthair saothar corraitheach agus uaigneach, ach fós féin, domhain agus mealltach, ón sár-fhile Gearmánach Nadja Küchenmeister. "Chomh luath's a scríobhaim síos é. imíonn na mothúcháin, siolptha isteach sa dán"
Clúdach: Théodore Chassériau - 2015.28 - 92lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

El Zorro na hÉireann El Zorro de Irlanda Tomás Mac Síomóin
El Zorro na hÉireann
Tomás Mac Síomóin
Ó Loch Garman go Meicsiceo. An 4ú leabhar sa sraith, Gaeil i gCéin, i Spáinnis agus i nGaeilge. Scéal ar ghaiscaíocht chróga Liam Lampart/Guillén Lamparte (1615-1659), a theastaigh uaidh neamhspleáchas na Nua-Spáinne a bhaint amach is go mbeadh sé ina rí ar Mheicsiceo. Cuireadh sa phríosún é. D'éalaigh sé agus gabhadh arís é. Scríobh sé 918 dán ag cáineadh na gcúistúniaithe, ag moladh Dé agus na bundúchasaigh.
Clúdach: Karen Dietrich - 2015.37 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Cahier d'un retour au pays natal Aimé Césaire  leagan Gaeilge Nótaí ar fhilleadh ar mo thír dhúchais le Pádraig Ó Máille
Nótaí ar Fhilleadh ar mo Thír Dhúchais
aistriúchán le Pádraig Ó Máille
An leagan Gaeilge den dán cháiliúil san ó na 1930dí: Cahier d'un Retour au Pays Natal le Aimé Cesaire. I Lúnasa na bliana 1939 d'fhill Cesaire agus a bhean céile go h-oileán Martinique; inar saolaíodh iad. Sa mí chéanna foilsíodh an aiste próis fada seo i Volontés, iris beag i bParis. Glacann gach aon duine leis gur mór shaothar domhanda é, Cahier d'un Retour au Pays Natal Tá cúlra, stair agus nótaí Uí Máille ag cuir go mór leis.
Clúdach: Loretta Brennan - 2015.38 - 72lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Síos Chun na \hAstráile le Seán Ua Cearnaigh
Síos Chun na hAstráile
Seán Ua Cearnaigh
Gearrscéal taitneamhach eachtrúil atá suite sa 19ú aois. Aimsir an Drochshaoil atá ann, bliain ghann ghortach 1847. Seo scéal an leaid óg, Micheál Ó Dónaill, ar a thuras eachtrúil chun na hAstráile ar thóir a athair a bhí díbeartha ann tar éis dó na póilíní agus na báillí a ionsai. Ansin bí gafa ag na h-eachtraí thar sáile i dteannta na bhfoghlaithe mara. Feiliúnach do dhéagóirí agus foghlaimeiorí le foclóirín ar chúl.
Clúdach: - 2015.15 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

Bonfhoclóir Gaeilge-Béarla Irish-English Dictionary Lexicon Foclóir
Bunfhoclóir Gaeilge - Béarla
Eoghan Mac Aogáin / Máire Nic Mhaoláin
A basic Irish - English Dictionary mar a deir sé ar an gclúdach. Foclóir le h-aghaidh foghlaimeoirí Gaeilge sna h-iar-bhunscoileanna agus san oideachas aosach. Bunaithe ar Corpas Náisiúnta na Gaeilge. 1500 príomh-ceannfhocal agus 2500 ceannfhocal tánaisteach le flúirse samplaí den úsáid a bhaintear astu chomh maith le crostagairtí agus frásaí a bhfuil baint acu lena chéile, pá áit a bhfuil siad san fhoclóir
Clúdach: Valerie Seery - 2015.18 - 480lgh - Cúigdéag euro quinze euro fifteen euro
Dialann Shagart Tuaithe Journal d'un Curé de Campagne le Georges Bernanos leagan Gaeilge le Breandán Ó Doibhlin
Dialann Shagart Tuaithe
Breandán Ó Doibhlin
An leagan Gaeilge de Journal d'un Curé Campagne (1936) le Georges Bernanos. D'fhás traidisiún 'litríocht chríostaí' i bhfoirm an úrscéal idir an dá cogadh domhanda. Litríocht atá ann ag lorg na carthanachta críostaí ar an aigne agus ar an eachtraíocht inti. Tá Dialann Shagart Tuaithe ar na bláthanna is breátha dár tháinig ón bhfréamh. Tá fás úr an Earraigh le brath sa tuath. An sagart óg tar éis fás úr spioradálta a spreagadh sa phobal.
Clúdach: stadáin ón scannán - 2015.16 - 324lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

Bíonn Siúlach Scéalach le Seosamh Ó Cuinneagáin
Bíonn Siúlach Scéalach
Seosamh Ó Cuinneagáin
Scéal spéisiúil, beathaisnéisach, an saol a bhí ann san am san. Bíodh is go raibh aistear an-eachtrúil i ndán dó, tá an cuma air anois gur tháinig sé fríd gach gaisce mar laoch. Seo anois é i bhfoirm leabhar don chéad uair. Chuimhnigh sé air go dian agus scríobhadh síos é. Tá an deis agat anois an am san a bhraith is a thuiscint, ó súile eile a bhí ann mar fhianaise, san am san. Scéalta ón scéalaí.
Clúdach: Valerie Seery - 2015.40 - 246lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

 

 

 

 

 

 

 


COISCÉIM CHUN TOSAIGH !

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: leabhairgaeilge[a]eircom.net   
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

 

 

SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

 

 

This link kills spam