Fuaim na Gaoithe Aniar le Paddy Mhéime Ó Súilleabháin Cnuasach Filíochta
Fuaim na Gaoithe Aniar
Paddy Mhéime Ó Súilleabháin
Bhain an cnuasach filíochta seo an chéad duais amach i nOireachtas Ceanada 2012 agus arís i 2016. Ionntu atá bród agus brón. 48 dán i gcuimhne cairde agus cairdeas, óg agus sean. msh. Johnny Chóil Maidhc, An File Thiar (i ndílchuimhne Seosamh Ó Guairim). Dánta freisin ar áileacht agus iontas na timpeallachta, ina measc: An Nádúr, Loch an Bhuí, Gleann an Ruisín, Rún na gCloch agus An Spideog.
Clúdach: Patsy Farrell - 2017.19 - 64lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
/
1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 2025 2026 2027 Baile
Coiscéim Logo Dearg
sa bhliain 2017 l'aneé 2017 In the year 2017

 

Nós Mag

 

 

 

Leabhair as Gaeilge, Leabhair i nGaeilge, Leabhair Gaeilge
Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí eile le Pádraig Ó Baoighill Tír is Teanga
Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí Eile
Pádraig Ó Baoighill
Bunaíodh Conradh na Gaeilge i nGlaschú sa bhliain 1895. Caibidil: (1) léacht a thug an t-údar do Chumann Merriman, Inis Díomáin, Co. an Chláir 2002. (2) Blianta tosaigh an Chonartha i nAlbain. (3) Alt ar Phádraig Mac Pháidín, uachtarán Comhaltas na Breataine Móire de Chonradh na Gaeilge. (4) Muintir na Gaeltacha agus an Chonraidh i nAlbain. (5) Ábhar imeachtaí na craoibhe go dtí an lá inniu. (6) Altanna bainteach le hAlbain.
Clúdach: Aindrias Ó Cathasaigh - 2017.03 - 168lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Tiompán Tráthnóna le Cliodhna Cussen
Tiompán Tráthnóna
Cliodna Cussen
Bunaíodh na daoine atá sa scéal seo ar íomhánna a phéinteáladh ar fhallaí uaigheanna a dtángthas orthu i gCúige Shaanxi na Síne le 60 bliain anuas. Bhí na h-íomhánna fós chomh geal beo is a bhí 1400 bliain ó shin nuair a bhí Ríshliocht Tang i réim. Scéal grá é seo a bhain duais san aonad d'fhoghlaimeoirí fásta i nOireachtas na Gaeilge 2016. Tá roinnt de na h-íomhánna ársa san, atáirgthe sa leabhar freisin.
Clúdach: Valerie Seery - 2017.01 - 60lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

Taoscadh an Tobair le Máire hOibicín Uí Eidhin
Taoscadh an Tobair
Máire hOibicín Uí Eidhin
Gréasán cumarsáide is ea teanga a bhaineann leis an bpobal a labhrann í. Is léir dá réir sin, gur contanam ama atá i mbeatha teanga; leanúnachas gan bhrisedh óna h-ailfe go dtína h-óiméige. Is amhlaigh mar atá sa cnuasach filíochta seo. Léiríotar tallann an bhfile, í ag tumadh níos doimhne i dtobar na cumadóireachta le filíocht sofaisticiúil, síolaithe ón dúchas aici, a chuir os ár gcomhair. Breis le 65 dán den saibhreas traidisiúnta.
Clúdach: Máire hOibicín Uí Eidhin - 2017.02 - 176lgh - ocht euro huit euro eight euro
Am Sosa le Brian Ó Baoill Ceol-Dráma Gaeilge don bhunscoil
Am Sosa
Brian Ó Baoill
Is ceoldrámaí an-deas iad seo a n-oireann don aois-ghrúpa go dtí Rang a 3 sna Bunscoileanna. Tá na h-ámhráin, ar nós Ar an mBus agus Is mór an Spraoi, an-oiriúnach don aos óg agus cuidíonn na h-amhráin leis an scéal laistigh de na drámaí a chuir ar aghaidh go h-an-maith. Tá diosca na ndrámaí agus na h-amhráin i gcuideachta an leabhar freisin.
Clúdach: Dara Ó Baoill - 2017. - 52lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Oighear le Doireann Ní Ghríofa Cbuasach filíochta
Oighear
Doireann Ní Ghríofa
Bailiúchán d'fhilíocht ag oscailt poll amhairc isteach i saol agus cúrsaí teaghlaigh. Nochtar dúinn sna dánta, lán na cuisneora, léarscáil sa ruga tinteáin, beartáin feola, glanadh an tseomra folctha agus boladh caifé na maidine. "Tá na dánta liriciúil agus scéaltacht in éineacht, agus thar aon ní eile, is pléisiúr dúinn iad a léamh," a deir an tUasal Alan Titley linn faoin saothar álainn seo. I gcuimhne Caitlín Maude...
Clúdach: Andrea Popovici - 2017.06 - 52lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

 

Pádraig Mac Giolla le Mise Mac Giolla Colm Ó Snodaigh
Pádraig Mac Giolla Íosa
Mise Mac Giolla
Rogha de seachtó dánta Gaeilge a scríobh Pat le breis agus scór bliain anuas. Dánta greannmhar, eadrom, a thugann ardú anama don léitheoir. Tóg mar shampla: 'Paidir an Leanbh Ocrach' = " Cíoch! Cíoch eile!, Buíoch!, as le Dia!" , agus neart eile seoda filíochta súgrach mar é. Cad faoi 'Thar Imeall'
"Is breá liom an nóiméad
a imíonn feadóg,               as a aigne stáin
"
Clúdach: Steve Averill - 2017.04 - 80lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Scéalta agus Filíocht ó na maidineacha caifé curtha i n-eagar ag Claire Lyons
Scéalta agus Filíocht
Claire Lyons
ó na Maidineacha Caifé. Tagann na scéalta agus an fhilíocht sa bhfoilseachán seo ó chosmhuintir na Gaeilge, iadsan a fhreastalaíonn ar ciorcail cómhrá - maidineacha caifé nó rang Gaeilge mar bhall nó mar mhúinteoir nó mar stiúrthóir. Tá ábhar ilghnéitheach idir na gclúdaigh sa leabhar seo ag léiriú go bhfuil bua na scéalaíochta agus na filíochta go smoir sna Gaeil mar a bhí riamh síos tríd na cianta.
Clúdach: Claire Lyons/Valerie Seery - 2017.09 - 104lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

Dún Chaoin, Oscail an Scoil ! le Colm Ó Snodaigh Scoil Dhún Chaoin
Dún Chaoin - Oscail an Scoil!
Colm Ó Snodaigh
Scéal Scoil Dún Chaoin, conspóid na h-oscailte. Cad a bhí ar bun sa Roinn Oideachais a chuir an méid sin fearg ar lucht Chorca Dhuibhne? Pobal beag agus iad gríosaithe chun léirsiú ar mhaithe lenár gcultúr is ár n-oidhreacht a chosaint! Dúnadh an scoil i 1970 ach osclaíodh í arís go 'mídhleathach' - gan aon tacaíocht ón roinn, stádas a mhair trí bhliain dheacra. Scoil scairte iargúlta agus í mar cnámh spairne sa Dáil.
Clúdach: Ronan Hayes - 2017.11 - 224lgh - Cúigdéag Euro Quinze Euroi Fifteen Euro
Leabhar na nAistir le Mícheál Ó hAodha
Timthriall Nua le Mícheál Ó hUanacháin cnuasach filíochta
Timthriall Nua
Mícheál Ó hUanacháin
Filíocht Mhichíl i bhfoirm leabhar. Dánta fada, dánta gearr, dánta nua, agus na Haiku ina measc. Is ó tobar an tsaoil a thagann ionsparáid na smaointe fileata, ag múnlú agus ag cruthú íomháineachas soiléar na véarsaí. Bailíonn an file radharcanna agus smaointe, grá agus gruaim, ábhair díospóireachta agus samhlaíochta. Clann, caidreamh, caoineadh, gáire, bás, agus níl smadal ar bith orthu.
Clúdach: John McCauley - 2017.13 - 72lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Leabhar na nAistear
Mícheál Ó hAodha
Ní h-aon geocach é an bh-file seo. Baineann an t-údar leis na mbaird uasail. Is aige atá ceard na bhfilíochta mar is léir ó na dánta is úire uaidh anseo. Dánta macnamhacha a chíorann mothúcháin na nGael ar imirce.                 Dán Eile
             b'in a dúirt sí
             mura ndéanann tú dán fúthu
             déanfaidh tú dearmad orthu

Clúdach: A - 2017.10 - 36lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Macallaí na Cásca 21 Éire na Rúise An Fhionnlainn agus Éire ar thóir na Saoirse le A.G. Newby
Macallaí na Cásca 21
A. G. Newby
An Fhionlainn agus Éire ar thóir na Saoirse. Ba chuid de mhórchóras diansmachta impiriúla iad araon. Níor thosaigh na Fionlannaigh ag breathnú orthu féin mar 'Éire na Rúise' go dtí 1899 nuair a chuir an Rúis srianta dochta le féinrial na Fionlainne. Insint comhthreomhar atá i stair an dá náisiún a spreagan comparáid go rialta. Scrúdaíonn an leabhar seo bealaí éagsúla ar baineadh leas as an Fhionlainn mar ábhar ionsparáide d'Éirinn.
Clúdach: Helsingin Sanomat 1911 - 2017. - 128lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro about Eight pounds

 

 

 

 

 

 

 

Scread Asail le Seán Ó Leocháin Cnuasach filiochta
Scread Asail
Seán Ó Leocháin
Cnuasach breá filíochta. 130 dán ag muscailt matáin an mhachnaimh. Léiríonn an dréachtach dúinn toradh an bhua s'aige ina dhánta. Tá réimse mór d'ábhar súl agus saol clúdaithe sa mbailiúchán fhairsing seo. Le súile na mbard agus draíocht na dteangan scríobhann sé seoid liteartha ar nós; Luach na mBróg, Quod Scripsi, Sa Traen, Eoin Baiste sa King's Head, Saor Sin ó Olc, Rósanna, srl. Filíochta snasta ceolmhar na Gaeilge.
Clúdach: - 2017.07 - 176lgh - ocht euro huit euro eight euro

 

 

 

 

 

 

 

Bhuel, Scéalta eile le Liam Prut
Bhuel, Scéalta Eile!
Liam Prut
I gcúige Mumhan, séard a déarfar leat 'Bheul', amhail is go mbeifí a rá leat, Bhuel, abair an rud a bhí agat le rá liom. Bhuel! Is ceist é. Is beannú é. Is dúshlán é. Is dearbhú é go bhuilimse, bhuel..! Cén chaoi a bhfuil tú féin, bhuel? Agus is é freagra na ceiste sin ná, Bhuel! Focal é a thugann taca do scéal an lae. Tá breis le 20 gearrscéal an lae sa chnuasach seo. Scéalta grinn, eachtrúil, mistéireach. Finscéalta grá ina measc. .
Clúdach: John McCauley - 2017.08 - 146lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

An File le Mícheál Ó Siochrú
An File
Mícheál Ó Siochrú
Fear éagsúil é an File Cathal Ó hUrdáill. Ó aois an déagóra dó chum sé dánta sa Ghaolainn agus sa Bhéarla. Anois tá post aige i Scoil Sheanáin Naofa i nDoire Cnó. Tá an craos, an pótaireacht, suthaireacht agus peacaí marfacha an diabhail mar ábhair sa scéal. Scéal achrannach, eachtrúil, éagsúil agus an filíocht fite tríd go h-éifeachtach. Ghnóthaigh an t-úrscéal seo duais i gComortaisí an tOireachtais 2016. Sár-saothar é seo.
Clúdach: Eleanor Ní Thuathail - 2017.15 - 200lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

Rialach nua an scuaine le Stiofán Ó Cadhla Cnuasach dánta
Rialacha Nua an Scuaine
Stiofán Ó Cadhla
Cnuasach úr filíochta ó fhile cháiliúil na Rinne. 30+ dán le teachtaireacht ann i chuile dhán. Draoi na filíochta le saothair nua-aoiseach agus é ag dul i ngleic go cumasach le saol nach gcaitear trí Ghaeilge. Tá sé mar bua aige na h-íomhánna a cheilt i ndraíocht na h-inste go dtagann gach dán aniar aduaidh ar an léitheoir. Seo h-iad na tionchair atá ag Rialacha Nua an Scuaine orainn.
Clúdach: Stiofán Ó Cadhla - 2017.16 - 48lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

Modhanna Múinte Gaeilge - An Ról-imirt le Isobel Ní Riain
Modhanna Múinte Gaeilge
Isobel Ní Riain
An Ról-Imirt, modh múinteorachta nua do múinteoirí & léachtóirí Gaeilge sna hOllscoileanna. Sa chéad caibidil tá cuir síos ar úsáid na ról-imirthe sa tsaotharlann teangan. Sa dara caibidil tá mionsonraí den taighde a rinne an t-údar ina tráchtas don chéim máistreacht MATLHE (2016). Sa tríú caibidil tá treoracha maidir le h-úsáid na ról-imeartha agus samplaí de scenarios gur féidir grúpaí mac léinn úsáid a bhaint astu. Gaeilge foirfe á chleachta.
Clúdach: Valerie Seery - 2017.17 - 76lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

Corraí na Nathrach le Colin Ryan
Corraí na Nathrach
Colin Ryan
Bailiúchán dánta ón Astráil, scríofa ag Gael san Astráil. Filíocht bríomhar, blasta ag tarraingt físeanna faisnéiseach an saol mór dúinn. Dánta ag nósadh scéalta binn an dóchais chomh maith le duáilce an mídhóchais. Draoi na bhfocal is ea an t-údar. Tá bua na saoithe léirithe go soiléar sna véarsaí aige. Focail an tsaranáidí ag bláthú ó leathanach go leathanach, go ceann scríbe an tsolais lonrach.
Clúdach: - 2017.22 - 64lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

An Dola a íoc le Seán Ó Muirgheasa
An Dola a íoc
Seán Ó Muirgheasa
Úrscéal suite i S.A.M. Scríofa ag Gael-Meiriceánach. Caimiléireacht i gcúrsaí gnó agus polataíocht lofa na Stáit Aontaithe atá faoi rún. Tá Údarás Calafoirt agus daoine sa Roinn Iompar i Nua Eabhrach ag aistriú airgead na dola go cúntas banc gur leis an Aerfhórsa atá faoi ainmneacha bréige. Tá Joe Kelly ag fiosrú an chás de bharr bagairt úr, gnó na dticéidí páirceála a phríobháidiú agus a aistriú chuig an banc céanna.
Clúdach: Droichead George Washington - 2017.18 - 200lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin le Sylvia Bledow
Ceithre Bhean Déag as an Ghearmáin
Sylvia Bledow
Níl sé chomh fada sin ó bhí an Ghearmáin ina tír choimeádach agus gonta, an cogadh fós le h-aithint uirthi fós. Ach d'éirigh sí chun a bheith ina mór-imreoir Domhanda, cumhacht eacnamaíochta, tír inimirce agus tearmainn, fiú. Tá an Ghearmáin, a phobal, a stair, a tír-dhreach agus a teanga, mar chúlra leis na scéalta sa chnuasach seo, agus iad le feiceáil trí shúile éagsúla na mban.
Pictiúir clúdaigh: Angelica Deffner - 2017.24 - 206lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro about Eight pounds

 

 

 

 

 

 

 

Gael Calme na Cásca le Seán Ua Cearnaigh Scéal Tomás Ághas - Thomas Ashe
Gael Calma na Cásca
Seán Ua Cearnaigh
Samhlaíotar anseo Tomás Ághas agus an saol eachtrúil a chaith sé, ó pháirc na h-imeartha go páirc na catha. Tabharfaidh an scéal seo deis do dhaoine óga go h-áirithe, aithne a chuir ar dhuine tábhachtach i stair na tíre (1916), 100 bliain tar éis a bháis. Cuimhneofar air mar thírgráthóir, mar Ghaeilgeoir agus mar phíobaire. De dheasca drochbheart na nGall le linn stailc ocras dó, fuair sé bás ar an 25ú Meán Fómhar 1917..
Clúdach: Patsy Farrell - 2017.25 - 64lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Fear na Cathrach Pádraig Tom Bán Breathnach le Pádraig Ó Cíobháin
Fear na Cathrach
cuir i láthair: Pádraig Ó Cíobháin
Sa díolaim seo, Fear na Cathrach, tá a bhfuil saothraithe ag Pádraic Tom Bán Breathnach go dtí seo. Cúntas beatha atá á ríomh sa saothar seo, inste trí mheán modhanna éagsúla reacaireachta, mar atá: filíocht, seanchas, dinnseanchas, scríobhneoracht dhiaspórach is thaistil, gearrscéalta agus ficsean ann. Réimse cumadóireacht a léiríonn cé chomh ildánach is atá fear na Cathrach. Maisithe le 50+ grianghraf.
Pictiúir clúdaigh: Valerie Seery - 2017.21 - 286lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro about Eight pounds

 

 

 

 

 

 

 

Scéalta as Tír Chonaill Cnuasach 5 le Séamas Mac Mánais Leagan Gaeilge le Mícheál Mac Giolla Easpuic
Scéalta as Tír Chonaill - Cnuasach 5
Séumas Mac Mánais
An 5ú cnuasach de scéalta as Tír Chonaill a chuala Séumas Mac Mánais ina óige. Is i dTamhnach an tSalainn i nDún na nGall a saolaíodh é sa bhliain 1868 Dosaen gearr-scéalta ar nós: An Rógaire, Billí Beag agus An Tarbh, Fathach na Coille Feá Doinne. Scéalta fíor taitneamhach. Cliste, Greannmhar agus fusa le léamh. Mícheál Mac Giolla Easbuic a thiontaigh go Gaeilge an lae inniu. .
Clúdach: Billy Vaughan - 2017.20 - 192lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

Aiséirí 1916 Éamonn Bulfin Airgintíneach a d'ardaigh an brat le Tomás Mac Síomóin El Alzamiento de 1916 Eduardo Bulfin El Argintino que izó la Bandera
Aiséirí 1916 - Éamonn Bulfin
Tomás Mac Síomóin
Airgintíneach a d'ardaigh An Brat os cionn Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Rugadh Éamonn Bulfin i 1892 i mBuenos Aires. Níl mórán cur amach againn ar Gaeil na hAirgintíne, Bulfin go h-áirithe, agus streachailt na nGael abhus ar son tír is teanga. Táthar ag súil go gcuirfidh an gearrchuntas seo le tuiscint ar an ábhar sin agus go gcuirtear leis an eolas againn ar an diaspora Gaelach
Clúdach: Karen Dietrich - 2017.23 - 80lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

Athchuairt ar an Éigse le Declan Collinge Cnuasach filíocht Gaelic Poetry
Athchuairt ar an Éigse
Declan Collinge
Cnuasach filíochta. Déanann an t-údar saíocht na mór-fhilí a chur chun sochair agus an t-ábhar clúiteach sin a lonnú sa 21ú aois le cló nua-aimseartha. I gcásanna áirithe spreagann an saothar bunúil a chuid dánta agus i gcásanna eile is freagra é an dán - nó athchruthú ar an dán bunúsach.    
Clúdach: Valerie Seery - 2017.27 - 180lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Clic Click Clúdach Cover

 

Féilire 2018 Feilire 2018 Gaelic Calendar
Féilire 2018
Eag: Cliodna Cussen
Féilire 2018 agus é maisithe le h-ealaíon Brídeog Norby. Rogha filíochta sna leathanaigh ina chuideachta. Dánta ó fílí ar nós: Máire Wren, Simon Ó Faoláin, Mícheál Ó hAodha, Dairena Ní Chinnéide, Ailbhe Ní Ghairbheith, agus Pádraig Mac Giolla Íosa. Tá eolas breise soláthraithe ar nós: Féilte na Naomh, Ré na Gealaigh agus laethanta saoire don phobal. Ceannaigh do chóip go luath . . .
Clúdach: Brídeog Norby - 2017.14 - 16lgh - AS CLÓ

 

 

 

 

 

 

COISCÉIM CHUN TOSAIGH !

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: leabhairgaeilge [a] eircom.net

  
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

 

 

 

 

 

 

 

 

SUÍOMH    SNÁTHA    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE


Cín Lae Bobby Sands Diary Seán Mag Uidhir a d'aistrigh
Cín Lae Bobby Sands
Aist: Seán Mag Uidhir
Bobby Sands, An Chín Lae, a fhorógra deireanach, 1ú - 7ú Márta. 27 bliain d'aois nuair a fuair sé bás ar 5ú Bealtaine 1981 i ndiaidh 66 lá ar stailc ocrais sna Blocanna H. Scríobh sé dánta,amhráin, gearrscéalta, úrscéal agus an cín lae seo. Rinne sé sin uilig faoi rún na gcillíní agus an baol ann i gcónaí go mbéarfaidh air agus go ngearrfaí píonós air. Is le caoinchead ó Iontaobhas Bobby Sands atá an leagan Gaeilge seo.
Clúdach: - 2017.28 - 62lgh - seacht euro caoga sept euro cinguante seven euro fifty

 

 

 

 

Réabhlóid na Rúise le Aindrias Ó Cathasaigh The Russian Revolution
Réabhlóid na Rúise
Aindrias Ó Cathasaigh
Tugtar cúntas leathan don léitheoir ar chúiseanna na réabhlóidí ó thús an sóisialachas sa Rúis 1881 agus bunú Fuascailt an Lucht Oibre, 1883. An 1ú réabhlóid, 1904. An Cogadh Mór, 1914-1917. Réabhlóid na Feabhra, Réabhlóid an Fhómhair, 1917. Leabhair staire Réabhlóid na Rúise nach bhfuil a leithéid eile ann sa Ghaeilge. Leabhar 1.     
< ---- Clic ar an chlúdach
                                                (#1917live)
Clúdach: Viactor Deini (1919) - 2017.31 - 248lgh - Dódhéag euro Douze euro twelve euro

 

 

 

 

Céiliúradh an Bhlascaod 21
Céiliúradh an Bhlascaoid 21
Eag: Máire Ní Dhálaigh, Tomás L. Ó Murchú
An Seandálaíocht agus Dinnseanchas an Bhlascaoid Léachtaí agus cainteanna a tugadh ar chúrsaí dinn-seanchais & seandálaíochta ar an mBlascaod le linn Chéiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin i Meán Fómhair 2016. Ábhar le: Breandán 'ac Gearailt, Dáithí de Mórdha, Mícheál Ó Coileáin, Dr. Pádraig Ó Héalaí agus Dr. Críostóir Mac Cárthaigh. Tiomnaithe do Domhnall Mac Síthigh (1951-2017).
Clúdach: Billy Vaughan - 2017.30 - 192lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro 

 

 

 

 

Coinceap Dímhórálta le Eoghan Ua Conaill cnuasach filíochta
Coincheap Dímhorálta
Eoghan Ua Conaill
Cnuasach cróga ón mbard uasal Ua Conaill. Dánta ón réaltra, filíocht an tsúil ghéir, rogha den radharc réalaíoch. Ón réaltra isteach a thagann ionsparáid na ndán. Tá an leabhar seo do gach garsún agus cailín a d' fhulaing ionsaí gnéis ón Chigire Deoise do scoileanna i gCiarraí idir 1951-62. 'Ní Réalt Mé' a scríobh sé i ndán Na Réaltaí. Ach cinnte is réalt é, le croí isteach dóibh san a d'fhulaing. Tríonóid: Trí dhia na nGiúdach. In aon bhréag oiriúnach. Clúdach: Eoghan Ua Conaill - 2017.29 - 78lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Sceilg na Scál le Biddy Jenkinson
Sceilg na Scál
Biddy Jenkinson
Cnuasach filíochta a mbrathann séideadh macallaí na mar ag teacht chugainn ón Sceilg. Seo dánta ina bhfuil críonnacht na scál ag fágaint a riain ársa ionntu. Is ar an charraig sceirdiúil sin, aon chilliméadar déag ó thalamh, a thóg Fionán naofa a mhainistir míle go bliain ó shin, nach mór. Liadain na Sceilge, An Cat Mara, An Manach agus Cailleach Nite na Léine, agus Tráthanna na Sceilge i measc na n-ochtó dán anseo..
Clúdach: Biddy Jenkinson - 2017.26 - 116lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro 

 

 

Meanmanra 2 le Seán Mac an tSionnaigh agus Oisín Uibh Eachach
Meanmanra II
Oisín Uibh Eachach & Seaghan Mac an tSionnaigh
An tSiceolaíocht agus an Fhealsúnacht. Cnuasach aistí bunaithe ar na h-óráidí ó comhdháil na bliana 2016. Saothair léannta ar ghnéithe den smaointeoireacht dúchais ó na Dochtúirí: Caitríona Ní Chléircín, Eoghan Mac Aogáin, Stephen Newman, Sorcha de Brún, agus Philippe Caignan i bhFraincís; leagan Gaeilge le Seaghan Mac an tSionnaigh. Aistí le Risteard de Paor agus Seanán Mac Aoidh freisin. (Meanmanra 1)
Pictiúir clúdaigh: Valerie Seery - 2017.35 - 152lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro about Eight pounds

 

 

 

Féilire 2017 Calendar 2017 Feilire 2017 Calendar

 

 

 

Imeallaigh le Séamus Ó hUltacháin
Imeallaigh
Séamus Ó hUltacháin
Cnuasach filíochta. Tá 42 dánta sa mbailiúchán seo. Mar is dual don t-údar is aisfhreagra ar stair, tír-dhreach, seanchas agus béaloideas Bhreifne cuid mhaith de na dánta. Anuas ar sin tá seodra snasta aige dúinn as a chaidreamh le bun-dúchasaigh, san Astráil go h-áirithe.  "Bláthfhleasc an dúlra,
                        Ag foirfiú dáin,
     A cumadh i n-imigéin."
Clúdach: - 2017.38 - 52lgh - seacht euro caoga sept euro cinguante seven euro fifty
Barr Top Haut suas up BARR
Scríbhneoirí Cois Teorann Eagraithe ag Seosamh Mac Muirí
Scríbhneoirí Cois Teorann 3
Eag: Seosamh Mac Muirí
An 3ú leabhar sa sraith bliantúil. Aistí, gearrscéalta, prós agus filíocht sa cnuasach seo ó na h-údair seo leanas: Hiudaí Croker, Diarmuid Mac Conmhaol, Colum Mac Giolla Fhiontáin, Seosamh Mac Muirí, Caitlín Mhic Amhlaigh, Brian Ó Ceallacháin, Seosamh Mac Suibhne, Eoghan Ua Conaill, Pádraig Ó Cearnaigh, Brian Ó Súilleabháin agus Séamus Ó hUltacháin. Ábhair eolach, cliste, suimiúil, taitneamhach agus greannmhar atá ann.  
Clúdach: Paul Ó Connor- 2017.37 - 114lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gallán an Ghúim le Gearóidín Uí Leighléis
Gallán an Ghúim
Gearóidín Uí Laighléis
Caidreamh an Stáit le scríobhneoirí na Gaeilge. Bunaíodh An Gúm i 1926 chun téacsleabhair a chuir ar fáil do múinteoirí meánscoile agus leabhair Gaeilge a chuir ar fáil do phobal na Gaeilge. Baineann an leabhar stairiúil seo leis an chaidreamh a bhí ag triúir scríbhneoirí tábhachachta leis an Ghúm: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín. Leabhair stairiúil gan a bheith ina leabhar staire.
Clúdach: Valerie Seery - 2017.32 - 368lgh - Dódhéag euro Douze euro twelve euro

 

 

 

 

Cnuasach Focal as an Dún le Ciarán Dunbar
Cnuasach Focal as an Dún agus nótaí eile
Ciarán Dunbar
Is éard atá sa saothar seo ná focail agus cora cainte nach bhfuil ar fáil i bhFoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhonaill, nó nach bhfuil an ciall céanna leo is a bhfuil ag Uí Dhónaill. Den chuid is mó níor cuireadh san áireabh focail atá ar fáil i Cnuasach Focal as Oirialla. Foclóirín na bhfocail ón Dún, a saibhreofar Gaeilge mhuintir an Dúin dá bharr agus a n-úsáidfear é chun fíorscéal na teanga a rá le muintir an chontae..
Clúdach: Tomaí Ó Conghaile - 2017.36 - 78lgh -
seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

Condaí Phroinnseais Mac Cuinneagáin agus Ceolta Theilinn le Pádraig Mac Sheáin
Condaí Phroinnseais Mac Cuinneagáin
Pádraig Mac Seáin
agus Ceolta Theilinn. Condaí Phroinnseais, ceoltóir agus seanchaí (1832-1920). Chomh maith leis an gceol tá sleachta as cuimhní cinn agus scéal Chondaí a léamh ar 3 diosca atá ag dul leis an leabhar seo. Is seoid iad achan phíosa agus rinne an t-údar an-éacht an chuid seo den taisce a shábháil go dtig linn é a chuir ar fáil arís do na h-éisteoirí. Curtha i láthair ag Diarmuid Mac Seáin. Eagarthóir: Mícheál Mac Giolla Easpuic.
Pictiúir clúdaigh: Valerie Seery - 2017.34 - 180lgh - Cúigdéag Euro Quinze Euroi Fifteen Euro

 

An Nollaig Abú le Brian Ó Baoill & Colm Ó hEartáin
An Nollaig Abú!
Brian Ó Baoill & Colm Ó hEartáin
Leabhar bríomhar lán le samhlaíocht. Gearrscéal spleodrach, meidhreach agus fileata. Is i gCluainín Milis atá Titimín, an tsióg bheag, ach seo baile ina bhfuil an díon déanta as uachtar le silíní ar barr agus tá na fallaí déanta as uachtar reoite! Bainfidh na léitheoirí óga an-taitneamh as eachtraí Titimín agus Lughaidh, agus iad ar thóir Dadaí na Nollag insan teiliompróir. - Duaisleabhar Oireachtais -
Clúdach: Domhnall Ó Bric - 2017.41 - 62lgh - seacht euro caoga sept euro cinguante seven euro fifty

 

 

 

 

 

Tuairisc.ie Tuairisc ponc ie Nuachtán Laethúil Gaeilge na hÉireann Blag Gaelach Gaelic Blog Irish Blog Irish Language blog Blag aeilge Nuacht Irish News Gaelic News Litríocht
Portráidí na nÚdar Gaeilge
Feasta Iris míosúil na Gaeilge
Comhar Iris Comhar Magazine
An tUltach Iris míosúil Chúige Uladh

 

 

 

An Gealas i Lár na Léithe le Pádraig Ó Cíobháin
An Gealas i Lár na Léithe
Pádraig Ó Cíobháin
Odaisé chomhaimseartha déagóra a tharlaíonn a bheith lonnaithe i gCorca Dhuibhne nó idir an Ghráig agus Cill Airne, é An Gealas i Lár na Léithe, a d'fhoilsigh Coiscéim i dtosach sa bhliain 1992 agus gurb é seo a dhara eagrán. Bildungsroman is ea An Gealas a dhíríonn ar conas mar a ghealann agus mar a dhoirchíonn agus mar a mhúnlaíonn ar deireadh, caidreamh áite agus daoine sícé an duine óig.
Clúdach: Cathair na Mairtíneach II - 2017.40 - 416lgh - Cúigdéag Euro Quinze Euroi Fifteen Euro

 

 

 

An Gealas i Lár na Léithe le Pádraig Ó Cíobháin
An Gealas i Lár na Léithe
Pádraig Ó Cíobháin
Odaisé chomhaimseartha déagóra a tharlaíonn a bheith lonnaithe i gCorca Dhuibhne nó idir an Ghráig agus Cill Airne, é An Gealas i Lár na Léithe, a d'fhoilsigh Coiscéim i dtosach sa bhliain 1992 agus gurb é seo a dhara eagrán. Bildungsroman is ea An Gealas a dhíríonn ar conas mar a ghealann agus mar a dhoirchíonn agus mar a mhúnlaíonn ar deireadh, caidreamh áite agus daoine sícé an duine óig.
Clúdach crua: Tomás Ó Cíobháin - 2017.42 - 416lgh - Fiche Euro Vingt Euro Twenty Euro

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR