Chomh Gar 'gus is Feidir
Andreas Vogel
Cnuasach fílíochta spéisiúil as Chonamara. 55 dán anseo; corr ceann ina measc ina theanga dúchais - Gearmánais. Tá scoith na Gaeilge ag an tUasal Vogel chomh maith atá ina chónaí i gConamara ó 1996.
Clúdach: Valerie Seery - 72lgh - 2009- 007
1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 Baile
Sruth agus Sáille
Eag: Seán Mac an tSíthigh
Éigse na Brídeaige 2007 & 2008. Aibhnte, Locha is Farraige in Uibh Ráthach. Scéalta, filíocht agus stair ag cuir síos ar áileacht Uibh Ráthach ón 13ú aois ar aghaidh. Saothar ó Pádraig Ó Riain, Paddy Bushe, Arnold Horner, Grace Neville, Máie Uí Mhurchú, John Murphy, Eibhlín Ní Chonmhaí.
154lgh 2009- 01
Dealbh Athar
Crìsdean MacIlleBhàin
Dealbh Athar/Portráid d'Athair. Dáintean/Dánta i nGáidhlaig na hAlban agus aistriúcháin go Gaeilge le Gréagóir Ó Dúill. Insan leabhar seo tá 26 dán i nGáidhlaig agus 26 san leagan Gaeilge. Rugadh an t-údar Christopher Whyte i nGlaschú i 1952 agus tá 8 leabhar foilsithe aige go dtí seo ina measc ceithre úrscéal.
Clúdach: Cliona Cussen - 118 lgh 2009 - 06

Iqbal dréachtaí próis is filíochta
Gabriel Rosenstock a d'aistrigh
Cnuasach próis is filíocht ó mórfile na Pacastáine Allama Muhammad Iqbal : Shair-e-Mashriq. File an Oirthir (1873 - 1938). Bhí an leabhar seo ar ghearrliosta Leabhar na Bliana 2oo9. Clúdach crua.
Pictiúir Clúdaigh: Brenda Yasin - 72lgh 2009- 21
Aistí Critice agus Cultúrtha III
Breandán Ó Doibhlin
Cnuasach aistí ar litríocht na Gaeilge, cultúr na Gaeilge, na hÉireannaigh, san Eoraip ag tosú sa 17ú aois go dtí an lae inniu. Tá an leabhar i dhá chuid, Critic. Cultúr. Le foclóir ar chúl. Tá cúrsaí oidhreachta agus traidisiúnta á phlé anseo ag an Monsignor i dteannta cursaí creidimhe chomh maith, ar ndóigh. Leabhar an-shuimiúil.
Clúdach: Cliodna Cussen - 248 lgh 2009 - 12

Seáinín agus Na Madraí Uisce
Maidhc Dainín Ó Sé
Scéal an-taitneamhach don aos óg, 9/11. Tagann Seáinín ar na madraí uisce ar bhruach na h-abhainn agus cothaíotar cáirdeas eatarthu. Tá gasúir ón mbaile ag teacht chun ionsaí a dhéanamh. Cad é a bheartaíonn Seáinín len iad a shábháil?
Clúdach: Cliodna Cussen - 36lgh - 2009- 013
Damhsaí Deireanacha
Letze Tanze / Last Dances
Gunter Grass / Gabriel Rosenstock
Filíocht ón Ghearmáin i dtrí theanga. Rogha 34 dán ó na leabhair is déanaí ó Gunter Grass Letze Tenze (2oo3) & Dummer August(2007) Na céad dánta ag dul in ngleic le h-aois, nach ábalta dó damhsa mar óige arís. Sa dara sraith níos pearsanta á chosaint féin is a mothúcháin tar éis ionsaí mór air ó phreas na Gearmáine.
Clúdach: Gunter Grass - 118 lgh 2009 - 11

Acht
Pól Ó Muirí
Mar a deir an t-údar é féin sa dán, " . . . Ní Acht Teanga é seo - ach Acht Anama . . " Seo cnuasach de triocha dán mhilis ó phinn Phóil. Tá breis eolas le fáil air - ach cliceáil ar íomhá beag na leabhair.
Clúdach: Cliodna Cussen - 40lgh - 2009- 010
Taibhsí Bhall na Gaoithe
Pádraig G. Ó Laighin
Scéal do dhéagóirí agus foghlamóirí Gaeilge. I 1641 ré na gCromallach d'fhógair Pairlimint Shasana bás agus díobadh maoine ar Chaitlicigh na hÉirinn. Ach tá complacht Gael ann go mb'éigin dóibh díoltas a bhaint amach ar son Dé agus muintir na hÉireann. Eachtra le Gaiscí cróga, Spiadóireacht, Cogadh agus Grá atá sa scéal seo atá lonnaithe i gCúige Mumhan.
56 lgh 2009 - 17

BARR
Na Buataisí Buí
Eibhlín Uí Iarlaithe
A céad cnuasach filíochta sa leabhar seo. 44 dánta glic is greannmhar a chuirfidh áthas i gcroí an léitheora. Céilliúradh an ghnáth sa tsaoil i bhfócas eile máthair is leanbh. Dánta a mhúinfá dod' pháistí féin nuair nach féidir dul amach ag spraoi de bharr "Báisteach, báisteach, báisteach" (Dán sa leabhar)
Clúdach:Seán Ó hIarlaithe - 56lgh - 2009- 016
Muintir Sléibhe agus a Teanga
Torlach Mac Con Midhe
Seo fíor-scéal ar lucht na Rómainise atá ina gcónaí san Eilbhéis agus a teanga féin, an Rómainis, á labhairt acu. Seo tráchtas iomlán chomh maith ar an teanga is na hiarrachtaí í a chothú. Tá na dúshláin rompu an-chosúil leo san roimh slánú na Ghaeilge.
Clúdach: Peter Donatsch- 232lgh - 2009- 18
Ar Muir agus Ar Tír
Michael Mullen
Clúdach: - 118 lgh 2009 - 15

An Dorchadas Á Dhó/Póletades Pimedust
Burning the Darkness
Kristiina Ehin - Aist: Gabriel Rosenstock
Filíocht thraidisiúnta béaloidise na hEastóine. Ta níos mó na 40 dán anseo scríte i dtrí theanga. Aistrithe go Béarla ag Ilmar Lehtpere. Bhain saothar filíochta Kristiina Ehin neart duaiseanna san Eastóin agus duais Poetry Society Corneliu M. Propescu Prize
Clúdach: Kristina Ehin - 160lgh - 2009- 20
Ionsaí
Oisín Ó hEartáin agus Brian Ó Baoill
Scéal don aos óg, 9 go 12, a bhuaigh Céad Duais Oireachtas; Ficsean Do Dhaoine Óga 2008. Scéal draíochta corratheach faoi na gaiscí óga, na Taoisigh agus na Ríthe a mhair in Éirinn fadó agus na cogaidh a throid siad i gcoinne na h-ollphéisteanna agus a chéile.
Clúdach: Dómhnal Bric - 62lgh - 2009- 08
Na Gaeil i dTír na Gauchos
Mícheál de Barra
Scéal na hÉireannach san Airgintín ó 1516 go dtí an lá inniu. Tá fuil Éireannach ag sní tríd feithe suas le 500,000 Airgintíneach. Ní nach ionadh go bhfuil sloinnte Gaelach ann. Anseo cuirtear cuid mhaith de na Gaeil/Airgintíneach is cáiliúla in aithne. Ar nós Rudolfo Walsh, Patrick Fleming, an tAthair Antaine Ó Fathaigh, Eduardo Casey, Juan José Delaney. Na mílte eile luaite sa leabhar seo agus na gaiscí a rinneadar le linn a saol ann.
430 lgh 2009 - 02

Foclóir Gaeilge-Spáinnise Diccionario Irlandés-Espanol
David Barnwell - Pádraig Ó Domhnalláin
Carmen Rodríguez Alonso
Foclóir Gaeilge-Spáinnise le h-aguisíní chuimsitheacha i nGaeilge agus i Spáinnis ag déanamh cur síos agus aistriú ar natha cainnte agus an ghramadach. Tá aistriúcháin go Spáinnis ón Ghaeilge ar gach fhocal ó A go Zú. Fiú aistriú ar 61 seanfhocail ar nós: Tús maith, leath na h-oibre = Obra empezada, medio acabada.
Clúdach: Torre de Hércules- 368 lgh 2009 - 19

Scáil an Asailín
Seán Ua Cearnaigh
Scéal do dhéagóirí ar eachtraí Sheáin óg, 15 bhliain d'aois, a bhfuil air a bhaile a fhágaint de bharr droch-íde ón seanathair. Tosaíonn sé ag siúl na bóithre. Casann sé ar chara nua - sean scríbhneoir Gaeilge le asal is cairt agus leantar leis an aisling bhreá. Scéal an-taitneamhach.
Clúdach: - 118 lgh 2009 - 23

Dílseacht
Frainc Ó Murchadha
Úrscéal
Clúdach: Catherine Lyons - 240lgh - 2009- 031

Páidí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain Pádraig Ó Baoighill
Béaloideas ó na Spéiríní agus sean-Ghaeltacht Thír Eoghain. Tá diosca de thafaid a rinne an t-údar ag dul leis an leabhar seo.
Clúdach: Eileen Johnson - 555 lgh 2009 - 28

Scéal ón Oirthir
Colette Nic Aodha
Cnuasach dánta eile uaidh Colette. Tá níos mó ná 50 dán meabhróideach sa leabhar seo a chuirfidh d'intinn ag rásaíocht ag cothú báíocht síreachtach. Níl féidir srian a chur ar an inniúlacht filíochta a bhfuil gan teorann aici atá lán de scóipiúlacht mórgacht.
Clúdach: Fidelma Sheridan- 64lgh - 2009- 032 
Féilire 2010
Eag: Cliodna Cussen
Féilire 2010 maisithe le ealaíon Jennifer Lane agu sfilíocht na Gaeilge ar na leathanaigh.
Clúdach: Jennifer Lane - 14 lgh 2009 - 24

Manuail de Litríocht na Gaeilge
Faisicil V 1704 - 1750: An Dubhaois
Breandán Ó Doibhlin
Seo an cúigiú leabhar sa sraith de Manuail de Litríocht na Gaeilge.
Clúdach: -300 lgh 2009-30
Sa Bhaile agus i gCéin
Tadhg Ó Dúshláine
Seo agaibh an cúigiú cnuasach filíochta ó Tadhg Ó Dúshláine. Breis le daichead dán agus an méad céanna haiku ar a laghad atá sa leabhar seo. Dánta galánta ar dhaoine, an tsaoil an ghrá, an dúlra agus tírdhreach Languedoc.
Clúdach: Jean-Francois Millet - 112 lgh 2009 - 33

BARR
An Forthéamh Domhanda
Matt Hussey
Seo h-é an cur síos is cuimsithí gur féidir a fháil an an fhadhb ollmhór atá romhainn ar fud na cruinne. Tá na figiúirí agus fíricí go léir sa leabhar seo. Cé chomh dona is a atá an scéal? Cé chomh dona is a mbeidh sé? Cé chomh dona is a bhfuil sé faoi láthair? Cadiad na nithe gur féidir leis an cine daonna a dhéanamh len é a mhoilliú? An bhfuilimid ró-dhéanach ag an bpointe seo? An bhfuil freagraí an an Matt Hussey? Beidh sé te!
Clúdach: An Ghrian -142 lgh - 2009-34
Crúba na Cinniúna
Áine Uí Fhoghlú
Úrscéal don fhoghlaimeoir fásta.
Clúdach: Claire Breathnach - 64 lgh 2009 - 53

Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san 21ú Aois Colette Nic Aodha
Cuir síos cuimsitheach ar saol agus saothar an file cáiliúil Antaine Raifteirí ag déanamh tagairt do cad a bhfuil scríte ag scríobhnóirí cáiliúla eile, ina measc; Dubhghlás de hÍde, Lady Gregory, Cristóir Ó Floinn, John Shaw, Lillis Ó Laoire, F.X Martin agus daoine eile. "Mise Raifteirí an File"
Clúdach:Fidelma Sheridan - 88 lgh 2009 - 52

Idir Dhá Ghleann Stoirme
Séamus Mac Ghrianna
Úrscéal Nua!
Clúdach: -300 lgh 2009-38
Inné agam mar Chiste & Scéalta Eile
Seán Ó Connor
Clúdach: BÁC 1922 - 120 lgh - 2009-43
An Banana Bean Sí & Scéalta Eile
Deirdre Brennan
Clúdach: Valerie Seery - 120 lgh 2009 - 47

Maggie Sailor & Mallacht na Mic Ó gCorra
Proinsias Mac a' Bhaird
An dara leabhar sa sraith ar Maggie Sailor.
Clúdach: Anne Marie Ní Chanainn - 96 lgh - 2009-48
Ré Nua os Comhair na nGael?
Aindrias Ó Cathasaigh
Conspóidí Chonradh na Gaeilge 1932 - 1939 .
Clúdach: 30ú Márta 1934- 128 lgh 2009 - 41

Airm Ollscriosta
Dónal Murray
Clúdach: Valerie Seery - 104 lgh - 2009-37 
Scéal Trí Scéal
Pádraig Tyres
.
Clúdach: Neil Ní Chinnéide & Dónaí, mac dearthár léi- 260 lgh 2009 - 27

Charles Vallancey 1725 - 1812
Mícheál Ó Bréartúin
Ginearál, Innealtóir agus 'Scoláire Gaeilge'. Duine
Clúdach: Solomon Williams - 104 lgh - 2009-36 
Cúba agus Castro
Diarmuid Ó Gráinne
Tá stair réabhlóíd Chúba le fáil sa leabhar seo. Cúlra fada na coimhlinte in aghaidh an choilíneachas agus Meirceá. An streachailt dian leis na deachtóirí. An bua a bhí ag Cúba. Céad glúin na réabhlóide. Insítear an scéal ar fad faoi crógacht, dánacht agus an bus go bríomhar agus go cruinn.
134 lgh 2009 - 25

In aice le Cois na Coille
Íde Sionóid
Cnuasach scéalta nó dánta do pháistí óga maisithe leis na céadta léaráidí dathúla ó pheann Dómhnal Ó Bric. 15 scéal ina iomláine agus tá dhá diosca ag dul leis an leabhar ina bhfuil na scéalta á nósadh ag an t-údar.
Clúdach: Mícheál Mac Thomáis - 200 lgh 2009 - 29

CLIC ANSEO ^
Séimí le Doló - Doló le Séimí
Aodh Ó Domhnaill
Scéal don aos óg 9 mbliana ar aghaidh faoi bheirt Francach. Lonnaithe i bPáras na Fraince atá an scéal seo agus tá an Francach M'sieur Doló a bhfuil siopa leabhar aige sa chathair. Tá cónaí ar Séimí - francach eile in éindí leis . . . . ach tá seisean ina chónaí faoi thalamh. Seo h-iad na h-eachtraí agus na scéalta atá acu beirt futhú féin agus an chuí a gcaithtear saol na bhFrancach.
Clúdach: Damhnait Uí Thuama - 72 lgh - 2009-26 
BARR
An Creideamhach Déanach
Stiofán Ó Cadhla
Cnuasach dánta atá sa leabhar seo. Gach ceann acu a gcuirfidh tú ag smaoineamh don lá. Dá bpiocfá suas an leabhar seo le blúire den fhilíocht mhaorga a léamh agus a bhlaiseadh i gciúnas na maidne - gach maidin (más ann dó), sula dtiteann cúraimí an lae ort . . . . Beidh lá deas agat. Tá rogha fairsing de 70 dánta taitneamhacha idir na clúdaigh. Breis eolas faoi le clic ar an t-íomhá ar chlé.
Clúdach: Stiofán Ó Cadhla - 94 lgh - 2009-09 
Bun na Dúid'
Pádraic Ó Láimhín
Tá breis le 50 dán sa leabhar seo. Dánta iad ó smaointe an t-údar, agus é ag taisteal thart nó sa baile. Mothaíotar spiorad an dúlra go láidir sna dánta. CEIST
"Bhuaileas cnag ar chrann
Torann líonta trom
Macallach m'fhuamán
Ag filleadh mo cheist orm!"
Clúdach: Ríbó - 68 lgh - 2009 - 22
Ceallaigh Scéal ón mBlárcatha
Tomás Mac Síomóin
Scéal faoi Séamus Ó Ceallaigh agus an tionchar aige ar Cuba agus cogadh na saoirse ann
Clúdach: Karen Deitrich - 288 lgh - 2009-57 
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar
Credit Card Order Form
Click the Image Below
Stró an Ghnó - Parabail Fhionntraíochta
Máirtín Ó Muilleoir
Leabhar iontach áisiúil d'éinne ag feidhmniú i ngnó dóibh féin. Tá na rúin ar fáil anseo. An Phlean, Na Custaiméirí, Cumarsáid agus ar ndóigh ag Déanamh Airgead. Leideanna cuimsitheach ó fheidhmeannach ar ceann de na comhlachtaí is gnóthaí in Éirinn a bhfuil fios a chéird aige agus ó dhaoine eile a bhain áit sa Liosta Barr 50 Gnó le Gaeilge.
Clúdach: An tÚdar- 2009.56 - 80 lgh
Clic ar an Préachán
Préachán
Cliodhna Quinlan
Gearrscéal do pháistí ar aistear eachtrúil a bhí ag Fiach - An Préachán. Aistear eitilt mór-thimpeall an Domhain. Scéilín fíor thaitneamhach maisithe le léaráidí álainn ón údair. Aois 7 ar aghaidh.
Clúdach: Cliodhna Quinlan- 2009.51 -36lgh -

An Bhréag agus Scéalta Eile
Pádraig Ó Cléirigh
Cnuasach gearrscéalta
Clúdach: An tÚdar- 2009.59 - 80 lgh
Johannes ó Éirinn agus Máistri na Gréige
Eoghan Mac Aogáin
Scéal ar shaol Johannes Scottus Erinngena
Clúdach: - - 2009.07 - 360lgh -
Tír Tairngire
Peadar Ó hUallaigh
Cnuasach filíochta ó Pheadair Ó hUallaigh maisithe go h-ealaíonta ag Fidelma Massey, Antonio Fazio agus Cliodna Cussen. 68 dán iontach ar an dúlra, an saol, an phearsantacht spioradáltacht agus go leor eile. Ní amú a rachaidh sé seo id' bhailiúchán leabhair. Roghnaigh spás speisialta dó ar an tseilf.
Clúdach: Ann Drechsler - 2009.55 - 142 lgh

Rianta na Cathrach
Donal Murray
Séard atá sa leabhar seo ná achoimre ar Iarnróid, Meitreo agus Trambhealaí i mBaile Átha Cliath. Is in 1834 a cuireadh tús leis an iarnród in Éirinn. Tá cuir síos anseo ar stair na dtreanach agus tá neart grianghrafanna ársa agus nua ag teaspáint na hinnill gal, gual, leictreach agus díosail. Leabhar iontach eolach a fheilfidh d'éinne le suim acu sna traenacha
Clúdach: lecead ó Iarnród Éireann- 78 lgh 2009 - 60

Glór Gaeilge Oirdheisceart Uladh
Gearóid Trimble
Cnuasach de sheoda ceoil ó bhéalaibh na ndaoine. Léargas comhaimseartha ar Oirdheisceart Uladh agus a Phobal trí chnuasach de breis is 3oo amhrán agus rann a bailíodh ón traid isiún béil i dtús an 20ú h-aois. Clúdach crua.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2009.61 - 280lgh

Robert Shipboy MacAdam in Albain 1848
Bríghid Mhic Sheáin & Séamas Mac Diarmada
Robert Shipboy MacAdam 1808 - 1895. Céarbh é Robert Shipboy MacAdam gur fiú an an chuntas seo a chur i gcló ina onóir? Thug Séamas Mac Diarmada léacht i gCultúlann MacAdam Ó Fiaich i 2001 inar fógraíodh gurb é " duine de cheannródaithe na Gaeilge i mBéal Feirste é " Leabhair staire atá an-suimiúil ar fad.
- 136 lgh - 2009 - 42

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN ÚDAR.
Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: leabhairgaeilge[a]eircom.net
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !
SUÍOMH SNÁTHA 0879460075 TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE
