An Pobal a Phéinteáil
Seosamh Mac Coille & Cathal Woods
Saol agus saothar Gerard 'mo chara' Kelly, péintéir, ealaíontóir múrphictiúir i mBéal Feirste. Poblachtánach go smior a rinne a chuid féin chun an saoirse a bhaint amach do na 6 contae. Eachtraí sna príosúin. Éalú fiú. An droch-íde agus an síor céasadh ó na Briotanaigh, go h-áirithe nuair a bhí 'scaoil & marú' ar bun acu. Brón, greann, áthas, sonas is grá, agus na h-eachtraí eile uilig fite-fuaite fríd an leabhar. A scéal féin óna bhéal féin... Clúdach: - 2019.01 - 188lgh -
Dochtúirí an Dóchais
Colm Ó Sé
Stair Acadamh na Lianna 1968-2018. Is cúis cheiliúrtha agus bród d'Acadamh na Lianna go bhfuil an leathchéad bainte amach aige. Tá an cuntas seo bunaithe ar litreacha ar nuachtáin agus miontuairiscí na gcruinnithe uilig agus é maisithe le h-íomhánna agus grianghrafanna ó síos tríd na blianta san. Is bun agus barr an scéil seo ná nach mbíonn cur amach ag na mic-léinn ar Acadamh na Lianna: dá mbeadh, bheidís ina mbaill, lán d'ídéalachas. Clúdach: Asclepius, dia an leighis - 2019.09 - 304lgh -
Ar Áit na mBonn
Seán Ó Leocháin
Trinsiúr Dánta le Dánta Nua. Cnuasach fairsing filíocht sa leabhar seo. Breis le 90 dán ina bhfuil samhlaíocht na h-aislinge agus cuir síos chliste ar nithiúlacht na linne. Tairgeann an t-údar léiriúchán speisialta don léitheoir, ar an stair, an chultúr, an nádúr agus an daonnacht. Scríofa i modh an-soléite, fileata, agus taitneamhach. Tá dán anseo aige ar Brexit fiú. Clúdach le: Eva Gonzalès - 2019.05 - 100lgh -
Scríbhneoirí Cois Teorann 4
Eag: Seosamh Ó Muirí
Filíocht, aistí, gearrscéalta & prós. Cúpla scéal sa Catalóinis agus Almainis. Údair: Pat Kearney, Sorcha Fox, Colum Mac Giolla Fhiontáin, Matthew Boardwell, Diarmuid Mac Conmhaoil, Nora Mac Gillen, Brian Ó Súilleabháin, Seosamh Mac Suibhne, Ruth Smith, Arlene Ní Chonbhuí, Pádraig Ó Cuinneagán, Proinsias Ó Duigneáin, Séamus Ó hUltacháin, Séamus Ó Direáin, Deirdre Ní Mhaonaigh, Rossa Ó Snodaigh agus Muintir Uí Chonaill . Clúdach: - 2019.08 - 208lgh -
Eala Oíche
Eibhlís Carcione
Cnuasach filíochta. 45+ dánta gleoite. Faisnéis fonnmhar ar ríúlacht agus gléigile na nádúr. Léargas lánbheatha ar aoibhneas agus iontas an tsaoil. Tá anamúlacht ar leith ag rith tríd na dánta, msh: Crith Talún, Samhradh is Beacha, An Tine Cnámh, agus doilbhe na cuimhne le h-aireachtáil i ndánta eile ar nós: An Bhearaic i nDúras, An Treibh,Miontúir Aleppo. Is fairsing iad na mothúcháin atá ionntu. Clúdach le: Valerie Seery- 2019.04 - 58lgh -
Bean an tSidheáin
Máirín Bheartla Sheáin Ó Cualáin
Curtha i láthair dúinn ag Pádraig Ó Cíobháin. Tá an tSidheán nach mór míle soir ó shráidbhaile an Spidéal i gContae na Gailimhe. Is ann a rugadh agus a tógadh an t-údar: iníon File an tSídheáin - Beartla Sheáin Ó Cualáin. Ní h-aon ionadh gur bhris féith na filíochta amach inti ag fás aníos. Sa leabhar seo tá cnuasach breá fairsing dá fhilíocht le blaiseadh, móide cupla scéilín glic a chuirfidh meangadh ar d'éadan. . . Clúdach: Pádraig Ó Cíobháin - 2019.06 - 128lgh -
Ré na nÚll
Máire Ní Bhriain
Mingle Mangle agus Gallamaulfrey. Cnuasach filíochta. 35 dánta fonnmhara. Cuireadh roinnt de na dánta anseo ar an ngearrliosta le h-aghaidh Duais Fhoras na Gaeilge 2017 & 2018 le linn Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail. Bhuaigh an dán Blas, an duais sin amach i 2017.. Clúdach: Painéal ón Ros Tapestry - 2019.18 - 62lgh -
Saol Corrach
Eag: Aindrias Ó Cathasaigh
Éire i mbun réabhlóide. Ó 1912 ar aghaidh chuaigh Éire trí frithghníomh, cogadh, éirí amach, cogadh saoirse, agus cogadh cathartha. Anois, i bhfoirm cló, 3 cainteoirí a labhair i gCaisleán BÁC, 7ú D. Fómh. 2018. Róisín Ní Ghairbhí - An Gaeilge & Cúrsaí Ealaíne 1906-1916, Aengus Ó Snodaigh - Na Páipéir Ballóide Nollaig 1918, Cormac Ó Comhraí - An Réabhlóid & An Gaeilge: Ceisteanna le freagairt... Clúdach: - 2019.21 - 100lgh -
Úrscéal stairiúil. Seo scéal Trevor Acton, Sáirsint sa Sherwood Foresters. Fear suntasach iospartach agus laoch. Scéal a coimeádadh faoi rún ar feadh 100bl i nOifig na dTaifead Poiblí i Kew agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i Whitehall. Bainnean a bhfuil anseo le h-eachtra a tharla Déardaoin 4ú Bealtaine 1916 agus an baint thaismeach a bhí ag Trevor Acton le hÉirí Amach na Cásca 1916. Clúdach: Valeirie Seery - 2019.22 - 228lgh -
Athchuairt
Seosamh Ó Murchú
Bailiúchán de breis agus caoga dán insan dara chnuasach ón údar seo. Saothair pearsanta iad atá fréamhaithe sa nádúr, an timpeallacht, laistigh is lasmuigh, thuas seal is thíos seal. Dánta ar nós Athchuairt ar Fukushima, nó Ispíní le hÉirí Gréine "Níor cheart iad a ithe, Ach anois is arís". Tá fiú dán ar na Moonies - "Agus iad ag meigeallaigh leis an ré" Tá léirmheas ann le léamh - déan do clic ar clé. . Clúdach: - 2019.14 - 86lgh -
An Buchafé
Isobel Ní Riain
Úrscéal. Beirt i mbun gnó i siopa leabhar nua (An Buchafé) atá mar ábhar an leabhar seo; beirt rí-spéisiúil iad. Ali ón Ailgéir agus Nóra ó Cois Laoi Café ar thaobh amháin - Siopa Leabhar ar an taobh eile. Na constaicí rompu ag oscailt gnó nua agus na h-eachtraí uilig a lean. Le greann agus gruamacht, tá an scéal suite i gCorcaigh . Clúdach: Pic Isobel Ní Riain - 2019.20 - 102lgh -
Scáil an Scéil
Mícheál Ó Siochrú
Céad bliain ó shin, nach mór, chaith Séamus Ó Duilearga na blianta, i dteannta an seanchaí Seán Ó Conaill (Cill Rialaigh), ag cuir snas ar a chuid Gaeilge. Mar thoradh ar sin foilsíodh Leabhar Sheáin Uí Chonaill: ceann de na bailiúcháin béaloideasa ba théagartha riamh. Chum an t-údar na 65 dánta seo tar éis turas tríd an éacht liteartha sin. Gach ceann acu spreagtha ag scéal nó smut de scéal ón leabhar. Clúdach: Valerie Seery - 2019.19 - 96lgh -
An Oíche ar Bheophianadh
Deirdre Brennan
Cnuasach filíochta eile ó sár-fhile Cheatharlach. Leath chéad dán agus gach ceann acu mar sheoid ar leith ann féin. Scríofa le liriceacht liteartha an liriceora tá na véarsaí ann á seinm os ard don léitheoir i bhfoisceacht na meanman samhalta. An Teach Balbh, Labhraíonn na Clocha, Charlotte Bronte is a múinteoir Monsieur Héger. Dorchlaí Saothair eile uaithi: 1.2.3.4.5.6. Clúdach: Haná Mašová - 2019.15 - 56lgh -
Léiriú Socheolaíochtúil ar Litríocht an Bhlascaoid
Isobel Ní Riain
Sa leabhar seo déantar anailís ar ghnéithe áirithe den litríocht a tháinig ón mBlascaod Mór. Beifear ag féachaint ar shaothair, Tomás Ó Criomthain, Peig Sayers, Eibhlín Ní Shúilleabháin, agus Muiris Ó Súilleabháin. "Chuir mé romham roinnt teoiricí de chuid na socheolaíochta a chur i bhfeidhm ar an litríocht a chum lucht an Oileáin seachas cuntas cuimsitheach a thabhairt ar a bhfuil ráite faoin saol a bhí á chaitheamh san Oileán." - An tÚdar. Clúdach: - 2019.16 - 186lgh -
Ag Marú Maicréal
Catherine Foley
Cnuasach filíochta. Triocha trí dán ag léiriú rathúlacht na nathanna; iad éadrom, sruthach, meidhreach agus mín. Tá bior an tsuáilcis aimsithe ag an t-údar. Seo an deis aici anois é a roinnt i leabhar agus léitheoireacht suaimhneach a mhealladh ort le dánta ar nós: An Mairnéalach, Iascaire Focal, Uisce Coisricthe agus a lán eile. Tá blúirí ealaíona dá gcuid féin, maisithe tríd an leabhrán aoibhinn seo chomh maith. Clúdach: RoseAnn Foley - 2019.28 - 62lgh -
Logainmneacha & An Cuimhne
Isobel ní Riain
Déantar plé ar an logainmnaíocht agus ar an nasc idir logainm agus caidreamh an duine. Tá trí áit i gceist, sean-Bhóthar Eochaille, Fearann an Rí agus An tOileán Beag. Tá na logainmneacha bailithe agus ar léarscáil. Téann tábhacht na h-áite siar i dtraidisiún na Gaeilge. Beidh an léargas a thugtar anseo ar thábhacht na h-áite mar choincheap tábhachtach agus suimiúil do lucht léite na Gaeilge trí chéile. Clúdach: - 2019.13 - 164lgh -
Bailiúchán de scéalta ó bhéaloideas na Seapáine a chruinnigh Patrick Lafcaido Hearn thart ar 1890. Leaganacha Gaeilge le Pádraig Mac Cearáin. Clúdach: - 2019.12 - 204lgh -
Rianta Mhordáin
Paddy Mhéime Ó Súilleabháin
Dánta ó Fhile Mhordáin. Na scéalta i bhfoirm filíochta don chuid is mó, gona macallaí óna "shaol oibre thar 3 mhór-roinne". Rachaidh na dánta go mór i bhfeidhm ar an léitheoir tar éis dóibh na scéalta a chloisteáil. "Nach raibh taithí ar an saol ag teastáil ón bhfile?" (Conleth Ellis 1986). As Údair Machnaimh: "Tá scríbhínní greanta ar leaca snasta" Tá dánta Paddy Mhéimegreanta sa leabhrán snasta seo. Bíonn taithí ar an saol, lárnach, mar ionsparáid ina dhánta ! Clúdach: Simon Stewart - 2019.25 - 66lgh -
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar Credit Card Order Form
Click the Image Below
Ó Braonáin Abú
Seán Ua Cearnaigh
Úrscéal eachtrúil bríomhar. Corcaigh 1799. Níl an saol éasca do bhuachaillí mar Colm Ó Cionfhaola. Tá an tiarna talún Marlowe ag bagairt díshealbhú ar an gclann. Beidís gan teach, gan talamh. Tá ar Cholm an robálaí Liam Ó Braonáin a aimsiú chun teacht i gcaibhair orthu. Turas fada scanrúil atá roimhe gan trácht ar filleadh tríd taillte faoi stiúir gíománaigh agus saighdiúirí gallda. Clúdach: - 2019.29 - 156lgh -
Dealbh is Cosúlacht
Aist: Caitlín Ní Mhaoldomhnaigh
Cnuasach filíochta. Aistriúchán ar Image and Likeness le Brian V. Mooney. Clúdach le: Tara Booth Mooney- 2019.17 - 72lgh -
Dánta le Paul Celan
Isobel ní Riain
Cnuasach filíochta ón nGearmáinis aistrithe go Gaeilge. Tá na bun-leaganacha Gearmáinise ann chomh maith. Rugadh Paul Celan (1920-1970) i Chernivsti a bhí sa Rómáin agus atá sa Úcráin anois. Ba Giúdaigh a thuismitheoirí a dhaoradh chun bháis i gcampa Naitsíoch. Is féidir an brón a mhothaíotar sna dánta aige a thagairt siar dá thaithí féin le barbaracht na Naitsithe. Tá an dara cnuasach anseo. Clúdach: Wolfgang Oschatz (1960) - 2019.32 - 106lgh -
dúshláin agus réitigh . Clúdach: - 2019.31 - 156lgh -
Vivienne Baillie - An File
Leagan Gaeilge: Colm Ó Snodaigh
Gearrscéal an-taitneamhach. Clúdach: Charlotte de Perrot - 2019.33 - 40lgh -
Bliain na n-Iontas
Sylvia Bledow
Faoin bhliain 1989. B'iontach an bhliain í 1989. B'iontach an bhliain í 1989 don údar - gan dabht. Bhí 1989 chomh h-iontach sin go raibh uirthi leabhar a scríobh faoi, agus a tharla di. Seo idir eachtraí agus iontaisí, di féin, a clann, a cairde, san ospuidéal, sa bhaile sa Ghearmáin, leanbh nua, thar lear, ar saoire. Cín lae na bliana - Bliain milltineach - 50 bliain ó d'ionsaigh airm na Naitsithe an Phólain, an Eoraip ... Clúdach: Angelika Deffner - 2019.36 - 112lgh -
FÉILIRE 2020
Cliodna Cussen
Ceannaigh do chóip go luath! Tá an-éileamh orthu ... Maisithe go h-ealaíonta ag Áine Ní Chíobháin. Dánta na séisiúir laistigh, le dea mhian ó: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Mícheál Ó hAodha, Seosamh Ó Murchú, Deirdre Brennan, Colin Ryan agus Eibhlís Carcione. Féilire na bliana gur fiú a chrochadh ar an mballa. Clúdach: Áine Ní Chíobháin - 2019.34 - 16lgh -
Ceiliúradh an Bhlascaoid 23
Eag: Tomás L. Ó Murchú
Piaras Feiritéar (c. 1600 - 1652). Beatha agus Saothar. Cuir síos ar an ócáid féin agus na páipéir a tugadh ar bheatha agus saothar Phiarais Feiritéar le linn Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin 14-16 Meán Fómhair 2018. Tá saothair oilte sa leabhar ó chinn: Lorcán Ó Cinnéide, Pat Nelligan, Tríona Ní Shíocháin, Liam P. Ó Murchú, Mícheál Ó Mainín agus Éadaoin Ní Muircheartaigh.. Clúdach: - 2019.36 - 127lgh -
'feanadh go cnámh na brí'. Páipéar ócáideach 8 sa sraith An Aimsir Óg. "Tá aithne fairsing ar Phádraig Ó Snodaigh mar staraí agus mar fhoilsitheoir. Ach tá an 3ú agus an 4ú pearsa ann freisin: tá sé i measc na bhfilí is fearr agus is mó scóip agus tábhacht sa tír... Ní go dtí gur thug mé faoina shaothair uile a léamh go mion a thuig mé cad é an máistreacht teanga atá léirithe ag Pádraig Ó Snodaigh ..." Liam Prút (lch50) Clúdach: - 2019.43 - 174lgh -
Dóirse Dé
Peadar Bairéad
Insíonn an t-údar scéal a bheatha sa leabhar seo. . Clúdach: Valerie Seery - 2019.40 - 198lgh -
Romancero Gitano le Frederico García Lorca aistrithe go Gaeilge ag Theo Dorgan.. .. Clúdach: - 2019.49 - 174lgh -
Sliabh Dubh
Pádraig Mac Diarmada
Scéal ar baile dúchais mhuintir Sheáin Mac Diarmada. . Clúdach: An Sliabh Dubh - 2019.50 - 64lgh -
Comhar na gCarad
Mícheál Ó Laoghaire
Úrscéal ficsean. Clúdach: - 2019.39 - 174lgh -
Cuisle Chathrach
Gearóid de Briotún
Bailiúchán de nua-fhilíocht uirbeach atá lán le macallaí agus taibhsí saol na príomh-cathrach. Súil eile, le réim radharc na siosmaide, ar chuislí daoine na cathrach. Ag tosnú le Leaca Shráid Anraoi go Lorg na bpóg ar a muinéal ..... i stáisiún LUAS Choill na bhFeá. 'Comóradh' - An sean-uncail ó Éirí Amach na Cásca - an biorán lile taobh le taobh le bagairt úr ó Uisce Éireann. Fílíocht breá ón gcathair agus Súirí Sráide. Clúdach: Valerie Seery - 2019.42 - 42lgh -
Stór Focal don Fhoghlaimeoir Fásta
Isobel Ní Riain
Gaeilge Dháil Éireann 1919 - 1922. Bhuaigh an leabhar seo An Duais do Leabhar Taighde na Bliana 2019 ón gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Ní h-amháin sin ach bhuaigh sé An Chéad Duais sa chomórtas Saothar Próis i gComórtas Liteartha an Oireachtais don Scríbhneoir Fásta . Clúdach: - 2019.54 - 176lgh -
An tÚrscéal Iar-nua-aoisach sa Gheailge.. Clúdach: - 2019.53 - 210lgh - Crua
Laochra na hEolaíochta
Matt Hussey
Lámhleabhar (mór) ar stair éachtaí na h-eolaíochta. Léirithe i n-ocht rannóg ag tosú leis an réamhstair - fréamhacha na h-eolaíochta, na lua-teicneolaíochtaí go dtí 1300AD. 1300-1600 Sruth na hAthbheochana san Eoraip. 1600-1700 Tús an Réabhlóid Eolaíochta. 1700-1800 An Réabhlóid ag bailiú nirt. 1800-1900 Eolaíocht ag borradh. 1900 ar aghaidh - An Aois Nua. Ansin plé ar na teorannacha agus dúshláin atá le sárú. Clúdach le: Valerie Seery- 2019.51 - 492lgh - Crua
Úrscéal lonnaithe i Ráth Chathail, Contae Luimhigh ar imeall Sliabh Luachra ag an tráth céanna le h-éirí amach Captain Rock agus tús ré Dhónaill Uí Chonaill .. .. Clúdach: C. Ó Snodaigh - 2019.47 - 99lgh -
Dearbhuithe Dearfacha
Tiarnán Ó Ruairc
Bailiúchán nathanna dearfach. Más i n-ísle brí atá tú, dubhachas nó lagar spride do choimeád síos. Is é seo an leabhar duitse. Líonta le dearbhuithe dearfacha dírithe ort féin le meon dearfach a chothú mar cosaint ón domhan diúltach lasmuigh. Clúdach: - 2019.56 - 108lgh -
Úrscéal eipiceach a scríobhadh siar i 1916. D'aistrigh Niall Ó Dónaill go Gaeilge é i 1935. Tá cóiriú nua ar an aistriúchán déanta anseo ag Mícheál Mac Giolla Easbuig. Clúdach: Catherine Lyons - 2019.57 - 224lgh -